L'Eliana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is baile meánmhéadach í L'Eliana a bhfuil suite in Oirthear na Spáinne, sa Chomphobal Valencia,[[1]], i gcúige Vaileins agus i gcomarca Camp del Túria (Gort an Turia). Ó 2015 i leith, is é Salva Torrent (PSOE) méara an bhaile.

Tá an baile lonnaithe ar an mótarbhealach CV-35 22km i dtreo thiar thuaidh ó chathair Vaileins [[2]] agus 16km ón phríomhbhaile an chomarca, Llíria.

Is baile bríomhar í, aitheanta ar fud an comarca le haghaidh a chuid bialainne, tithe tábhairne agus siopaí. Ar imeall an bhaile, ar an bóthar go dtí La Pobla de Vallbona, tá ionad siopadóireachta ann. "El Osito" is ainm dó. Ansin is féidir siopaí coitianta a aimsiú, chomh maith le ollmhargaidh Lidl agus Aldi.

Féilte áitiúla I rith mí Iúil tarlaíonn an féile is mó sa bhaile, Les Festes Majors agus tá comórtais spóirt Jocs Esportius ar siúl i tseachtain deireanach an mhí.