Léasar X-ghathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Arm a bhí á shaothrú mar chuid den Tionscnamh Cosanta Straitéisí de chuid na Stát Aontaithe chun diúracáin ionsaitheacha a phléascadh is iad fós go hard sa spéir. Is é a bhí i gceist ná pléascán núicléach a mhadhmadh ar dtús, rud a d'fhuinnmheodh leictreoin i mbarra cuí léasair, agus uaidh sin sholáthrófaí léas cumhachtach dírithe X-ghathanna. Léirigh Jorge Rocca is a chomhghleacaithe modh eile i 1994, léasair bíogtha iomadúla ísealfhuinnimh, nó díluchtuithe leictreacha, a úsáid chun léasarphlasma X-ghathach a fhuinnmhiú. Tá sé in ann léas comhtháite X-ghathanna le tonnfhaid timpeall 10 nm a chruthú i gcomhair micreascópachta X-ghathaí, agus holagram de chealla beo sa cholainn, mar shampla, a chruthú. Foinse X-ghathanna monacrómatacha atá réasúnta saor, ní hionann is sincreatóin atá i bhfad níos costasaí de bharr gur gá imbhuailteoir mór cáithníní chuige.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léasar X-ghathach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 401.