Léiritheacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é rud is léiritheacht ann ná an méid d'iarmhairt ghéine a fheictear i bhféinitíopa. Bíonn an ghéin iomlán léiritheach má bhíonn a hiarmhairt le feiceáil i ngach indibhid leis an ngéin, mar a tharlaíonn in abhcacht acondraplaisteach. Bíonn léiritheacht laghdaithe nuair nach mbíonn iarmhairt shofheicthe i gcuid de na hindibhidí a iompraíonn an ghéin, mar a tharlaíonn i mbracadactaile (giorracht mhínormálta sna méara láimhe is coise). Mar shampla eile, is féidir go gcuirfidh an ghéin don scléaróis thiúbrach tús le heipileipse, moilliú meabhrach agus gríos cnis i nduine ar leith, ach le gríos cnis amháin i nduine eile. Is cásanna iad seo de léiritheacht athraitheach nach eol cén fáth a dtarlaíonn sí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léiritheacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 406.