Leabhar Buí Leacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Buí Leacáin
Cineállámhscríbhinn agus coidéacs Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaAn Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Bunábharveilleam Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobhadh Leabhar Buí Leacáin i ndeireadh na 14ú haoise. Caomhnaítear é anois mar TCD MS 1318 (olim H 2.16).[1] Cnuasach de chodanna é a rinne scríobhaithe difriúla agus a cuireadh le chéile ina dhiaidh sin. Bhí scoil filíochta ag Clann Mhic Fhir Bhisigh i dTír Fhiachrach Muaidhe (i gContae Shligigh), agus is cosúil go raibh ceann de na codanna i seilbh duine den mhuintir sin tráth. Scríobh Giolla Íosa mac Dhonnchadha Mhóir Mhic Fhir Bhisigh ceann eile timpeall na bliana 1392 d’Ó Dubhda Ua bhFiachrach. Bhí Leabhar Buí Leacáin ar na scríbhinní a bhailigh an scoláire Breatnach Edward Lhuyd.[2]

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an lámhscríbhinn scríofa ar veilleam agus tá 344 colún inti. Bhí na chéad 289 colún scríofa faoin mbliain 1391 agus an chuid eile faoin mbliain 1401.

Tá an mhórchuid den Rúraíocht inti agus cuid de Táin Bó Cúailnge. Cnuasach de dhá leagan ar a laghad is ea é siúd, rud is léir ó na heachtraithe dúblacha agus na tagairtí atá déanta do leaganacha eile. An téacs iomlán atá ann anois tá sé déanta de Táin Bó Cúailnge i Leabhar Buí Leacáin agus leagan neamhiomlán eile i Leabhar na hUidhre. Níl aon leagan de Oidheadh Fhearghusa Mhic Róich is síne ná an ceann i Leabhar Buí Leacáin. Tá codanna de Táin Bó Flidhais, scéal a bhaineann le hIorras i gContae MhaighEo, ann freisin.

Tá ábhar eile ann, mar atá leagan déanach de Iomramh Máel Dúin, díolaim tréanna, agus an tráchtas céanna ar ogham is atá le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta. Chomh maith leis sin tá Suidiugud Tellaich Temra ann agus scéal de chuid bheatha Phádraig ann faoi Thrífhulangaí Trí-eochair (Trefuilngid Tre-eochair), fathach a chuala faoi chrochadh Chríost roimh aon duine eile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Edward Lhuyd an leabhar ó Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh timpeall Mhárta 1700 ag an bPáirc sa Spidéal nó ó Dháithí Óg Ó Dubhda ag Muine Chonalláin i gContae Shligigh an bhliain chéanna. Bheadh an leabhar faighte acu siúd ón Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, éigeas ar chum agus ar chaomhnaigh a mhuintir an leabhar. Cheangail Lhuyd seacht lámhscríbhinn déag le chéile agus thug sé Leabhar Buí Leacáin orthu.

Scríobh Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh cuid de na lámhscríbhinní idir c.1398 and c.1417, agus ina measc tá roinnt de na téacsanna is tábhachtaí de ré na Sean-Ghaeilge agus de ré na Meán-Ghaeilge. Orthu sin tá an t-aon eagrán amháin de Táin Bó Cúailnge atá beaglach iomlán. Taispeánann dhá cholafan ó lámh Ghiolla Íosa gur scríobhadh iad sa bhliain 1392, cé go mb’fhéidir nár críochnaíodh an saothar go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin.[3]

Fuair Giolla Íosa cabhair ó mhac léinn leis, Murchadh Ó Cuindlis. Scríobh sé siúd lámhscríbhinn bhreá i rith 1398-99 atá ina cuid de Leabhar Buí Leacáin anois. Tomás Cam Mac Firbhisigh, mac Ghiolla Íosa, a scríobh Aided Nath Í, Togail Bruidne Dá Derga, Táin Bó Fraích, Longes mac nUislenn, Dá Brón Flatha Nime agus Mesca Ulad. Tá blúire den saothar scríofa ag Solamh Ó Droma, duine den triúr scríobhaithe a scríobh Leabhar Bhaile an Mhóta.

Tá sé maíte ag an Ollamh Tomás Ó Concheanainn gur tháinig cuid mhaith den ábhar i Leabhar Buí Leacáin ó Leabhar Ghleann Dá Locha agus ón Leabhar Laighneach.

