Jump to content

Lá Ceoil na Breataine Bige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Ceoil na Breataine Bige
Íomhá
Cineálféile cheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2013 - 
Tíran Bhreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinllyw.cymru… Cuir in eagar ar Wikidata
Lá Ceoil na Breataine Bige 2017 sa Chastle Emporium, Sráid na Bó Deirge (Stryd y Fuwch Goch / Womanby Street), Caerdydd

Is lá speisialta é Lá Ceoil na Breataine Bige (Breatnais: Dydd Miwsig Cymru, DMC) a reáchtáiltear gach bliain chun ceol na Breatnaise a chur chun cinn. Tionóladh an chéad DMC sa bhliain 2016.[1][2] D’fhéadfaí a áiteamh go mbeadh ‘Lá Ceoil na Breatnaise’ níos beaichte.

Tacaíonn Aonad na Breatnaise laistigh de Rialtas na Breataine Bige le cuid d'imeachtaí an Lae agus tugann siad maoiniú dóibh. Is é cuspóir an lae ná daoine a thaitníonn raidhse chineálacha ceoil chomhaimseartha a shásamh, ag taispeáint go bhfuil gach uile chineál ceoil ar fáil sa Bhreatnais.[3] Déantar iarracht lucht féachana nó meáin chumarsáide Béarla a fháil agus bheith tarraingteach dóibh,[4][5] agus d'fhoghlaimeoirí na Breatnaise.[6]

I measc na n-eagraíochtaí eile atá mar chuid den eagrú agus den chur chun cinn tá: Mentrau Iaith Cymru, Sŵn, BBC Horizons, Forté Project, Clwb Ifor Bach agus Big Fish Little Fish.[7]

Clwb Ifor Bach

Tionóladh an chéad Lá sa bhliain 2013. Ó shin i leith, tá réimse leathan ealaíontóirí Breatnaise páirteach sa cheiliúradh, ina measc; Mellt, Gwenno Saunders, The Gentle Good, Chroma, Adwaith, Candelas, Meic Stevens, Los Blancos, agus Alffa.[8]

Duine de phríomh-phoiblitheoirí an Lae is ea an láithreoir agus DJ Huw Stephens, a bhíonn ag craoladh ar BBC Radio 1. Déanann an ócáid iarracht ceol Breatnaise a chur i láthair i mBéarla.[9] Baintear úsáid as réaltaí Breatnaise agus ceoltóirí Breatnaise freisin ar nós an aisteoir Rhys Ifans[10] agus an t-aisteoir Ruth Jones.[11]

Déantar an lá a chur chun cinn ar roinnt bealaí:

  • Léirithe ceoil agus gigeanna beo, lena n-áirítear i scoileanna ar nós Scoil Glantaf, Caerdydd[12] Scoil Gyfun Llanhari[13] agus ionaid uirbeacha agus ionaid siopadóireachta.[14]
  • Uaslódáil agus roinnt an cheoil Bhreatnaise ar líne agus trí shruthú mar shampla ar Spotify de réir blas nó spéis sa cheoil.[15]
  • Comhráite, agallaimh agus cur i láthair ar cheol na Breatnaise.[16]
  • Amhráin agus agallaimh ar raidió agus teilifís na Breatnaise,[17] agus díriú ar mheáin chumarsáide an Bhéarla[18] sa bhreis ar an mBreatnais.[19]
  • Gníomhú trí líonra Mentrau Iaith Cymru chun gigeanna agus imeachtaí a eagrú i scoileanna agus i bpobail.
  1. https://www.youtube.com/watch?v=c_dIJfoM0C8
  2. "Poetry in motion - discover the language of Wales". www.visitwales.com (2 Aibreán 2013). Dáta rochtana: 3 Bealtaine 2019.
  3. https://llyw.cymru/dydd-miwsig-cymru
  4. https://www.youtube.com/watch?v=yuabXzcgzx8
  5. https://www.godisinthetvzine.co.uk/2019/02/08/playlist-dydd-miwsig-cymru-welsh-language-music-day-2019/
  6. https://dysgucymraeg.cymru/newyddion/dydd-miwsig-cymru/
  7. Mainwaring (9 February 2018). This is what's happening for Welsh Language Music Day”. walesonline. Dáta rochtana: 3 May 2019.
  8. Bartleet (1 February 2018). How to celebrate Welsh Language Music Day 2018 (en-US). NME. Dáta rochtana: 3 May 2019.
  9. https://www.youtube.com/watch?v=NHw-GmJGRpM
  10. https://www.youtube.com/watch?v=7l32UP5PoB4&list=PLo_vSnVxtcrBWKFFy-LbDzV4WAZGsAhxv&index=3
  11. copi archif”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-03. Dáta rochtana: 2021-09-03.
  12. https://www.youtube.com/watch?v=nXKXr-QDUbM
  13. https://www.youtube.com/watch?v=aMHlUF_1IDU&list=PLo_vSnVxtcrBWKFFy-LbDzV4WAZGsAhxv&index=10
  14. https://www.youtube.com/watch?v=caTMQ22W-PM&list=PLo_vSnVxtcrBWKFFy-LbDzV4WAZGsAhxv&index=1
  15. https://open.spotify.com/playlist/3eQWTVqtktAQ5ALltHFZcQ
  16. https://www.amam.cymru/miwsig/gwyl-dydd-miwsig-cymru-festival
  17. https://www.bbc.co.uk/programmes/m0002ctz
  18. https://www.youtube.com/watch?v=BlYLCAnZq9Q
  19. https://www.bbc.co.uk/programmes/articles/1H2VM7srjpXYkk2gkx6qJxz/5-ways-to-celebrate-dydd-miwsig-cymru-welsh-language-music-day-with-bbc-cymru-wales