Jump to content

Leabhar Breatnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Breatnach
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Saothar staire den 11ú haois scríofa as teangacha Gaelacha is ea an Leabhar Breathnach (Meán-Ghaeilge Lebor Bretnach), aitheanta uaireanta mar an Irish Nennius. Is aistriúchán é go hiondúil den saothar Historia Brittonum. D'fhéadfadh é gur tháinig an leabhar as an Alban, ach de ghnáth deirtear gurb é an file Éireannach Giolla Comáin é an t-údar.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear an Leabhar Breatnach i gcúig lámhach:

Is aistriúchán é Leabhar Breatnach den bailiúchán stairiúil as an 9ú haois, scríofa a deirtear ag Nennius, darb ainm Historia Brittonum, ach ní go iomlán litriúil. Níor tógadh ach ábhair Ghaelacha aitheanta cheana féin ag scoláirí as Éirinn agus as an Alban. I sleachta eile, tógadh ábhair ó shaothair amhail is Sex Aetates Mundi, Historia Ecclesiastica Gentis Anglorum le Bede, agus rí liosta Cruithneach.[2][3]

Údair agus dáta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndá lámhscríbhinn, H agus M, deirtear go ndearna translation is ascribed to the poet Giolla Comáin, file, (fl. 1071/2) an t-aistriúchán.[4][3] Séantar an smaoineamh seo anois, ámh.[4] Deir an staraí Thomas Owen Clancy nach raibh de rún ann ach tíolacadh a thabairt do Gjiolla Comáin.[3] Mhol Clancy freisin nach saothar Éireannach atá ann, ach ina ionad sin Albanach as Obar Neithich, cé gur scríobhadh é ar son lucht léitheoireachta Éireannach a raibh suim acu i stair na hAlban de bharr an ratha a bhain ríocht na hAlban amach.[5][6]

Creidtear gur scríobhadh Leabhair Breatnach i lár na 11ú haoise.[7][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dooley, Ann (2004), "Arthur of the Irish: A viable concept?", Arthurian Literature, 21: 9–28
  • Evans, Nicholas (2005), "Scottish influence", in Duffy, Sean (ed.), Medieval Ireland: An Encyclopedia, Londain: Routledge, pp. 699–700, ISBN 0415940524
  • Fitzpatrick-Matthews, Keith J. (2007–2015), "Lebor Bretnach", Historia Brittonum
  1. Todd 1848, p. viii.
  2. Dooley 2004, p. 13.
  3. 3.0 3.1 3.2 Fitzpatrick-Matthews 2007–2015.
  4. 4.0 4.1 4.2 Dooley 2004, p. 11.
  5. Evans 2005, p. 700.
  6. "Kings, Clerics and Chronicles in Scotland 500–1297: Essays in Honour of Marjorie Ogilvie Anderson on the Occasion of her Ninetieth Birthday" (2000): 87–107. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 
  7. Evans 2005, p. 11.