Líonra poiblí lasctheileafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Líonra comhghnásach teileafóin a sholáthraíonn údaráis phoiblí is comhlachtaí i gcomhair teileachumarsaíd gutha (PSTN i mBéarla). In úsáid ar feadh na mblianta freisin i gcomhair teileachumarsáid sonraí idir ríomhairí ach móideimí a bheith ag an dá chustaiméir.

Bhí de mhíbhuntáiste leis gur ghá íoc as an líne teileafóin ar feadh an ama a bheadh sí gafa, bíodh is nach mbeadh sonraí á dtarchur ach ar feadh giotaí beaga den am sin. Tá córais bunaithe ar lascadh paicéad tagtha chun cinn leis an míbhuntáiste seo a leigheas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Líonra poiblí lasctheileafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 412.