Thóg Lhuyd an teideal ó nóta a rinne Ciothruadh Mac Fhirbhisigh: [Leab]ar an Buide Leacain anim an leabhair so; mise Cirruaidh mac Taidg Ruaidh.

Mioneolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tábla a leanas, feictear dhá chóras uimhrithe, de réir colúin (sa lámhscríbhinn) agus leathanaigh (san eagrán macasamhla). Ní ionann na teideal agus iad atá ann sa lámhscríbhinn (má tá ann), ach tugtar ina ionad sin teidil na bpríomh-athleaganacha.[n 1]

Colún Lch Téacs
1–2 436-7 Beatha Naomh Féichín Bhaile Fhobhair (blúirín 1)[4]
3–87 255, 283 Sanas Cormaic, téacs B
88–122 421-31 Sanas Uí Mhaoil Chonaire
123-4 432-3 Fóilió amháin le tosach Togail Bruidne Dá Derga
125-8 434-5 Beatha Naomh Féichín Fore (blúirín 2)[4]
128–216 361–404 Duanaire le Seanchan mac Maol Mhuire Ó Maoil Chonaire sa bhliain 1473. San áireamh: Aibidil Luigne maic Éremóin.
217 405 Cáin Domnaig
221 407 Regula Mochuta Raithin
224 ? De Céilí Dé.[5]
227, ln 8 410 Rapsóid ar an bhfáidh Éireannach, Bec mac Dé
228b (líne 17) 410 Apgitir Chrábaid (nath cainte)[6]
229a (líne 42) 411 Bríathra Flainn Fhína maic Ossu
233 413 Dán 96-líne luaite le Flann Fína
234 (líne 3) – 236 413b-414b Audacht Morainn, Scátháin na bhFlatha
236 414 Trecheng Breth Féne
244 418 Tech Midchuarta (dearadh agus cur síos).
245 419 Suidigud Tige Midchuarta (dán).
247 420 Cúr síos gearr ar an Dáréag Aspal
248 420 Dán luaite le Cormac mac Cuileannáin
249 284 Stair na nGiúdach ó Abrahám go Dáiví.
281–310 Cath Maige Rath (col 281-2 do léite). Cf: col 945-9.
310 313b-318b Aided Muirchertaig meic Erca
320 (líne 14) 318 Dán luaite le Colm Cille
321 319 Fled Dúin na nGéd
332 (line 45). 324 Chéad rann le Mac Liag, bard Bhriain Bóramha
333 325 Fianṡruth, liosta A
335 326 Cur síos ar bheatha Naoimh Cuimín Fota, agallamh aoi idir é agus Naomh Comgán (Mac Dá Cherda)
336 326 Paidir aoi le Naomh Maol Íosa Ó Brallacháin
336 (line 17) 326 Scúap Chrábaid, liodán luaite le Colcu ua Duinechda
Idir 336 agus 337 Blúire párpháipéir
338 (line 4) 327 Liodán as Gaeilge don Tríonóid Naofa (chéad líne as Laidin "O Deus Pater omnipotens, Deus exercituum, miserere nobis")
338b ln 4 327 Liosta d'ardeaspaig Ard Mhacha ó Naomh Pádraig go Giolla Mac Liag
338b ln 69 327 Cur síos gearr ginealaigh ar Chlann Bhreasail
339 328 Frithfolaid[7] ríg Caisil fri túatha Muman (céad athleagan).[8]
340 Dán luaite le Mo Ling, dar teideal Baile Moling (47 rann)[n 2]
341 329 Tochmarc Moméra
343 (líne 31) 331 Sleachta éagsúla:

1. Āille dōenib delb Gódha... (an chaoi a rinne Fionn mac Cumhaill síocháin idir Glangressach, ard-ollam Meic Miled, agus Sodelb ingen Cormaic);[9] 2. Aided Fergusa maic Roig (Fergus mac Róich); 3. teacht Silvii ó Ascanii chuig an Bhreatain.

344 (líne 31) 330 Cur síos ar chrainn cháiliúla a leagadh ag doineann sa bhliain 665.
344 (líne 54) 330 Beatha Naoimh Bhig mhic Dé.
345 (ff. 6) 331 Táin Bó Flidais (blúirín).
365-6 Cur síos gearr ar mháthair agus ar chúigear deirfiúracha Naoimh Phádraig
367-8 Doléite
tar éis 368 Litir cruthaithe isteach ag Thaddæus Roddy An Pháirc Thrasna sa bhliain 1700
370 Blúire 8 ff. Immram curaig Maíle Dúin. Ar ff. 380-1, feictear "buidhe Leacain ainm an leabhair so. Meisi Cirruaid mac Taidhg ruaidh."
391 (líne 16) 11 Imrum Snedhghusa ocus Mic Ríagla
395 (líne 37) 13 Immram Brain meic Febaill
397 (líne 8 ó bhun) Seanmóir
400 (líne 26) nó 399 (?) 16 Echtra Condla, cf: col. 914-5.
401 438–455 Blúire naoi ff. Dindsenchas Teamhrach (san áireamh Turim Tigi Temrach (col. 403)) agus Acla, go dtí [[|Sliabh Mairge|Slíab Mairge]].
437a-450 341-66 Tráchtas leighis (blúirín, 10 ff). Féach freisin col. 463, 465–6
477–86 454–7 Tráchtas leighis (blúirín); De semine animalium; De virihus animalium.
487-99 456-62 Gluais ar an seachtú leabhar de nathanna cainte le Hippocrates (2–59), luaite le Giolla Pádraig Albanach. Meascadh na fóilióí seo (col. 477–499) de thaisme ag an gceanglóir, agus cuireadh uimhriú na gcolún trína chéile sa bharr."
500 217 Leabhar Ollamhan, ina measc Auraicept na n-Éces, tráchtas ar Ogham, srl. (ff. 18 1/2), scríofa sa bhliain 1408.
549 241b-251b Immacallam in dá Thuarad.[10]
570-2 (252) Teagasc Críostaí, ag tosú le nathanna le Naomh Fursa; cf: col. 228.
573–958 Cuid den Leabhar, de réir cosúlachta
573–619 17 Táin Bó Cúailnge
620 41 Cúr síos ar ghaiscígh Ailealla agus Méabha
644 53 Táin Bó Dartada
646 Táin Bó Regamon
648 Táin bó Regamna
649 Táin Bó Fraích
658 60 Táin bó AingenEchtrae Nerai
662 62 Cur síos ar na Patrarcaí (SeanTiomna)
680 71 Amra Coluimcille, le Dallán Forgaill
690 74 a 31 Longes Labrada (Labraid Loingsech)
700 81 Seanmóir In Teanga Bithnua
705 81 Leanúint de In Teanga Bithnua (ceithre cholún)
707 86 Immram Snedhghusa acus mec Riaghla agus Eachtrae clerech Choluimcille (Colm Cille).[11] cf: leagan eile ag col. 391.
716 91 Togail Bruidne Dá Derga
Idir 731–2 Le linn saol Uí Dhonnabháin, cuireadh ceithre fóilió go dtí deireadh na leabhair, scéal Bhriain Bóramha ar ceann amháin acu.
740 105 Suidiugud Tellaich Temra (Áitriú)
749 (líne 20) 109 Longes mac n-Uislenn
754 112 Orgain Denna Ríg
756 (líne 47) 113 Esnada Tige Buchet
759 ln 5 105 Fled Bricrenn ocus Loinges mac nDuíl Dermait
765 s.f. 117 Tochmarc Becfola
768 ln 36 119 Fianṡruth, Liosta B
770b (líne 24) 120 Deascabháil Eineoc agus Éilias chun na bhflaitheas
772 (líne 40) 121 Scéalta faoi rí Dáiví
776 (líne 47) 123 Aided Con Roí (Cú Roí mac Dáire agus Bláthnat).
780 (líne 27) 125 Dán (78 rann) le Flannacán mac Cellaig, rí Brega
781 (líne 43) 125 Clesa Conculaind (Cú Chulainn)
782 (líne 126) 126 Tionól Druim Cet
783 (líne 44) 126b Aided Néill Nóigíallaig maic Echdach Muigmedoin
785 (líne 21) 127 Caoineadh (15 rann) ar bhás Néill Naoighiallaigh
786 128 Gein Branduib maic Echach ocus Aedáin maic Gabráin
786 (líne 46) 128a-132b Scéla Cano meic Gartnáin
795 132 Cuid de Cath Cairn Chonaill
795 (line 21) 133 Scéal faoi Naomh Colmán mac Duach agus Guaire Aidne mac Colmáin
797 ln 12 133 Scéal faoi Ghuaire, Mac Dá Cherda agus Cuimín Fota.
798 s.f. 134 Scéal faoi Mhac Dá Cherda mac Maele Ochtraigh
800 (líne 34) 135 Scéla Mongáin ocus Echdach Rígéicis , (Mongán mac Fiachna, Eochaid ardfhile Éireann agus Fiachnae mac Báetáin, rí Uladh; an fáth nach raibh clann uasal ag Mongán).
802 136 Scéalta faoi Beag mac Dé agus Diarmait mac Cerbaill
803 (líne 22) 136 Tiontú Chonstaintín agus Aimsiú na Croise
