Jump to content

Labubu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLabubu
拉布布 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbranda Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agKasing Lung (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe2015 Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: labubuofficial Cuir in eagar ar Wikidata

Is bábóga beaga boga iad Labubu agus éadan plaisteach crua orthu. Tá siad sórt cosúil leis an déanamh atá ar na Teletubbies, nó ag dul siar níos faide arís, Na Monchichis. Is geall le heilfeanna beaga iad le dath pastalach orthu.

Ealaíontóir as Hong Cong, Kasing Lung, a chruthaigh na carachtair ina leabhar The Monsters a foilsíodh sa mbliain 2015. Thosaigh comhlacht mór bréagáin ón tSín, Pop Mart, ag déanamh na mbábóg ina dhiaidh sin agus á ndíol i mboscaí caocha, is é sin le rá nach bhfeictear cé acu ceann atá faighte agat nó go n-osclaítear an bosca.[1]

Sa bhliain 2025, bhí bábóga Labubu i measc na rudaí a ghabh na Coimisinéirí Ioncaim le deireanas i ruathair éagsúla a rinneadh i mBaile Átha Cliath, i lár tíre agus ag Europhort Ros Láir.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Bridget Bhreathnach (28 Lúnasa 2025). "DIALANN TUAIRISC: Cara pinn Tuairisc, bodhraithe ag caint CAO; an bhábóg Labubu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-28.