Juana Inés de la Cruz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Juana Inés de la Cruz
Sor Juana by Miguel Cabrera.png
Sor Juana Inés de la Cruz, portráid le Miguel Cabrera, ca. 1750
Dáta breithe 12 Samhain 1651
  Nepantla, Nua-Spáinn
Dáta báis 17 Aibreán 1695)
  (Meicsiceo) (Nua-Spáinn)
Náisiúntacht Novohispana
Gairm Bean rialta, scríbhneoir, file
Seánra Filíocht, drámaíocht, srl
Síniú
Firma de Juana Inés de la Cruz.jpg

Bean rialta d'Ord San Iaróm agus scríbhneoir nonvohispana i Ré Órga litríocht na Spáinne ab ea Juana Inés de Asbaje y Ramírez de Santillanasor Juana Inés de la Cruz mar is fearr aithne uirthi (12 Samhain 165117 Aibreán 1695). Shaothraigh sí an fhilíocht, litríocht an chreidimh agus an drámaíocht, chomh maith leis an bprós. Thuill feabhas a saothair leasainmneacha di mar "Féinics Mheiriceá" agus "an Deichiú Bé [Mheicsiceach]".

A luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Hacienda Panoaya, in Amecameca, Meicsiceo, baile Sor Juana idir 1651 agus 1656.

Rugadh í mar Juana Inés de Asbaje y Ramírez de Santillana in San Miguel Nepantla (Nepantla de Sor Juana Inés de la Cruz inniu ina honóir) in aice le Cathair Mheicsiceo. Leanbh tabhartha ab ea í: captaen Spáinneach darbh ainm, Pedro Manuel de Asbaje, a hathair agus bean criolla, Isabel Ramírez, a máthair. Níor fhan a hathair; a máthair a thóg í ar hacienda athair Isabel in Amecameca in aice le Cathair Mheicsiceo.

Bhí dúil mhór sa léinn ag Juana ó bhí sí ina leanbh. Fuair sí léamh agus scríobh sula raibh sí 4 bliana d'aois ag freastal ar ranganna na deirféar is sine sa chlann, é seo i ngan fhios dá máthair.[1] D'fhoghlaim sí an loighic Ghréigeach agus in aois a 13 bliana bhí sí ag múineadh Laidine do pháistí eile. D'fhoghlaim sí an teanga Nahuatl agus scríobh cúpla dán gearra sa teanga úd. [2] </ref>

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Sor Juana Inés de la Cruz. «Respuesta a Sor Filotea de la Cruz», Obras completas, t. IV, ed. Alberto G. Salceda. México: FCE, 1957, lch. 455.
  2. "Sor Juana Inés de la Cruz". Academy of American Poets.