LÉ Gobnait
| Longchlós | Tenix Defence (en) |
|---|---|
| Áit táirgthe | Whangārei (en) |
Tír chlárúcháin | |
| Stair | |
| Seoladh loinge | |
| Saintréithe teicniúla | |
| Cineál | patrol vessel (en) |
| Aicme | Lake-class patrol vessel (en) |
| Fad | 55 m |
| Tuilleadh eolais | |
| MMSI | 512157000 |
| Uimhir IMO | 9368510 |
| Comhartha glao | |
Is bád patróil de chuid an Lake-Class de chuid An tSeirbhís Chabhlaigh í an LÉ Gobnait (P72). Seoladh an soitheach mar HMNZS Pukaki sa bhliain 2008, agus bhí sí i seirbhís Chabhlach Ríoga na Nua-Shéalainne ó 2009 go 2019. I measc a phríomhdhualgas bhí patróil teorann agus cosanta iascaigh, faireachas, oibríochtaí bordála agus freagairt cuardaigh agus tarrthála. Díoladh í le hÉirinn sa bhliain 2022. In éineacht lena comhlong Rotoiti, athainmníodh an Pukaki agus coimisiúnaíodh í i seirbhís na hÉireann i Meán Fómhair 2024.
Seirbhís na Nua-Shéalainne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Coimisiúnaíodh Pukaki in 2009, agus ba í an tríú long den ainm seo a bhí i seirbhís i gCabhlach Ríoga na Nua-Shéalainne agus tá sí ainmnithe i ndiaidh Loch Pukaki.
Díchoimisiúnaíodh Pukaki ag Bunáit Chabhlaigh Devonport ar an 17 Deireadh Fómhair 2019. Mar thoradh ar athruithe rialála in 2012, cuireadh srianta oibriúcháin orthu maidir le luas agus staideanna farraige. Ina dhiaidh sin, mheas an RNZN nach raibh siad oiriúnach a thuilleadh do na farraigí troma a bhíonn le fáil de ghnáth amach ó chósta na Nua-Shéalainne agus níos faide i gcéin.[1]
Sa bhliain 2022, díoladh Pukaki, mar aon lena comhlong Rotoiti, le hÉirinn le húsáid ag An tSeirbhís Chabhlaigh.[2] Cheannaigh Roinn Cosanta na hÉireann an dá long ar €26m.
Seirbhís Éireannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iompraíodh Pukaki agus Rotoiti ón Nua-Shéalainn go hÉirinn ar an long iompair trom-ardaithe Happy Dynamic. Nuair a shroich siad Éirinn i mí na Bealtaine 2023,[3] seachadadh iad chuig bunáit chabhlaigh na hÉireann ag Inis Sionnach i gCuan Chorcaí áit ar athchóiríodh iad.
Athainmníodh Pukaki agus coimisiúnaíodh i seirbhís na hÉireann í, mar LÉ Gobnait i ndiaidh naomh Éireannach Gobnait, i Meán Fómhair 2024.[4][5] Tá an soitheach beartaithe go príomha le haghaidh patróil chosanta iascaigh i Muir Éireann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “New Zealand Navy retires two inshore patrol vessels” (en-US). Naval Today (17 October 2019). Dáta rochtana: 2019-10-17.
- ↑ Laffan (13 March 2022). “Government purchases two inshore patrol vessels from New Zealand in €26m investment”. Irish Examiner. Dáta rochtana: 16 March 2022.
- ↑ O'Connor (13 May 2023). “Two new Irish Naval vessels to arrive into Cork Harbour tomorrow”. The Journal.
- ↑ Dee (6 September 2024). “Irish Naval Service commissions two inshore patrol vessels”. janes.com. Dáta rochtana: 9 November 2024.
- ↑ “LÉ Gobnait, Patrol Vessel, IMO 9368510”. vesselfinder.com. Dáta rochtana: 9 November 2024. “History [..] 2024 [..] Ireland LE GOBNAIT [..] 2009 New Zealand PUKAKI (P 3568)”