Lee Kuan Yew

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lee Kuan Yew
Lee Kuan Yew.jpg
Member of the Parliament of Singapore (en) Aistrigh


Dúiche: Tanjong Pagar Group Representation Constituency (en) Aistrigh
Member of the Parliament of Singapore (en) Aistrigh

Márta 23, 2015
Dúiche: Tanjong Pagar Group Representation Constituency (en) Aistrigh
Prime Minister of Singapore (en) Aistrigh

Meitheamh 3, 1959 - Samhain 28, 1990
Lim Yew Hock - Goh Chok Tong
Member of the Dewan Rakyat (en) Aistrigh

Samhain 2, 1963 - Lúnasa 9, 1965
Senior Minister (en) Aistrigh

Samhain 28, 1990 - Lúnasa 11, 2004
Minister Mentor (en) Aistrigh

Lúnasa 12, 2004 - Bealtaine 20, 2011
Saol
Eolas breitheSingeapór, 16 Meán Fómhair 1923
NáisiúntachtSingeapór
Áit chónaitheSingapore General Hospital (en) Aistrigh
38 Oxley Road (en) Aistrigh
BásSingapore General Hospital (en) Aistrigh, 23 Márta 2015
Áit adhlacthaMandai Crematorium and Columbarium (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (niúmóine)
Muintir
AthairLee Chin Koon
MáthairChua Jim Neo
Céile/CéilíKwa Geok Choo  (Meán Fómhair 30, 1950 -  Deireadh Fómhair 2, 2010)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materFitzwilliam College (en) Aistrigh
Raffles Institution (en) Aistrigh
Ollscoil Náisiúnta Shingeapór
Ollscoil Cambridge
London School of Economics
Ollscoil Londan
TeangachaAn tSeapáinis
An Mhandairínis Chaighdeánach
Hokkien (en) Aistrigh
An Mhalaeis
An Tamailis
an Béarla
An tSínis
Gairm
Gairmfealsamh, dírbheathaisnéisí, dlíodóir, státaire agus polaiteoir
FostóiríOllscoil Cambridge
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinAgnóisí
Páirtithe polaitíochtaPeople's Action Party (en) Aistrigh
IMDbnm2285412

An chéad Phríomh-Aire ar Shingeapór ba ea Lee Kuan YewHarry LeeLKY (16 Meán Fómhair 192323 Márta 2015) agus an phríomhphearsa i bpolaitíocht na tíre sin sa 20ú haois.

circa 1932

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí sa dlí de chuid Ollscoil Cambridge, i gCumann Onórach Teampaill Láir a rinneadh abhcóide de sa bhliain 1950. D'fhill LKY ar Shingeapór agus bhí sé ag cleachtadh mar dhlíodóir ansin go ceann naoi mbliana.[1]

1965

Bhain LKY próifíl phoiblí amach mar dhuine den eite chlé trína chuid oibre ar son na gceardchumann agus ceardchumainn na mac léinn. Sa bhliain 1954 bhí sé i measc na ndaoine a bhunaigh Páirtí Ghníomhaíocht an Phobail, i gcomhar le ceardchumannaithe a bhí báúil le Páirtí Cumannach an Mhalae. Ina dhiaidh sin, bhris sé an ceangal a bhí aige leis an eite chlé den pháirtí agus bhain an rialtas úsáid as reachtaíocht slándála náisiúnta dhian ina n-éadan.[1]

Bhí LKY ina Phríomh-Aire ar Shingeapór ó mhí an Mheithimh 1959 ar aghaidh, ar feadh dhá bhliain (1963-65) mar chuid de Chónaidhm na Malaeisia agus ina dhiaidh sin mar cheann rialtais ar stáit neamhspleách.

Le linn na dtríocha bliain a raibh LKY i gcumhacht, bhí méid suntasach d'fhás eacnamaíoch agus de dhul chun cinn sóisialta ann, mar aon le rialuithe dochta ar neamhord eitneach féideartha nó treascairt pholaitiúil nó thionsclaíoch, mar atá sainithe ag PAP. I réimse an dlí, an ordaithe agus an cheartais, labhair Lee Kuan Yew go láidir i bhfabhar an phionóis chorptha agus mhéadaigh a rialtas an úsáid a baineadh as go mór.[1]

1975

Bhí LKY i bhfabhar phionós an bháis freisin, a leathnaíodh go roinnt mhaith coireanna atá bainteach le drugaí sa bhliain 1973. Cuireadh deireadh le triail le giúiré sa bhliain 1959, lasmuigh de chásanna báis, agus maidir leis na gcionta sin chomh maith deich mbliana ina dhiaidh sin; léirigh sé sin go díreach nach raibh muinín as giúiréithe aige, ar bhonn a thaithí mar dhlíodóir i gcleachtas.[1]

Cé gurb ionann, ar an iomlán, an bunús dlí foirmeálta atá leis an tsaoirse cainte i Singeapór agus sna tíortha eile de chuid thraidisiún an dlí choitinn, tá cáineadh idirnáisiúnta mór déanta ar cé chomh minic a bhíonn daoine mór le rá i PAP, amhail Lee Kuan Yew, ag cur an dlí ar a lucht cáinte trí chásanna leabhail rathúla.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Scoil Dlí, COBAC (2021). "Lee Kuan Yew". Dáta rochtana: 2022.