Léaráid Venn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, léaráid chun na gaolta idir tacair a léiriú, ceaptha ag an loighceoir Briotanach John Venn (1834-1923). Má tá tacar B ina fhothacar de thacar A, cuimsíonn an fhairsinge sa léaráid a sheasann don tacar A an fhairsinge a sheasann don tacar B go hiomlán. Má tá fairsinge ar an léaráid chéanna a sheasann don tacar C is gach eilimint de go hiomlán taobh amuigh den fhairsinge a sheasann don tacar A, is tacair scartha iad tacar A is tacar C.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léaráid Venn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 697.