Jump to content

Leasríocht na n-Oileán Arú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLeasríocht na n-Oileán Arú

Suíomh
Map
 6° 12′ S, 134° 30′ E / 6.2°S,134.5°E / -6.2; 134.5
Stát ceannasachan Indinéis
Province of Indonesia (en) AistrighMaluku Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairDobo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán100,766 Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús12.36 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla8,152.42 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Arafura Cuir in eagar ar Wikidata
Airde41 m-49 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is grúpa de thart ar 95 oileán íseal ar na Molacaí in oirthear na hIndinéise í Leasríocht na n-Oileán Arú (Indinéisis: Kabupaten Kepulauan). Is cuid de leasríocht de chuid Chúige Mholocaí í agus tá achar talún de 6,426.77 km2 aici. Léirigh Daonáireamh 2011 go raibh daonra de 84,138 ag an leasríocht;[1] bhí daonra de 102,237 inti i nDaonáireamh 2020[2] agus ba é an meastachán oifigiúil i lár 2023 ná daonra de 108,834.[3] Tá roinnt foinsí den tuairim gur cuid den Áise é an t-oileánra agus measann foinsí eile gur cuid den Mheilinéis é.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léarscáil gheolaíoch na n-Oileán Arú

Is iad na hOileáin Arú an t-oileánra is faide soir i gCúige Mholocaí, agus tá siad suite i Muir Arafura ó dheas ó Phapua Thiar(cúige), an Nua-Ghuine agus ó thuaidh den Astráil. Tá achar níos mó ná 6,426.77 km2 ag na hoileáin. Is é Tanahbesar (ar a dtugtar Wokam freisin) an t-oileán is mó; tá Dobo, príomhchalafort na n-oileán suite ar an oileán Wamar atá lonnithe díreach in aice le Tanahbesar. Is iad Kola, Kobroor, Maikoor, Koba agus Trangan an cúig phríomh-oileán eile.[4] Éiríonn na príomhoileáin go cnoic ísle, agus iad scartha le sruthanna lúbacha. Murab ionann agus an chuid eile de na Molocaí, tá an t-oileánra ina chuid d'ilchríoch na hAigéine go geolaíoch, mar aon leis an Nua-Ghuine, an Tasmáin, Waigeo, agus Raja Ampat ar phláta na hAstráile.[5]

Tá meascán d'fhoraoisí leathanduilleacha taise trópaiceacha, sabhána agus mangróbh ag clúdach na n-Oileán Arú. Tá na hoileáin suite ar scairbh ilchríochach na hAigéine agus ceanglaíodh iad leis an Astráil agus leis an Nua-Ghuine ar talamh nuair a bhí leibhéil na farraige níos ísle le linn na n-oighearaoiseanna. Is cuid de ríocht na hAstraláise iad flóra agus fána na n-Oileán Arú agus tá dlúthbhaint acu leis an Nua-Ghuine. Tá na hOileáin Arú ina gcuid, mar aon le cuid mhór den Nua-Ghuine Thiar, d’éiciréigiún talún foraoisí báistí ísealchríche Vogelkop-Arú.

Mar chuid de dhílárú polaitiúil agus riaracháin na hIndinéise ó d’éirigh Suharto as i 1998, cruthaíodh na hOileáin Arú mar leasríocht ar leith (kabupaten) lena ceanncheathrú i nDobo ar an 18 Nollaig 2003, agus scaradh amach ó Leasríocht Mholocaí Thoir Theas iad.

