Leabhar Dubh Chaerfyrddin
Cuma
(Athsheolta ó Leabhar Dubh Caerfyrddin)
Ceann de na lámhscríbhinní Breatnaise is sine a mhaireann is ea Leabhar Dubh Chaerfyrddin nó Llyfr Du Caerfyrddin (lámhscríbhinn Pheniarth 1), a mheastar mar an bailiúchán is sine d’fhilíocht na Breataine Bige.[1] Lámhscríbhinn measartha beag atá ann, a scríobhadh ar phár uair éigin i lár an 13ú haois, b’fhéidir i bPrióireacht Ieuan (Gaeilge) Eoin an Soiscéalaí agus Naomh Teulyddog i mbaile Chaerfyrddin. Tá 39 dán agus téacs gearr próis amháin ann, ar 54 leathanach fóilió; 108 leathanach san iomlán (tá roinnt leathanaigh ar iarraidh). Coinnítear an lámhscríbhinn i Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, Aberystwyth, mar chuid de Lámhscríbhinní Pheniarth.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ GY Gwyddoniadur Cymraeg; Gwasg Prifysgol Cymru; Cyhoeddwyd 2008; tudalen577