Lacha earrfhada
Cuma
| Clangula hyemalis | |
|---|---|
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Réise sciathán | 0.71 m |
| Stádas caomhnaithe | |
| Leochaileach | |
| UICN | 22680427 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Anseriformes |
| Fine | Anatidae |
| Géineas | Clangula |
| Speiceas | Clangula hyemalis (Linnaeus, 1758) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Anas hyemalis |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
| Ceantair eindéimeacha | |



Is éan í an lacha earrfhada[1] (Clangula hyemalis). Is ball d'fhine na nAnatidae í agus an t-aon bhall den ghéineas Clangula.
Tá an lacha earrfhada dúchasach sna réigiúin thuaidh in Alasca, i gCeanada, san Eoraip agus sa Rúis. Bíonn a gnáthóga goir i locháin agus riascanna sna tundraí agus freisin feadh chóstaí na farraige agus na locha móra sna sléibhte. Tógann an lacha a nead ar an talamh in aice uisce. Tógann siad na neadacha as ábhar plandaí le clúmh mar líonáil. Éan imirceach atá inti.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Clangula hyemalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
| Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |