Kakiemon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Babhla Kakiemon, sa stíl Imari

Poirceallán Seapánach a dhéantar in Arita ó lár na 17ú haoise is ea kakiemon (Seapáinis: 柿右衛門). Ainmnithe as an gclann a thosaigh a tháirgeadh. Corp leachtbhán a bhíonn ann le maisiúcháin ghanna, go minic leagtha amach go neamhshiméadrach, de phlandaí, ainmhithe, is uaireanta daoine, péintáilte le glónrú de chruan gorm, glas, flannbhuí/dearg, bánbhuí nó dubh. Uaireanta d'úsáidtí órú mar mhaisiúchán feabhsaithe. Easportáileadh don Eoraip é, agus san 18ú céad, rinne monarchana Meißen, Chantilly, Chelsea is Worcester aithris ar an stíl.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Kakiemon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.