1837 Léarscáil na nOileán gar do Mhuir Arafuru
1922 Léarscáil na nOileán gar do Mhuir Arafuru

Tá stair fhada ag na hOileáin Arú mar chuid de líonraí trádála fairsinge ar fud oirthear na hIndinéise. Bhí naisc réamhchoilíneachta an-láidir leis na hOileáin Banda agus thug trádálaithe Buigiseacha agus Macasaracha cuairteanna rialta freisin. Ní raibh an tsochaí thraidisiúnta ordlathach go baileach, toisc í a bheith bunaithe ar chlanna shliochtbhunaithe ina raibh dualgaisí fáilteachais agus comhoibrithe roinnte ag na baill. Roinneadh na pobail oileán seo ina dhá nasc deasghnátha ar a dtugtar Ursia agus Urlima, córas soch-pholaitiúil atá le fáil i go leor áiteanna de na Molocaí. Bhí comhghuaillíochtaí den tsórt sin ceangailte le gréasáin thrádála réamh-Eorpacha.[6]

Chonacthas na hoileáin agus b’fhéidir gur thug roinnt seoltóirí Portaingéalacha cuairt orthu, ar nós Martim Afonso de Melo i 1522–24, a chonaic na hoileáin agus a chaith an geimhreadh ar oileán in aice láimhe nó ar an oileánra Arú féin, agus b’fhéidir gur thug Gomes de Sequeira cuairt orthu i 1526, mar a shonraítear i gcartagrafaíocht an ama.[7] Chonaic an loingseoir Spáinneach Álvaro de Saavedra na hoileáin ar 12 Meitheamh 1528, agus é ag iarraidh filleadh ó Tidore go dtí an Spáinn Nua.[8]

Rinne na hOllannaigh coilíniú ar na hoileáin, ag tosú le conradh le sráidbhailte an chósta thiar i 1623, cé go raibh Comhlacht Ollanach na nIndiacha Thoir (VOC) ar cheann de roinnt grúpaí trádála sa cheantar ar dtús, nach raibh ach tionchar teoranta ar ghnóthaí inmheánacha na n-oileán aici.[9] Rinne bunaíocht an VOC sna hOileáin Bhanda monatóireacht ar na hOileáin Arú agus thug siad táirgí éagsúla lena n-áirítear trepang(cúcamar farraige inite, atá triomaithe agus leasaithe), éin pharthais, pearóidí, péarlaí, sago, blaoisc thurtar, agus sclábhaithe uathu. Bunaíodh post Ollannach ar Oileán Wokam sa bhliain 1659, agus tógadh dún beag ann ina dhiaidh sin. Thosaigh Ioslam agus Cailvíneachas ag fáil líon beag iompaitheach sna 1650idí. Bhí lasair sa bharrach i gceart ag deireadh na 18ú haoise ó thaobh mhíshástacht leis na monaplachtaí tráchtála a chuir an VOC i bhfeidhm de. Bhí tionchar ag éirí amach frith-Ollannach an Phrionsa Tidore Nuku (b. 1805), a bhuail go leor de na Molocaí, ar na hOileáin Arú fosta. Ghlac daonra Moslamach Oileán Ujir le deartháir Nuku, Jou Mangofa, mar rí orthu, dhíothaigh siad garastún na nOllanach sa bhliain 1787, agus bhí siad in ann smacht a fháil ar chodanna móra de na hoileáin. Tar éis theipeadh roinnt iarrachtaí, d'éirigh le hOllannaigh na nOileán Banda na reibiliúnaigh a chur faoi chois i 1791.[10] Mar sin féin, bhí siad cráite ag daonraí cósta san oirthear agus chuir idirghabháil na Breataine sna hIndiacha Thoir isteach ar a riail ar ghnóthaí Arú i ndiaidh 1795.[ lua ag teastáil ]

Tar éis cead a gcinn a thabhairt do na hoileáin ar feadh blianta fada, thug an t-oifigeach cabhlaigh Ollannach A.J. Bik cuairt ar n hOileáin Arú arís sa bhliain 1824 agus thug sé roinnt comhaontuithe i gcrích le taoisigh áitiúla.[11] Thug an nádúraí cáiliúil Alfred Russel Wallace cuairt ar na hoileáin a bhliain 1857. Thuig sé níos déanaí mar gheall ar an chuairt sin go gcaithfidh go raibh na hOileáin Arú agus mórthír na Nua-Ghuine ceangailte ar talamh le droichead talún le linn na hoighearaoise.[12]

Bhí Dobo, an baile is mó ar na hOileáin Arú, ina lárionad trádála réigiúnach tábhachtach go sealadach sa 19ú haois, nuair a bhí sé ina ionad coinní do thrádálaithe Ollannacha, Macasaracha, Síneacha agus eile nach iad. Bhí fhrithfhreagairt i gcoinne an tionchair sheachtraigh seo ag gluaiseacht spioradáltacht-bhunaithe i measc daoine áitiúla chun fáil réidh le coimhthígh ar na hoileáin sa tréimhse ó na 1880idí go dtí 1917.[lua ag teastáil]

Le linn a staire, d'onnmhairigh na hOileáin Arú só-tháirgí nádúrtha ar nós éin pharthais, blaoisc thurtair agus néamhann chuig an Áise agus chuig an Eoraip níos déanaí. Cé go raibh na hoileáin suite laistigh den ghréasán trádála domhanda, bhí an tsochaí áitiúil Arú in ann a neamhspleáchas agus a chothromaíochas a chaomhnú.[9]

Tá an fheirmeoireacht phéarla fós ina foinse mhór ioncaim do na hoileáin. Cáintear an tionscadal péarla Arú as a bheith ag cothabháil, mar a mhaítear sna meáin náisiúnta, struchtúir fiachais dúshaothraithe a cheanglaíonn na fir áitiúla a tumann le haghaidh péarlaí le húinéirí bád agus trádálaithe ón taobh amuigh i gcaidreamh neamhchothrom.[13]

I measc na dtáirgí onnmhairithe eile faightear sago, cnónna cócó, tobac, néamhann, trepang, blaoisc thurtair, agus plumaí éan parthais.

I mí na Samhna 2011, bhronn Rialtas na hIndinéise dhá chonradh táirgeachta roinnte ola agus gáis (CTR) thart ar 200 km siar ó na hOileáin Arú go BP. Clúdaíonn an dá CTRanna taiscéalaíochta, West Aru I agus II, atá amach ón chósta in aice láimhe achar timpeall 16,400 km2 le doimhneachtaí uisce idir 200 m go 2500 m. Tá sé beartaithe ag BP sonraí seismeacha a fháil thar an dá cheantar.[14][15]

Grianghraf d'áitritheoirí chósta thoir na nOileán Arú, a tógadh go déanach sa bhliain 1899 le linn Sluaíocht Siboga.

Bhí daonra 84,138 ar na hoileáin i nDaonáireamh 2011;[1] tháirg Daonáireamh 2021 daonra de 102,237 san iomlán,[2] agus ba é an meastachán oifigiúil i lár na bliana 2023 ná 108,834.[16] Is de shliocht mheasctha Astrainéiseach agus Papuach formhór na n-oileánach dúchasach. Tá ceithre theanga dhéag – Barakai, Batuley, Dobel, Karey, Koba, Kola, Kompane, Lola, Lorang, Manombai, Mariri, East Tarangan, West Tarangan, agus Ujir - ina dteangacha dúchasacha ar na hOileáin Arú. Baineann na teangacha sin leis na teangacha Láir Mhalae-Pholainéiseacha, agus baineann siad leis na teangacha eile de chuid na Molocaí, Nusa Tenggara, agus Thíomóir. Labhraítear an Mhalaeis Ambóinéiseach ar Wamar freisin. Is baill den fhine teanga Astrainéiseach iad go léir.

