Laoghcheann mac Con Mealla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLaoghcheann mac Con Mealla
Beathaisnéis
Bás727 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínCú Chongelt mac Con Mella

Uí Chinnsealaigh de Síol Maoluír as deisceart na Laigean ba ea Laoghcheann mac Con Mealla (Sean-Ghaeilge Laidcnén[1] mac Con Mella) (bás 727).

Éogan Cáech mac Nath Í, beo sa 6ú haois cúig ghlúin roimhe féin, ba ea a shinsear deireanach a bhí ina rí Uí Chinnsealaigh. Fionnó Mhaoil Uidhre mhic Guaire, sinsear eapainmneach a mhuintir, ba ea Laoghcheann.[2]

Dar leis na ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach, tháinig Laoghcheann i gcomharbacht ar a dheartháir, Cú Chongheilt, agus go raibh réimeas deich mbliana aige.[3] Más fíor, bhí sé i réim ón mbliain 717 go dtí 727. Molann an staraí Mac Niocaill, ámh, gurbh ionann a dheartháir agus Cú Chongelt éigin luaite i tásc i nAnnála Uladh don bhliain 724.[4]

Chloígh a chéile comhraic as tuaisceart Laigean, Dúnchadh mac Murchadha (bás 728) Uí Dhúnlainge, ag Cath Mhaistean sa bhliain 727 agus maraíodh ann é.[5]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ladg, laogh, sneachta, ar eDIL
  2. Mac Niocaill, lch. 83, fig. 12; lch. 128, fig. 22 do ghinealach
  3. Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig
  4. Annála Uladh, AU 724.2
  5. AU 727.6