Jump to content

Lá i gCathú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá i gCathú
Cineállá saoire
lá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arLig Sinn i gCathú Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata

Lá i gCathú ina imeacht cheiliúrtha bhliantúil siúlóide, cainte agus ólacháin ar an úrscéal Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir. Ar Satharn amháin i mí Aibreáin, déantar comóradh i nGaillimh ar na heachtraí a thiteann amach san úrscéal agus tugtar cuairteanna ar ionaid a luaitear sa leabhar.

An t-úrscéal

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Lig Sinn i gCathú

Is i mBaile an Chaisil, baile bréige, a bhíonn na heachtraí seo ar siúl, ach is léir gur cathair na Gaillimhe atá i gceist i ndáiríre. Duine de shárscríbhneoirí na hÉireann ab ea Breandáin Ó hEithir. Foilsíodh a leabhar den chéad uair sa bhliain 1976, an t-aon leabhar Gaeilge a bhí riamh ag barr an liosta leabhar is mó díol, a mhaítear.

Tá an scéal suite le linn Sheachtain na Cásca 1949, an bhliain ar fógraíodh Éire ina poblacht is a d’fhág an tír an Comhlathas. Leanann muid mac léinn ollscoile, Máirtín Ó Méalóid, ar a chuid raimleála fad is atá an eachtra stairiúil seo ag titim amach sa gcúlra. Ag an am céanna, is tréimhse chinniúnach í seo i saol Mháirtín. An réiteoidh sé a chuid fadhbanna lena mhuintir, lena bhean is lena chuid staidéir? Nó an mbainfidh sé amach a neamhspleáchas féin, ar nós a thíre féin?

An ceiliúradh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gléasann rannpháirtithe an lae cheiliúrtha in éadaí na tréimhse agus tagann siad le chéile ag Cearnóg na hOllscoile, an áit a dtosaíonn an leabhar, siúlann siad ó láithreach go láithreach, ag ól piontaí agus ag léamh sleachta as an leabhar, agus iad ag leanúint léarscáile a tarraingíodh de Bhaile an Chaisil.

Bíonn an t-imeacht ann ar maidin Sathairn i mí Aibreáin. Is gnách go dtosaíonn siad i gcearnóg na hollscoile agus bíonn imeachtaí ar siúl san ollscoil féin ar uairibh, chomh maith le tithe tabhairne agus óstáin ar fud na cathrach. Blaistear de bhia agus de dheoch a luaitear sa leabhar: crúibíní, fuisce agus pórtar. Tá baint ag Club Leabhar Chois Fharraige leis an imeacht.

Comóradh 50 bliain ó foilsíodh an t-úrscéal sa bhliain 2026, an ceathrú huair a eagraíodh Lá i gCathú.

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]