Jules Laforgue
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 16 Lúnasa 1860 Montevideo, Uragua |
| Bás | 20 Lúnasa 1887 27 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
| Áit adhlactha | Cimetière parisien de Bagneux, 8 |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Lycée Condorcet |
| Teanga dhúchais | an Fhraincis |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, aistritheoir, scríbhneoir próis |
| Teangacha | An Fhraincis |
File siombalaíoch Francach ab ea Jules Laforgue. Do rugadh é i Montevideo, príomhchathair Uragua, ar an 16ú lá de Lúnasa sa mbliain 1860, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince ar an 20ú lá de Lúnasa sa mbliain 1887. Tá clú ar Laforgue mar dhuine dóibh siúd a chum an vers libre (Gaeilge: saormheadaracht) agus a chuir an tsaormheadaracht seo chun cinn i bhfilíocht na Fraince. Ina chuid filíochta, meascann Laforgue dearcadh doirbh ar an saol, doilbhe, greann agus ceol na gnáth-theanga labhartha.
Is cosúil gurb é an cnuasach filíochta Les Complaintes (Gaeilge: 'Na Caointe') an saothar is cáiliúla de chuid Laforgue. Anuas ar an gcnuasach san, do scríobh sé scéalta i bprós - Moralités légendaires (Gaeilge: 'Ceachtanna Finscéalacha'), leabhar nár foilsíodh é ach tar éis do Laforgue bás a fháilt - agus do chuir sé Fraincis ar Leaves of Grass, an saothar mórcháiliúil de chuid Walt Whitman. Ba í an Nouvelle revue française (Gaeilge: 'Nua-Iris Fhrancach') a d'fhoilsigh an t-aistriúchán sin sa mbliain 1918 agus Feuilles d'herbe an teideal a bhí air.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |