Laura Ní Cheallaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | eagarthóir scannán, stiúrthóir, léiritheoir scannáin |
| Fostóir | TG4 |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is stiúrthóir ábhair ag TG4 í Laura Ní Cheallaigh.[1] Tá sí ag obair mar léiritheoir, stiúrthóir agus eagarthóir coimisiúnaithe ar chláracha Gaeilge agus Béarla do TG4 agus do RTÉ ó 2000.[2][3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Laura Ní Cheallaigh céim céadonóracha amach sa Ghaeilge agus sa Stair ó Choláiste na Tríonóide, ard-dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil na Gaillimhe, dioplóma sa Cheannaireacht ó Fhoras Bainistíochta na hÉireann. Tá máistreacht aici freisin i gCumarsáid Pholaitíochta agus Phoiblí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
D'éirigh sí ina teagascóir meáin le Fiontar, Coláiste Phádraig, Coláiste Dhúlaigh agus le Gréasán na Meán.
Sna 2000idí, chaith sí seal san earnáil léiriúcháin neamhspleách agus leis an Rannóg Gaeilge in RTÉ.
Ó 2015 i leith bhí Laura Ní Cheallaigh ina heagarthóir coimisiúnaithe agus ceannacháin le TG4, agus í freagrach as straitéis agus roghnú ábhar an stáisiúin i réimsí ar nós fíorasach, siamsaíocht, ceol, na healaíona agus stair. I measc na gclár a stiúir sí tá Uchtú, Síle Seoige: Deireadh Tochta, Slí na mBeaglaoich, PEIG, Naíonra, Misneach, Marú inár Measc agus Junior Eurovision.
Tá gradaim buaite aici, lena n-áirítear cúig ghradam IFTA, ceithre ghradam Thorc na Meán Ceilteach, dhá ghradam Radharc agus duaiseanna chumarsáide an Oireachtais.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Laura Ní Cheallaigh ina cónaí i mBaile Átha Cliath lena fear chéile Enda agus a gclann Sadhbh & Diarmuid.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Laura Ní Cheallaigh steps up to Director of Content at TG4" (en-GB) (2026-02-09). Dáta rochtana: 2026-02-17.
- ↑ Eagarthóir (2026-02-13). "Laura Ní Cheallaigh ceaptha ina stiúrthóir abhair ag TG4" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-02-17.
- ↑ "Laura Ní Cheallaigh ceaptha ina Stiúrthóir Ábhair ag TG4 | Preasráiteas" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2026-02-17.