Is Críostaí iad formhór na ndaoine ar na hoileáin cé is moite den mhionlach beag Moslamach. Léirigh na figiúirí a luaigh Glenn Dolcemascolo don bhliain 1993 go raibh thart ar 90% ina bProtastúnach, 6% Caitliceach agus 4% Moslamach.[17] Moladh i dtuarascáil níos deireanaí ó 2007 go mb’fhéidir go mbaineann an figiúr de 4% Moslamach leis an daonra dúchasach amháin agus go bhféadfaí céatadán iarbhír na Moslamach a bheith i bhfad níos airde.[18]

Ceaptar gur tugadh an t-Ioslam isteach sna hoileáin go déanach sa 15ú haois.[18] Faoi thús na 17ú haoise, thuairiscigh roinnt Ollannach go raibh iompaigh maraithe Macasaracha cuid de mhuintir na háite ina Moslamach agus gur thóg siad moscanna.[19] Mar sin féin, níor ghlac sé fréamhacha ach i lár an 17ú haois, go príomha i gcríoch Ujir ar an taobh thiar.[20]

Thug na hÍsiltírigh an Chríostaíocht isteach sa 17ú agus san 18ú haois ach níor iompaigh formhór na ndaoine ina gCríostaíoch go dtí an 20ú haois.[18]

Faoin am ar cuireadh Daonáireamh 2010 i gcrích, roinneadh an leasríocht ina seacht gceantar (kecamatan), ach ó shin i leith cruthaíodh trí cinn sa bhreis trí roinnt na cinn a bhí ann cheana a roinnt arís. Leagtar na ceantair sin amach lena n-achair (in km2), a ndaonra i nDaonáireamh 2010[1] agus a ndaonra i nDaonáireamh 2020,[2] chomh maith le meastacháin oifigiúla ó lár na bliana 2023[3] i dtábla thíos. Áiríonn an tábla thíos láithreacha na n-ionad riaracháin ceantair, líon na sráidbhailte riaracháin i ngach ceantar (80 desa tuaithe agus 2 kelurahan uirbeach san iomlán), agus a chóid poist.

Kode
Wilayah
Ainm an
Cheantair
(kecamatan)
Ainm Gaeilge Achar
in
km2
Daonra
Daon'mh
2010
Daonra
Daon'mh
2020
Daonra
Measta
lár 2023
Ionad
riar.
Líon
na
Sráid.
Cód
Poist
81.07.01 Pulau-Pulau Aru (Aru Thiar Thuaidh) 907.39 36,604 49,020 52,104 Dobo 15 (a) 97662
81.07.04 Aru Utara Aru Thuaidh 531.28 11,529 6,195 6,426 Marlasi 12 97660
81.07.05 Aru Utara Timur Batuley Aru Thoir Thuaidh 304.78 (b) 4,365 4,969 Kobamar 9 97663
81.07.06 Sir-Sir 528.39 (b) 3,197 3,509 Leiting 9 97664
81.07.03 Aru Tengah Aru Láir 1,372.06 13,824 13,345 13,824 Benjina 22 97661
81.07.07 Aru Tengah Timur Aru Láir Thoir 659.75 4,315 4,914 5,013 Koijabi 13 97665
81.07.08 Aru Tengah Selatan Aru Láir Theas 295.113 5,086 5,994 6,148 Longgar 7 97669
81.07.02 Aru Selatan Aru Theas 833.12 8,694 7,497 8,207 Jerol 15 97667
81.07.10 Aru Selatan Utara Aru Theas Tuaisceartach 478.31 (c) 3,668 3,871 Tabarfane 7 97668
81.07.09 Aru Selatan Timur Aru Thoir Theas 516.58 4,714 4,039 4,763 Meror 10 97666
Iomláin 6,426.77 84,138 102,237 108,834 Dobo 119


