Jump to content

Kathrine Switzer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKathrine Switzer

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Eanáir 1947
79 bliana d'aois
Amberg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Syracuse
George C. Marshall High School Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmreathaí maratóin, aisteoir, reathaí, scríbhneoir neamhfhicsin, iriseoir, iomaitheoir lúthchleasaíochta, lúthchleasaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtmaratón
lúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkathrineswitzer.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: MarathonWomanNews X: KVSwitzer Instagram: kathrineswitzer Threads: kathrineswitzer Cuir in eagar ar Wikidata

Is reathaí maratóin, iriseoir spóirt agus gníomhaí í Kathrine Switzer (a rugadh ar an 5 Eanáir 1947 in Amberg sa Ghearmáin). Sa bhliain 1967, ba í an chéad bhean riamh a rith an Maratón Bhostúin, d'ainneoin iarracht í a bhaint den rás.

Ionsaí ar Kathrine Switzer, 1967
2024

Rugadh Switzer in Amberg sa Ghearmáin, áit a raibh a hathair ina oifigeach san Arm Meiriceánach. Bhog an teaghlach ar ais go dtí na Stáit Aontaithe nuair a bhí sí dhá bhliain d'aois agus d'fhás sí aníos i Virginia. D'fhreastail sí ar Ollscoil Syracuse, áit ar bhain sí céim in iriseoireacht amach sa bhliain 1968. Le linn a cuid staidéir, thosaigh sí ag traenáil le foireann tras-tíre na bhfear agus ag rith rásaí níos faide de réir a chéile.

Ní raibh cead ag mná páirt a ghlacadh sa Mharatón Bhostúin go dtí na 1970idí. Ach ar an 19 Aibreán 1967, d’éirigh le Switzer Maratón Bhostúin a rith ó thús go deireadh. Bhí sí cláraithe faoin ainm neodrach ‘K. V. Switzer’, mar a scríobhadh a hainm i gcónaí ar a cuid alt iriseoireachta.

Thosaigh sí an rás agus uimhir 261 uirthi. Timpeall ceithre mhíle isteach sa rás, léim bainisteoir an rása, Jock Semple, chuici agus rinne sé iarracht a huimhir a stróiceadh di. Chuir a leannán, Tom Miller, cosc air agus lean Switzer ar aghaidh. Chríochnaigh sí an rás in am thart ar cheithre huaire an chloig agus fiche nóiméad, agus d’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne feidhmeannaigh í a bhaint den rás.[1][2][3][4]

Tógadh grianghraif den eachtra agus  tharraing sé aird na meán idirnáisiúnta. Ach i ndiaidh na heachtra, cuireadh cosc foirmiúil ar mhná a bheith ag rásaíocht. Chuir an AAU (Amateur Athletic Union) cosc foirmiúil ar mhná páirt a ghlacadh i rásanna fadraoin timpeall na Stát Aontaithe.

Tugadh cead ag mná páirt a ghlacadh sa rás sa bhliain 1972, nuair nár chláraigh ach naonúr ban fána choinne. Sa bhliain 1974, bhuaigh Switzer Maratón Nua-Eabhrac in am 3:07:29. Sa bhliain 1975, shocraigh sí a ham féin is fearr i mBostún — 2:51:37. Ainmníodh í ina 'Reathaí Baineann 1967–77' ag an iris Runner's World.

Sa bhliain 1977, chuir sí Avon International Running Circuit ar bun, sraith rásaí idirnáisiúnta do mhná. Mar thoradh ar an obair sin, áiríodh maratón na mban mar imeacht oifigiúil ag na Cluichí Oilimpeacha den chéad uair sa bhliain 1984 i Los Angeles. Thosaigh Switzer ag tráchtaireacht ar an teilifís, agus bhuaigh sí Gradam Emmy dá cuid oibre craolacháin.

Quai Kathrine Switzer, Pantin, Páras na Fraince

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2015, chuir sí 261 Fearless ar bun — eagraíocht idirnáisiúnta a úsáideann rith mar uirlis chun mná a chumasú. Tá an t-ainm bunaithe ar a huimhir 261 sa rás in 1967. Sa bhliain 2017, ag cuimhneachán caoga bliain, d'éirigh le Switzer Maratón Bhostúin a rith arís — agus tugadh uimhir 261 di arís.

Idir 1887-2009, níor ceapadh ach bean amháin mar uachtarán ar an bhord gobharnóirí i mBostún.[5] Ach sa bhliain 2018, rith 13,684 bean i mBostún.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Medb Ní Dhúláin (2019). "20x20: Cothromaíocht na mban i gcúrsaí spóirt < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  2. Victor Mather (2017-04-17). "First Woman to Enter Boston Marathon Runs It Again, 50 Years Later" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  3. "The Real Story - Kathrine Switzer - Marathon Woman" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-20. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  4. "Kathrine Switzer, Pioneering Boston Marathon Runner, on Fight to Stay in 1967 Male-Dominated Race" (as en) .
  5. Medb Ní Dhúláin (2019). "20x20: Cothromaíocht na mban i gcúrsaí spóirt < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-04-19.