Kaja Kallas
Leas-Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Príomhionadaí Gnóthaí Eachtracha agus Polasaí Sábháilteachta de chuid an Aontais Eorpaigh, iar-FPE agus iar-phríomhaire na hEastóine is ea Kaja Kallas (a rugadh ar an 18 Meitheamh 1977 in Tallinn ... san APSS ag an am). Tá sí ar dhuine de na guthanna is láidre in Eoraip i gcoinne ionsaí na Rúise ar an Úcráin.


Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is lia í a máthair, Kristi Kallas Bhí athair Kallas, Siim Kallas,[1] ina chomhalta sinsearach sa Pháirtí Cumannach san Eastóin le linn réimeas an Aontais Shóivéadaigh, ag obair i Roinn Airgeadais Phoblacht Shóivéadach na hEastóine. Nuair a thit an tAontas Sóivéadach d'imir Kallas cárta an neamhspleáchais agus d'éirigh leis post Phríomhaire na hEastóine a bhaint amach (2002-2003). D'fhóin sé mar Choimisinéir Eorpach idir 2004 agus 2014
Polaiteoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chríochnaigh Kaja Kallas a céim dlí in Ollscoil Tartu in 1999 agus rinne sí a cuid staidéar iar-chéime sa Scoil Ghnó i dTallinn in 2007 Bhí sí ag obair mar dhlíodóir sula toghadh í don Pharlaimint Eorpach don Reform Party (liobrálach) in 2014.
Bhí sí ina ball de pharlaimint na hEastóine mar bhall den Reform Party lár-dheas idir 2011 agus 2014. Tar éis tréimhse sa Pharlaimint Eorpach, d'éirigh sí mar ceannaire ar an Reform Party in 2018 agus ina príomh-aire in 2021, an chéad bhean a bheith sa phost sin.
D’éirigh sí as an bpost sin le dul i mbun gnóthaí eachtracha i gCoimisiún na hEorpa in 2024. Is í anois an tArd-Ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
I mí na Bealtaine 2025, dúirt Kallas go raibh an bloc ag déanamh athbhreithniú ar chomhaontú trádála an Aontais le hIosrael de bharr iompar na tíre sin sa gcogadh in Gaza.[2]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Kallas in 2025 go bhfuair Éire an deis tar éis an Dara Cogadh Domhanda bláthú ó thaobh an ratha de agus nach raibh taithí ag an tír sa tréimhse sin ar “ainghníomhartha, olldíbirtí, agus cur faoi chois cultúir agus teanga”. Chosain Coimisinéir Eorpach na hÉireann, Michael McGrath, ar ráiteas conspóideach a rinne Kallas faoi Éirinn agus an cur faoi chois cultúir agus teanga.[3]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Kallas Arvo Hallik sa bhliain 2018. Bhí caidrimh eile aici agus rugadh mac di idir 2011-2014.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Siim Kallas" (as en) (2025-06-21). Wikipedia.
- ↑ "‘Níl Iosrael ach ag cur i gcéill go bhfuil an léigear thart’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-21). Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (1 Iúil 2025). "‘Mailís ar bith’ i gcaint faoi easpa tuisceana na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.