Lándorchú Ibéarach, 2025
| ||||
Cineál | power outage (en) ![]() tarlú ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 28 Aibreán 2025 (12:32. Am Lár na hEorpa) ![]() | |||
Suíomh | Leithinis na hIbéire ![]() | |||
Tír | an Spáinn, an Phortaingéil, Andóra agus an Fhrainc ![]() | |||
Cúis | luach anaithnid ![]() | |||
Is cúis le | staid éigeandála ![]() | |||
Líon básanna | 5 ![]() | |||
Theip ar an leictreachas sa Spáinn agus sa Phortaingéil, an lándorchú Ibéarach, ar an 28 Aibreán 2025, ag 12:33, am na háite.[1] Ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh ba ea an eachtra seo. Thit an tóin as an gcóras leictreach, rud nár tharla riamh sa Leithinis.




Staid éigeandála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaill an Spáinn 15 gigawatt i 5 shoicind ag 12:33. Tá córas leictreachais na Spáinne fite fuaite leis an gcóras sa Phoirtaingéil, mar sin nuair a chaill na Spáinnigh cumhacht tharla an rud céanna sa Phoirtaingéil.[2]
Bhí an Spáinn, an Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince ina gcíor thuathail. Fágadh thart ar 55 milliún duine gan leictreachas. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach.[3]
Fógraíodh staid éigeandála sa dá thír. Slógadh 15,000 Guardia Civil, agus póilíní cúltaca ar eagla go mbeadh siad de dhíth chun smacht a choinneáil. Bhí ospidéil fós in ann feidhmiú ach bhí siad ag brath ar ghineadóirí éigeandála.
Cuireadh thart ar 500 eitilt ar ceal agus bhí paisinéirí sáinnithe ar thraenacha. Ní raibh daoine in ann glaonna a chur, agus bhí aipeanna gutháin ag teacht agus ag imeacht thall is abhus.
Bhí cúrsaí spóirt, gnó agus rialtais ina gcíor thuathail. Bhí an Madrid Open ar siúl nuair a tharla an briseadh cumhachta agus cuireadh na cluichí ar athló. Sa Phortaingéil bhí díospóireacht le bheith idir Príomh-Aire na tíre, Luís Montenegro, agus Pedro Nuno Santos, ceannaire an fhreasúra, ach cuireadh ar ceal í mar ní raibh an chuid is mó den tír in ann í a fheiceáil ar an teilifís.
Fuair roinnt daoine bás de bharr an bhriste cumhachta. Sa Gháilís i dtuaisceart na Spáinne fuair clann iomlán, máthair, athair, agus mac, bás de bharr aonocsáid charbóin san árasán ina raibh siad. Creidtear gur tháinig an gás ó ghineadóir a bhí in úsáid acu agus iad gan leictreachas. I bpríomhchathair na Spáinne fuair bean bás i dtine a thosaigh de bharr coinnle a bhí lasta aici.
Tháinig an chumhacht ar ais go mall de réir a chéile, i dtús i dTír na mBascach agus i Maidrid. Faoi bhreacadh an lae an lá dár gcionn, tháinig an chumhacht ar ais go 99% den tír (ach bhí fós cur isteach ar sheirbhísí, go háirithe an córas traenach i Maidrid).[2]
Fuair an Spáinn tacaíocht ó údaráis na Fraince agus Mharacó. Ach bhí na hidirnascairí idir an Spáinn agus an Fhrainc an lag ag an am (cuireadh tús le idirnascaire níos cumhachtaí i mBá na Bioscáine i dtús 2025).[4]
Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl a fhios go díreach cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach na Spáinne, Thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta.
Dúirt Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sanchez, san oíche nach raibh na cúiseanna ar eolas agus go mbeadh sé go maith gan bheith ag tuairimíocht faoi go dtí go mbeadh na fíricí acu. Diúltaíodh gur cibearscéimhlitheoireacht a bhí ann.
Dúirt an comhlacht náisiúnta leictreachais sa Phortaingéil, REN (Redes Energéticas Nacionais, “líonraí náisiúnta fuinnimh”) dhá lá níos déanaí go raibh siad níos cóngaraí do bheith in ann a fháil amach cad iad na cúiseanna a bhí leis an gcliseadh. Dúirt siad gur tharla sé de bharr feiniméan atmaisféarach.
Chuir polaiteoirí an fhreasúra an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite.[3] Sin ráite, bhí úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfad níos mó i dtíortha eile timpeall an ama céanna, mar shampla sa Bheilg,[5] agus gan eachtra.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 2025 Iberian Peninsula blackout
- ↑ 2.0 2.1 Domhnall Mac Concharraige, (2025-05-02). "Gearradh cumhachta sa Spáinn agus sa Phóirtaingéil" (ga-IE). Eagrán #27 – An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-05-04.
- ↑ 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge (3 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-03.
- ↑ europa.eu (2025). "Project of Common Interest: Bay of Biscay Interconnector / Corridor: North-South electricity interconnections in Western Europe". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ The Brussels Times. "Solar panels met almost all electricity demand in Belgium on Sunday" (en). www.brusselstimes.com. Dáta rochtana: 2025-05-03.