Nótaí: (a) lena n-áirítear 2 kelurahan – Galai Dubu agus Siwa Lima. (b) tá daonra 2010 Cheantar Aru Utara Timur Batuley agus Cheantar Sir-Sir san áireamh san fhigiúr do Cheantar Aru Utara, ónar roinneadh iad. (c) tá daonra 2010 Cheantar Aru Selatan Utara sanáireamh sna figiúirí do na ceantair ónar roinneadh é.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Biro Pusat Statistik, Iacárta, 2011.
  2. 2.0 2.1 2.2 Badan Pusat Statistik, Iacárta, 2021.
  3. 3.0 3.1 Badan Pusat Statistik, Iacárta, 28 Feabhhra 2024, Kabupaten Kepulauan Aru Dalam Angka 2024 (Katalog-BPS 1102001.8107)
  4. Sue O'Connor, Matthew Spriggs, Peter Veth (Feabhra 2007). "The Archaeology of the Aru Islands, Eastern Indonesia" (as Béarla). Terra Australis 22. Canberra, An Astráil: ANU Press: ISBN 978-1-921313-04-2. doi:10.22459/ta22.2007. 
  5. Simpson (1977). "Too Many Lines; The Limits of the Oriental and Australian Zoogeographic Regions". Proceedings of the American Philosophical Society 121 (2): 107–120. American Philosophical Society. ISSN 0003049X. JSTOR 986523. Dáta rochtana: 2024-06-11. 
  6. A. Ross Gordon, Sonny A. Djonler (2019-10-25). "Oral traditions in cryptic song lyrics; Continuous cultural revitalization in Batuley". Wacana 20 (3): 400. doi:10.17510/wacana.v20i3.757. ISSN 2407-6899. 
  7. Paul H. Kratoska (2001). "South East Asia, Colonial History: Imperialism before 1800, Volume 1" (1): lgh. 52-56. Taylor & Francis. Dáta rochtana: 2 Aibreán 2023. 
  8. Donald D. Brand (1967). The Pacific Basin: A History of its Geographical Exploration The American Geographical Society, Nua Eabhrac, lch.121
  9. 9.0 9.1 Hägerdal (2020-04-19). "On the Margins of Colonialism: Contact Zones in the Aru Islands". The European Legacy 25 (5): 554–571. doi:10.1080/10848770.2020.1751965. ISSN 1084-8770. 
  10. Hans Hägerdal, Emilie Wellfelt (2019-10-31). "Tamalola; Transregional connectivities, Islam, and anti-colonialism on an Indonesian island". Wacana, Journal of the Humanities of Indonesia 20 (3). doi:10.17510/wacana.v20i3.802. ISSN 2407-6899. 
  11. A.J. Bik (1928). "Dagverhaal eener reis, gedaan in het jaar 1824 tot nadere verkenning der eilanden Kefing, Goram, Groot-, Klein Kei en de Aroe eilanden". Leiden: Sijthoff. 
  12. Alfred Russell Wallace (1 Nollaig 2008). "The Malay Archipelago Volume II. (of II.)" (as Béarla): Caibidil 30-33. Dáta rochtana: 15 Feabhra 2020. 
  13. Patricia Spyer (1997). "The eroticism of debt: pearl divers, traders, and sea wives in the Aru Islands, Eastern Indonesia" (as Béarla). American Ethnologist 24 (3): lgh. 515-538. 
  14. Offshore Energy Today Staff (21 Samhain 2011). "Indonesia: Government Awards Two Offshore PSCs to BP | Offshore Energy Today". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Aibreán 2016. Dáta rochtana: 22 Samhain 2011.
  15. The Scotsman (22 Samhain 2011). "BP clinches key Indonesian deals - The Scotsman". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Iúil 2019. Dáta rochtana: 22 Samhain 2011.
  16. Badan Pusat Statistik, Jakarta, 28 Feabhra 2024, Kabupaten Kepulauan Aru Dalam Angka 2024 (Katalog-BPS 1102001.8107)
  17. Glenn Dolcemascolo (1996). "Foreign Encounters In an Aruese Landscape" (as Béarla). Cakalele 7: lgh. 79-92. ISSN 1053-2285. 
  18. 18.0 18.1 18.2 O’Connor (2007), lch. 5
  19. Hägerdal (2020-04-19). "On the Margins of Colonialism: Contact Zones in the Aru Islands". The European Legacy 25 (5): 554–571. doi:10.1080/10848770.2020.1751965. ISSN 1084-8770. 
  20. Emilie Wellfelt, Sonny A. Djonler (17 Aibreán 2019). "Islam in Aru, Indonesia: Oral traditions and Islamisation processes from the early modern period to the present". Indonesia and the Malay World 47 (138): lgh. 160-183.