Jump to content

Leica Camera AG

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaLeica Camera AG

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósErnst Leitz senior (en) Aistrigh agus ceamara Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgnó
cuideachta phoiblí
camera manufacturer (en) Aistrigh
fiontar
comhlacht teicneolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíAktiengesellschaft Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1869, Wetzlar Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Ernst Leitz senior (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgeceamara, ionstraim optúil, raonaimsitheoir, déshúileach, ceamara frithchaithimh aonlionsa, photographic film (en) Aistrigh, aip shoghluaiste, teilgeoir, ceamara digiteach agus wristwatch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deWi-Fi Alliance
Content Authenticity Initiative (en) Aistrigh
German Society for Photography (en) Aistrigh
L-Mount Alliance (en) Aistrigh
SM
Photoindustrie-Verband (en) Aistrigh
SPECTARIS Deutscher Industrieverband für Optik, Photonik, Analysen- und Medizintechnik e.V. Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(FWB LCA1) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe2,300 (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán596 M€ (2025) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinleica-camera.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: LeicaCamera X: leica_camera Instagram: leica_camera Threads: leica_camera Youtube: UCVmgQawOcdeA9v9o0aukV7A Vimeo: leicacamera Pinterest: leicacamera TikTok: leica_camera_official Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht Gearmáineach é Leica Camera AG a dhéanann ceamaraí, lionsaí grianghrafadóireachta, déshúiligh agus trealamh optúil eile. Tá a cheanncheathrú i Wetzlar, sa Ghearmáin. D’athraigh an comhlacht saol na grianghrafadóireachta go hiomlán sa bhliain 1925 nuair a chuir sé an chéad mhioncheamara tráchtála ar an margadh.

Ernst Leitz circa 1910
Oskar Barnack, 1936
Leica I Sn.5193 1927
Leica M (Typ 262) agus lionsa 28mm Elmarit

Bhunaigh Ernst Leitz an comhlacht i 1869 i Wetzlar sa Ghearmáin, faoin ainm Ernst Leitz-Optische Werke-Wetzlar. Ar dtús, dhéantaí gloiní agus teileascóip ann a raibh cáil orthu as a gcáilíocht. Tagann an t-ainm Leica ó shloinne an bhunaitheora agus ón bhfocal camera: Leitz + camera.

I 1925 chuir an comhlacht an chéad mhioncheamara amach le scannán pollta, 35 mm ar leithead — an Leica I. Glacadh go forleathan leis an bhfoirm seo, le scannán pacáilte i gcaiséad.[1] Bhí tionchar mór aige ar an ngrianghrafadóireacht ar fud an domhain.

Dhear Oskar Barnack an gléas optúil i lár na 1910í, agus ba é an sprioc a bhí aige ná ceamara beag iniompartha a chruthú a d’fhéadfaí a iompar go héasca i bpóca. Roimhe sin, bhí trealamh trom míchompordach de dhíth ar ghrianghrafadóirí. Mar gheall ar an gcóras nua seo, bhí iriseoirí agus ealaíontóirí in ann grianghraif a thógáil go tapa agus go tobann i lár an aicsin.

Thug an ceamara Leica iniompartha, a tháinig chun cinn sna 1920idí deis níos fearr do ghrianghrafadóirí iniúchadh a dhéanamh ar an domhan ina dtimpeall. Rinneadh imeachtaí a thaifead go tapa agus foilsíodh iad mar scéalta grianghraf i nuachtáin agus irisí, ar nós, Picture Post agus Life. Cuireadh spéis ollmhór iontu seo.[2]

In 1986 d'athraigh an comhlacht a ainm go Leica agus bhog an mhonarcha ó Wetzlar go dtí an baile in aice láimhe, Solms. In 2014 d'fhill Leica ar Wetzlar, áit ar osclaíodh campas nua — Leitz Park — ina bhfuil an mhonarcha, an taighde agus ionad do chustaiméirí.

Déanann an comhlacht raon leathan táirgí optúla: ceamaraí den scoth, lionsaí grianghrafadóireachta, déshúiligh agus lionsaí súl. Tá an comhlacht aitheanta as feabhas a chuid lionsaí.

Tá comhpháirtíocht ag Leica le Panasonic maidir le ceamaraí Lumix, agus le roinnt cuideachtaí teileafóin, Huawei ina measc, a úsáideann dearadh optúil Leica ina gcuid gléasanna.

Cé go bhfuil fóin digiteacha ann anois, déanann Leica ceamaraí digiteacha den scoth (cosúil leis an tsraith Leica M) chomh maith le ceamaraí traidisiúnta do dhaoine gairmiúla agus do dhíograiseoirí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • An grianghrafadóir Bill Doyle. Rinne sé nasc leis an tírdhreach ina chuid oibre, ar thurais timpeall na hÉireann go minic, agus ceamara Leica ina lámh aige.[3]
  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
  2. Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "[https://web.archive.org/web/20240809042149/https://www.nationalgallery.ie/sites/default/files/2023-01/mean-abharthacht-draiocht-soc.pdf Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026-05-26.
  3. "Bill Doyle". Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2026-05-26.