805 (líne 13) 137 Den chéad aoir a cumadh i nÉirinn ag Cairbre do Bhreas mac Ealadáin
806 (líne 7) 138 De rí Salemon na Gréige
807 (líne 8) 138 De dícheannadh Eoin Baiste agus dán maidir leis na ceathrar Héaród leis an bhfile, Bran
808 (líne 9) 139 Tréide Cétna Labratar iarna Genemain
810 (líne 40) 140 Cúr síos ar an Halla Cóisire ag Cnoc na Teamhrach, cf: col. 244.
811 (líne 23) 140 Dán maidir le mic Cormaic mhic Airt; nótaí gearra ar Naomh Pádraig
812–823 141 Páis Chríost
823 Soiscéal Nicodemus
839 (líne 19) 154 Seanmóir ar an Maighdean Bheannaithe
852-7 161-3 Agallamh Anama agus Coirp
857 fin. 163 An scríobhaí, Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh sa bhliain 1380.
858 164 Scéal faoi Cholm Cille agus Aodhán mac Gabráin
858 (line 23) 164 Teagaisc Ghréagóir na Róimhe
860 165 Beatha Ghréagóra
863 (líne 38) 166 Tegasc Rig Solmain meic Dáivi
869 (líne 9) 169 Seanmóir ar Micheál ardaingeal
869b 169 Dán (15 rann) agus cur síos ar na 17 iontas ar oíche bhreith Chríos
869c-d, 870–875 171 Aided Díarmata meic Cerbaill (Diarmait mac Cerbaill), prós agus rannta[n 3]
875 (líne 28) 174 Imirce na gCiarraige sna Connachta isteach Connaught
876 (líne 6) 175 Tochmarc Étaíne
877 (líne 28) 175 Fotha Catha Cnucha
878 (líne 47) 176 Seanscéal maidir leis an Dagda agus eile de Thuatha Dé Danann, dar le hAbb Aodh
880 177 Tochmarc Lúaine 7 Aided Athairne (Athairne)
885 (líne 26) 179b-180a Compert Conchobuir
886 (líne 48) 180 Geneamuin Chormaic Ua Chuind (Cormac mac Airt)
889 (líne 26) 181 Echtra Cormaic i Tír Tairngiri
898 (line 10) – 906 186 Aided Chrimthainn meic Fhidaig 7 Trí Mac Echach Muigmedóin (Crimthann mac Fidaig, Eochaid Mugmedón)
902 (líne 41) 188 Echtra mac n-Echach Muigmedóin
906 (líne 9) 190 Imtechta Moga Ruith (Mug Ruith)
907 190 Ceithre Sheod na dTuatha Dé Danann]].[12]
907 Scríobhaí Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh
908 191 Baile Findachta, Ríg Connacht.
909 (líne 12) 191b-192b Suidigud Tellaig na Cruachna, aitheanta fosta mar Aided Nath Í.[13]
910 (líne 4) 192 Dán luaite le Torna Éices, maidir le ríthe Éireann réamhChríostaí, adhlactha i Ráth Cruachan; ar reiligí i dTailtin
911 s.f. 192 Compert Mongáin
912 Scél asa mberar combad hé Find mac Cumaill Mongán[14] agus Aided Fhothaid Airgdig, cf: col. 953-4.
913 (líne 42) 193 Scél Mongáin
914 (líne 24) 194 Tucait Baile Mongáin
914 (líne 49) Echtra Condla, cf col. 399–400.
916 195 Scéal faoi Mac Liag, bard Bhriain Bóramha
917 s.f. 195 Scéal faoin bhfile, Flann mac Lonáin
919 (líne 31) 196 Dán
920 197 De seacht gcéim na mbard
938 (líne 11) 205 Aided [Lugdach] Meic Con (Mac Con)
939 (líne 8) 206 Cath Almaine
942 (líne 8) 207 Cath (Belaig) Duine Bolc[15]
945 s.f. 209 Cath Maige Rath (cf leagan níos faide ag col. 321–332)
949 (líne 40) 211 Ces Noínden Ulad
951 (líne 8) 212 Bruiden Átha Í (luath-scéal na Fiannaíochta)
951 (líne 34) 212 'Scéala Fiachna mac Baedáin, rí Alban' (Fiachna mac Baetáin)
952 Tucait Fagbála in Fesa do Finn 7 Marbad Cuil Duib
953 ln 38 213 Scél asa mberar combad hé Find mac Cumaill Mongán; Aided Fhothaid Airgdig, cf: col. 912.
955 214 Aided Óenfir Aífe
957 ln 12 214 Cáin Domnaig, cf col. 217.
  1. Liosta anseo dar le Abbott, T.K.; Gwynn, E.J., eds. (1921), Catalogue of the Irish manuscripts in the Library of Trinity College, pp. 94–110
  2. Feictear an dán fosta i § 6 de Vita Sancti Moling '. Deir Eoghan Ó Comhraí go dtéann an dán siar go dtí Diarmait Mac Murchada, ach roimh a dhíbirt, .i. 1137-1367 Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, 1860, pp. 420–1
  3. Wiley, Dan M., The Cycles of the Kings

