Líonra Smaragaide

Tá an Líonra Smaragaide[1][2][3] cruthaithe le Limistéir Leasa Caomhantais Speisialta chun flóra agus fána fiáin agus a ngnáthóga a chaomhnú. Bunaíodh é sa bhliain 1989 ag Comhairle na hEorpa mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bheirn), a tháining i réim ar an 1d Meitheamh 1982.
Tá an Coinbhinsiún Bheirn sínithe ag 46 ballstát Comhairle na hEorpa, i dteannta leis an Aontas Eorpach, Monacó, Buircíne Fasó, Maracó, an Túinéis agus an tSeineagáil. I measc tíortha sínithe a bhfuil stádas breathnóra acu, tá an Ailgéir, an Bhealarúis, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, Rinn Verde, an Suí Naofa, San Mairíne agus an Rúis.
Agus é ina shínitheoir an Choinbhinsiúin, chruthaigh an tAontas Eorpach an Treoir maidir le Gnáthóga sa bhliain 1992 agus faoi réir sin cuireadh an líonra Natura 2000 ar bun.
Tá tús curtha le forbairt an Líonra Smaragaide san Aifric, le treoirscéimeanna curtha ar bun i nBuircíne Fasó, i Maracó agus san tSeineagáil. D'fhéadfadh é go mbeidh an líonra sínte san Túinéis isteach, ar iarratas óna húdaráis náisiúnta ann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ballaí nó conairí daite
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Emerald Network Sites, Areas of Biodiversity Importance
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Emerald network of Areas of Special Conservation Interest". www.coe.int).
- ↑ "THE EMERALD NETWORK A tool for the protection of European natural habitats". rm.coe.int).
- ↑ "Glossary – Emerald Network". eea.europa.eu) (Nollaig 2005). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-17.