Kamĩriithũ
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Province of Kenya (en) | Central Province (en) | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||

Is sráidbhaile é Kamirithu ,nó Kamĩriithũ, atá suite in aice le baile Limuru, i gContae Kiambu sa Chéinia. Tá clú ar an áit go príomha mar gheall ar Ionad Pobail Oideachais agus Cultúrtha Kamĩriithũ, amharclann phobail a bhí gníomhach idir 1976 agus 1982 agus a raibh baint ag an scríbhneoir Céiniach Ngũgĩ wa Thiong'o léi. Rugadh Ngũgĩ féin in Kamĩriithũ sa bhliain 1938.[1]
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá teorainneacha an cheantair leagtha amach ag roinnt bóithre: an bóthar go Narok ó thuaidh, an bóthar idir Limuru agus Mutarakwa siar, agus an mórbhóthar idir Nairobi agus Nakuru (an A104) soir. Ó thuaidh tá Linn Manguo, áit a dtéann cuairteoirí ag faire ar éin. De réir foinsí, tagann ainm an tsráidbhaile ó fhocal a thagraíonn d'áit chothrom a mbíonn linn uisce inti.
Tá daonra uirbeach de thart ar 13,000 duine sa cheantar (Karamba-Inĩ Sub-Location).[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh sráidbhailte coilíneacha sa cheantar seo go luath san fhichiú haois, le linn riail choilíneach na Breataine sa Chéinia. Le linn Éirí Amach na Mau Mau (1952–1960), rinneadh sráidbhaile éigeandála de Kamĩriithũ faoin bpolasaí coilíneach lenar bailíodh pobail tuaithe le chéile i sráidbhailte faoi smacht (an polasaí ar a dtugtar "villagisation" i mBéarla). Cuireadh sreang dheilgneach timpeall ar an tsráidbhaile, agus é mar aidhm an pobal tuaithe a scaradh ó threallchogaithe na Mau Mau. Bhí cuid mhór de mhuintir an tsráidbhaile ag obair mar oibrithe talmhaíochta ar eastáit tae agus caife in aice Limuru.[1]
Ionad Pobail Oideachais agus Cultúrtha Kamĩriithũ
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1976 bunaíodh Ionad Pobail Oideachais agus Cultúrtha Kamĩriithũ. Ba é an scríbhneoir Ngũgĩ wa Thiong'o, i dteannta scoláirí ó Ollscoil Nairobi agus mhuintir an tsráidbhaile, a bhí chun tosaigh sa tionscadal. Dhírigh an t-ionad go mór ar an amharclannaíocht, agus reáchtáladh ranganna litearthachta agus cláir chultúrtha ann. Tógadh amharclann faoin aer ar an láithreán.
Ba é Ngaahika Ndeenda (a chiallaíonn "pósfaidh mé nuair is mian liom"; I Will Marry When I Want sa Bhéarla) an chéad dráma a léirigh an t-ionad. Ba iad Ngũgĩ wa Thiong'o agus Ngũgĩ wa Mirii a scríobh é i gcomhar le baill an phobail, agus léiríodh sa teanga Gikuyu é. Léiríodh den chéad uair é ar an 2 Deireadh Fómhair 1977, agus mheall na léirithe na mílte duine.
Chuir rialtas na Céinia cosc ar an dráma, áfach, agus cealaíodh ceadúnas an ionaid. Gabhadh Ngũgĩ wa Thiong'o ar an 31 Nollaig 1977 agus coinníodh i bpríosún é gan triail. Tar éis dó a bheith scaoilte saor, cuireadh tús leis an dara dráma, Maitu Njugira ("A Mháthair, Can Dom"). Bhí sé beartaithe an dráma a léiriú in Amharclann Náisiúnta na Céinia i 1982, ach chuir na húdaráis cosc air; bhog an grúpa go hOllscoil Nairobi, áit ar léiríodh é os comhair na mílte.
Ar an 11 Márta 1982 chuir an rialtas cosc ar gach gníomhaíocht amharclannaíochta in Kamĩriithũ. An lá dár gcionn, ar an 12 Márta 1982, scrios na póilíní an amharclann faoin aer.
Meastar gur sampla suntasach é Ionad Kamĩriithũ den amharclannaíocht phobail agus den iarracht teangacha dúchasacha na hAfraice a chur chun cinn san ealaín. Phléigh Ngũgĩ wa Thiong'o an taithí seo ina shaothar, go háirithe sa leabhar Decolonising the Mind (1986).[1][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Kerron Ó Luain (2026-06-12). "Kamĩriithũ: Amharclann Réabhlóideach na Céinia" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-14.
- ↑ "History — kamiriithuafterlives" (en). kamiriithuafterlives.net. Dáta rochtana: 2026-06-14.
- ↑ "10 ráiteas ó Ngũgĩ wa Thiong’o faoi chúrsaí teanga" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-30). Dáta rochtana: 2025-05-31.
