Lámhach Tumbler Ridge, 2026
| ||||
| Cineál | oll-lámhach dúnmharú líonmhar lámhach scoile dúnmharú–féinmharú familicide (en) | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 10 Feabhra 2026 | |||
| Suíomh | Tumbler Ridge Secondary School, British Columbia (en) | |||
| Tír | Ceanada | |||
| Líon básanna | 9 (11 Feabhra 2026) | |||
| Líon gortaithe | 27 | |||
Maraíodh ochtar in ionsaí lámhaigh ar scoil Tumbler Ridge in iarthar Cheanada, ar an 10 Feabhra 2026, an oll-lámhach gunnaí is measa sa Cholóim Bhriotanach riamh,[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge, atá suite ag bun shléibhte na Rockies, tuairim is 120 ciliméadar siar ó dheas ó chathair Dawson Creek. Tá thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao.
Lamhaíodh seisear i meánscoil an bhaile. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona.
Ar dtús, d'eisigh na póilíní fógra faoi ghunnadóir "gníomhach". Faoi dheireadh aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Bhí sé á thuairisciú ar dtús ag na meáin i gCeanada gur "baineannach" an té a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh.
Jesse Van Rootselaar (4 Lúnasa 2007 – 10, Feabhra 2026) ba ea an gunnadóir, fear trasinscneach. Lamhaigh sé ar dtús a mháthair agus a leathdheartháir agus ansin chuaigh sé go dtí a sheanscoil. Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag Jesse, agus a mháthair.
Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada.[2] Tá na dlíthe maidir le húinéireacht arm tine i gCeanada níos déine ná mar atá siad sna Stáit Aontaithe ach tá cead ag saoránaigh gunna a bheith acu fad is atá ceadúnas acu.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scott Oser, Ollamh Fisice i Vancouver (2026-02-12). "RnaG / Tús Áite: An sléacht i Tumbler Ridge, Ceanada" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-02-21.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (14 Feabhra 2026). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-02-21.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-02-11). "Naonúr maraithe in ionsaí lámhaigh in iarthar Cheanada" (as ga-IE).
