Laethanta na Bó Riabhaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tugtar Laethanta na Bó Riabhaí ar an dá lá deireanach den Mhárta agus an chéad-lá den Aibreán. Bítear ag súil le síon agus drochaimsir na cúpla lá seo.

An scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo an scéal: Bhí seanbhó riabhach ann agus do bhí sí go lom agus go tarraingthe tar éis an gheimhridh, agus é faighte go dóite aici ón drochaimsir. Ach an uair a bhí sé ag teannadh le deireadh an Mhárta, bí an-áthas ar an tseanbhó riabhach, an lá a bheith faighte ar an nGeimhreadh aici, agus dúirt sí leis an Márta a dhícheall a dhéanamh. Dhá lá den Mhárta a bhí gan chaitheamh, agu do shéid sé gaoth mhór agus sneachta, sioc agus báisteach an dá lá sin nó gur fhóbair go gceiliúrfadh an tseanbhó. Pé scéal é, ní foláir nó bhí sí righin, mar sheas sí amach an dá lá sin, agus bhí ardríméad uirthi an tAibreán do bheith chuici. Ach cad a rinne an Márta ach lá do lorg ar iasacht ón Aibreán, agus do lean an drochaimsear ar an triú lá, agus cailleadh an tseanbhó riabhach bhocht an lá sin leis an bhfuacht agus an anfa.

Leagan eile den scéal: Ó bhí an Márta caite rinne an tseanbhó riabhach gairdeas; "Lean ort a Mhárta." a deir sí, "tá an geimhridh curtha dhíom anois agam agus mairfidh mé bliain eile." Ní mó ná sásta a bhí an Márta leis an scéal seo, agus d'iarr sé trí lá ar iasacht ón Aibreán. Shéid gaoth an Mhárta go fuar feannaideach an chéad lá gur chuir sí an tseanbhó ar a glúine; ghéaraigh sé ar an bhfuacht an dara lá gur cuireadh an bhó go talamh; níor loic an Márta an tríú lá agus fágadh an bhó mín marbh mar a raibh sí.