Lánán doimhneachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaLánán doimhneachta
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Arm a úsáideann longa dromchlacha chun fomhuireáin a scriosadh. De réir cineáil, is umar lán d'ábhar pléascach é a chaitear sa bhfarraige ó dheireadh long chogaidh. Bíonn fiús brú-íogair san umar a mhaidhmeann ag doimhneacht ar leith. Ón dara cogadh domhanda, tá foirmeacha in úsáid a chaitear fad éigin chun tosaigh ar an long chogaidh. Ó na 1950idí, tá lánáin núicléacha doimhneachta ag cabhlaigh áirithe, atá in ann pléascadh díobhálach 1 km ar trastomhas a dhéanamh. Úsáidtear diúracán nó eitleán gan phíolóta chun lánán mar seo a lainseáil ag fad réasúnta sábháilte ón long chogaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lánán doimhneachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 394.