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín (1979). Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar.
  • Ó Muraíle, Nollaig (1996). The Celebrated Antiquary, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600–1671): His Lineage, Life and Learning, ll. 16, 23. Maigh Nuad: An Sagart.
  • Ó Concheanainn, Tomás, ‘The manuscript tradition of two Middle Irish Leinster tales,’ Celtica xviii (1986), ll. 13–33.
  • —, ‘A personal reference by Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh,’ Celticia xviii (1986), lch. 34.
  • —, ‘The YBL fragment of Táin Bó Flidais,’ Celtica xiiii (1980), ll. 56–57.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Catalogue of Irish Manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin H.2.16 LS 1318
  2. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa, lch 106.
  3. Féach Ó Muraíle.
  4. 4.0 4.1 Stokes, Whitley, ed. (1891), "Life of St Féchín of Fore", Révue Celtique, 12: 318–353
  5. Reeves, William, ed. (1873), "On the Céli Dé, commonly called Culdees", Transactions of the Royal Irish Academy, 24
  6. Meyer, Kuno; Stern, L. Chr., eds. (1901), "Das Apgitir des Colmán maccu Béognae", Zeitschrift für celtische Philologie (in Gearmáinis and Gaeilge), 3: 447
  7. folud ar eDIL
  8. O'Keeffe, J.G. (1931), "Dál Caladbuig and reciprocal services between the kings of Cashel and various Munster states", Irish Texts, I: 19–21
  9. Hull, Vernam (1930), "How Finn made peace between Sodelb and Glangressach", Zeitschrift für celtische Philologie, 18: 422–4, doi:10.1515/zcph.1930.18.1.422, S2CID 162590101
  10. Stokes, Whitley, ed. (1905), "The Colloquy of the Two Sages", Revue Celtique, 26: 4–64
  11. Stokes, Whitley, ed. (1905), "The Adventure of St. Columba's Clerics", Revue Celtique, 26: 130–70
  12. Hull, Vernam (1930), "The four jewels of the Tuatha Dé Danann", Zeitschrift für celtische Philologie, 18 (1): 73–89, doi:10.1515/zcph.1930.18.1.73, S2CID 162561947
  13. Ferguson, Samuel (1879–1888), "On the legend of Dathi", Proceedings of the Royal Irish Academy, 2nd, 2: 167–184
  14. Scél asa mberar, eSenchas, Department of Anglo-saxon, Norse & Celtic, University of Cambridge
  15. Maniet, Albert (1953), "Cath Belaig Dúin Bolc", Éigse, 7: 95–111