Lámhach pholaiteoirí Minnesota 2025
| ||||
| Cineál | spree shooting (en) iarracht ar fheallmharú feallmharú | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 14 Meitheamh 2025 | |||
| Suíomh | Brooklyn Park, Minnesota Champlin, Minnesota | |||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
| Íospartach | Melissa Hortman assassination victim (en) Yvette Hoffman íospartach lámhaigh, marthanóir John Hoffman assassination victim (en) Mark Hortman assassination victim (en) Gilbert Hortman peata, íospartach lámhaigh | |||
| Líon básanna | 2 | |||
| Líon gortaithe | 2 | |||
| Líon na marthanóirí | 2 | |||
| Déantóir na coire | Vance Boelter (feallmharfóir, shooter (en) | |||
Ar an 14 Meitheamh 2025, mharaigh Vance Boelter, tréadaí agus iar-shaighdiúir tuarastail, Seanadóir de chuid na nDaonlathach i Stát Minnesota agus a fear céile. Dhá lá níos déanaí, bhí Boelter cúisithe i mbeirt a mharú agus in iarracht beirt eile a mharú.[1]


Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I bhfad amach ar an eite dheis, bhí baint ag Boelter (tréadaí soiscéalach agus 57 bliain d'aois ag an am) le hinstitiúidí craobhscaoileadh creidimh. Saighdiúir tuarastail a bhí ann a chaith seal i nGaza agus san Afraic.[1]
Ar an 14 Meitheamh, d'fhág Boelter feithicil a bhí cosúil le feithicil póilíní os comhair tigh Hoffman, John Hoffman, Seanadóir de chuid na nDaonlathach i Stát Minnesota. Bhí liosta sa gcarr ag fear an ghunna de pholaiteoirí, Hoffman san áireamh. Chomh maith leis sin bhí 3 raidhfil AK-47 agus gunna láimhe aige.
Chuir Boelter 9 bpiléar i John Hoffman, agus 8 bpiléar ina bhean chéile, Yvette Hoffman (míorúilt a bhí ann gur tháinig siad slán; gortaithe go dona, tháinig biseach orthu ar ball).
Tamall níos déanaí, cúpla míle ó láthair an chéad ionsaí, mharaigh sé Melissa Hortmann, Seanadóir eile de chuid na nDaonlathach i Stát Minnesota agus a fear céile Mark Hortmann i mbruachbhaile Brooklyn Park i Minneapolis. Mharaigh sé madra an teaghlaigh chomh maith.
Bhíothas sa tóir ar Vance Boelter ar feadh dhá lá; rugadh air faoi dheireadh i bhfolach i gcoill. Cúisíodh é as beirt a dhúnmharú agus as iarracht a dhéanamh beirt eile a dhúnmharú. Cúisíodh é i ndúnmharú Melissa Hortmann agus i ndúnmharú a fir céile Mark Hortmann. Bhí sé cúisithe freisin i lámhach John Hoffman, agus a bhean chéile Yvette Hoffman.
Dúirt Gobharnóir an Stáit Tim Walz (Daonlathach) gur "dearcadh polaitiúil ba chionsiocair" leis an marú agus leis an iarracht ar mharú.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-06-16). "Fear gafa faoi Sheanadóir i Meiriceá agus a céile a dhúnmharú" (as ga-IE).
