Láidreachtaí, laigí, deiseanna, bagairtí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anailís LLDB, lena cheithre ghné i mbosca 2x2.

Is éard is Láidreachtaí, laigí, deiseanna, bagairtíLLDB (Béarla: strengths, weaknesses, opportunities, threats, nó SWOT) ann ná modh pleanála struchtúrtha le láidreachtaí, laigí, deiseanna, agus bagairtí a mheas i dtionscnamh nó i bhfiontar gnó. Is féidir anailís LLDB a dhéanamh ar tháirge, duine nó áit.

Aithnítear gur Albert Humphrey, a bhí i gceannas ar choinbhinsiún ag an Stanford Research Institute sna 1960dí agus 1970dí, a bhain úsáid as sonraíocht na gcomhlachtaí Fortune 500, a chum an modh anailíse seo.[1][2]

  • Láidreachtaí: gnéithe den ghnó nó den tionscnamh a thugann buntáiste dó i gcomórtas le cinn eile
  • Laigí: gnéithe den ghnó nó den tionscnamh a thugann míbhuntáiste dó i gcomórtas le cinn eile
  • Deiseanna: gnéithe seachtracha go bhféadfadh an tionscnamh leas dearfach a bhaint astu
  • Bagairtí: gnéithe seachtracha a bhféadfadh a bheith chun aimhleasa an tionscnaimh

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "SWOT Analysis for Management Consulting". SRI Alumni Newsletter. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-04. Dáta rochtana: 2013-01-11.
  2. "Albert Humphrey The "Father" of TAM".

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]