Lá Idirnáisiúnta um Chaoinfhulaingt
Cuma
| Cineál | lá idirnáisiúnta | ||
|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | caoinfhulaingt | ||
| Comóireann sé | caoinfhulaingt | ||
| Bailíocht | 12 Nollaig 1996 - | ||
| Lá | 16 Samhain | ||
| Tréimhse | 1996 - | ||
| Eagraí | EOECNA | ||
| Suíomh gréasáin | unesco.org… | ||
| Haischlib | #ToleranceDay agus #TagDerToleranz | ||

Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta um Chaoinfhulaingt ar an 16 Samhain gach bliain.[1] Tá an fhéile curtha chun cinn ag EOECNA (Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe) chun an lamháltas, an meas, an comhphlé agus an comhar idir chultúir, sibhialtachtaí agus pobail dhifriúla a spreagadh.[2] Níl an bhoige ná an neamhshuim i gceist, ach an meas agus an urraim don ilghnéitheacht luachmhar a bhaineann le cultúir an domhain, le nósanna cainte agus leis an éagsúlacht dhaonna.
"... Tagaimid le chéile chun an chaoinfhulaingt a chosaint agus le seasamh go comhbhách le híobartaigh an fhoréigin, na coireachta fuatha agus an leithcheala ar fud an domhain", a dúirt an tUachtarán Ó hUiginn sa bhliain 2015.[3]

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ un.org. "Féilire". www.un.org. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Lá Idirnáisiúnta na Caoinfhulaingthe" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |