Justin Kelly
![]() | |
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | garda |
Cheap Rialtas na hÉireann Justin Kelly nó Justin Ó Ceallaigh (a rugadh in 1971 nó 1972) ina Choimisinéir ar na Gardaí ar an 30 Iúil 2025. Cuirfidh Kelly lena thréimhse cúig bliana mar choimisinéir ar an 1 Meán Fómhair 2025-2030.[1]

Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá céim ag Kelly ó UCD, Máistreacht i Riarachán Gnó ó COBÁC agus dhá mháistreacht eile ar chúrsaí coiriúla. Rinne sé cúrsa sa Ríocht Aontaithe freisin maidir le póilíneacht straitéiseach.
Bhí a shaol póilíneachta ar fad caite ag Kelly sna Garda Síochána agus bhí baint aige le bearta ardphróifíle i gcoinne na coirpeachta. Bhí 30 bliain caite ag Justin Kelly leis na Gardaí ag céimeanna difriúla. Ba sháirsint agus bleachtaire é i gCluain Dolcáin, i mBaile Bhlainséir agus i dTamhlacht.
Chaith sé am ansin in aonad frithsceimhlitheoireachta na nGardaí, in aonad na mbleachtairí speisialta. D'éirigh sé ansin ina Choimisinéir Cúnta agus bhí coiriúlacht eagraithe, drugaí, cibirchoiriúlacht, coiriúlacht eacnamaíoch, inimirce agus coireanna i gcoinne daoine leochaileacha faoina chúram. D'oibrigh sé ar iasacht chomh maith leis na Náisiún Aontaithe sa Bhoisnia-Heirseagaivéin i 2021 i ról comhairleoireachta maidir le forbairt fhórsa póilíneachta na tíre sin.
In 2024, ceapadh é ina Leas-Choimisinéir Slándála, Straitéise agus Rialachais in 2024.[2]
Coimisinéir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Kelly mar Choimisinéir i gcomharba ar Drew Harris. Meastar gur comhartha é a cheapachán go bhfillfear ar an gceannaireacht inmheánach i ndiaidh na gconspóidí a bhain le ceapachán Harris, an chéad choimisinéir a raibh cúlra aige i bhfórsa póilíneachta seachtrach. Deirtear go bhfuil cur chuige níos muinteartha ag Kelly leo siúd atá faoin bhun san eagraíocht. Is comhartha é a cheapachán, meastar, den ghá meanma na gnáthbhall a spreagadh agus réiteach a fháil ar an ngéarchéim earcaíochta san fhórsa.[3]
€314,000 sa bhliain an tuarastal atá aige mar Choimisinéir.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Justin Kelly ceaptha mar choimisinéir nua an Gharda Síochána" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-29). Dáta rochtana: 2025-07-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-29). "Leas-Choimisinéir Justin Kelly ina Choimisinéir nua ar na Gardaí" (as ga-IE).
- ↑ Kerron Ó Luain (2025-08-01). "Deireadh le ré Drew Harris mar Choimisinéir na nGardaí agus Justin Ó Ceallaigh tagtha i gcomharbacht air – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-04.
