Julie Goo
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | file, rapálaí |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is file dátheangach agus amhránaí Éireannach as Cathair Chorcaí í Julie Goo. Bhuaigh sí an Heart of Gort Slam sa bhliain 2019, agus tháinig sí sa dara háit i Slam Filíochta Liú Lúnasa sa bhliain 2021. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach, DÁNA, faoin ainm Julie Field, sa bhliain 2021.
Bhronn Comhairle Cathrach Chorcaí Individual Artist Bursary uirthi sa bhliain 2022 chun tacú leis an gcéad chnuasach eile uaithi.
Bíonn Goo ar an stáitse go rialta ag léiriú a saothair. Tá sí ag freastal ar fhéilte, idir bheag agus mór, in Éirinn agus thar lear, leis na blianta fada.
Is ball í den ghrúpa Hip Hop dátheangach shelovescalpol [SLC], le DJ Milis. Tiocfaidh tú ar a gcuid ceoil ar Bandcamp.
Tá scannáin filíochta Goo agus eile le feiscint ar a leathanach YouTube.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |