José Antonio Primo de Rivera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosé Antonio Primo de Rivera

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) José Antonio Primo de Rivera y Sáenz de Heredia
24 Aibreán 1903
Maidrid, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Samhain 1936
33 bliana d'aois
Alacant, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaReilig San Isidro (2023–)
Tomb of José Antonio Primo de Rivera (en) Aistrigh (1959–2023)
El Escorial (1940–1959)
Alacant (–1940) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de na Cúirteanna poblachtacha
30 Samhain 1933 – 7 Eanáir 1936

Toghcheantar: Cádiz
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversidad Central Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDúdhonn
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Maidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, abhcóide, file, falangist (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFalange Española de las JONS (1934–1936)
Falange Española (1933–1934)
Unión Monárquica Nacional Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Eile
Teideal uasalDiúc Primo de Rivera
Marcas Estella Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMiguel Primo de Rivera  agus Casilda Sáenz de Heredia
SiblínPilar Primo de Rivera, Fernando Primo de Rivera y Sáenz de Heredia, Miguel Primo de Rivera y Sáenz de Heredia agus Carmen Primo de Rivera
Duine muintearthaMaría Teresa Sáenz de Heredia (female first cousin (en) Aistrigh)
Fernando Primo de Rivera y Orbaneja (uncail athartha)
José Primo de Rivera (paternal grandfather's father (en) Aistrigh)
Fernando Primo de Rivera y Sobremonte (seanuncail)
Rafael Primo de Rivera y Sobremonte (seanuncail)
Rafael de Sobremonte, Tríú Marcas Sobremonte (great-great-grandfather (en) Aistrigh)
Juan Peche y Cabeza de Vaca (sister's husband (en) Aistrigh)
José Primo de Rivera y Orbaneja (uncail athartha)
Miguel Primo de Rivera y Urquijo (mac dearthár)
María de las Nieves Sáenz de Heredia (female first cousin (en) Aistrigh)
José Luis Sáenz de Heredia (col ceathrair ar thaobh na máthar)
Andrés Sáenz de Heredia Arteta (col ceathrair ar thaobh na máthar)
Dolores Primo de Rivera y Cobo de Guzmán (female first cousin (en) Aistrigh)
Miguel Primo de Rivera y Cobo de Guzmán (col ceathair fir) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


IMDB: nm0697560 Find a Grave: 10511572 Cuir in eagar ar Wikidata

Faisistí de chuid na Spáinne ab ea José Antonio Primo de Rivera y Sáenz de Heredia, céad Diúc de Primo de Rivera, tríú Marcas d'Estella (24 Aibreán 190320 Samhain 1936). Dlíodóir ab ea é, a bhunaigh gluaiseacht faoi anáil an fhaisisteachais.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1933

Duine de na huaisle agus an mac ba shine ag An nGinearál Miguel Primo de Rivera (deachtóir na Spáinne ó 1923 go dtí go gairid roimh a bhás i 1930) ba ea é.[1] Rinne an Primo de Rivera Óg staidéar ar an dlí in Ollscoil Complutense Maidrid (mar a thugtar arís air) idir 1917 agus 1923. Ghnóthaigh sé bunchéim agus dochtúireacht.

Rinneadh dlíodóir de sa bhliain 1925. D'éirigh go mór leis agus é ag cleachtadh i Maidrid agus a athair mar dheachtóir ar an tír.

Sa pholaitíocht, tháinig sé chun cinn mar dhuine de na ceannairí ar an eite dheas radacach fhrith-dhaonlathach. Bhí sé tógtha leis an fhaisisteachas san Iodáil (cf Mussoloni), Bhunaigh sé an Falange Española (Falangaithe na Spáinne) sa bhliain 1933 chun an smaointeoireacht sin a chur chun cinn.

Sa bhliain 1936 a chumasc an Falange Española le grúpa eile den chineál céanna, an Juntas de Ofensiva Nacional-Sindicalista, chun an Falange Española de las JONS a chruthú, a bhí ina réamhtheachtaí ar an Falange Española Tradicionalista y de la Juntas de Ofensiva Nacional Sindicalista, an t-aon pháirtí dlíthiúil sa Spáinn faoi réimeas an Ghinearáil Franco ó 1937 go 1975.

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go gairid roimh thús an Chogaidh Shibhialta, gabhadh é agus d'fhan sé ina phríosúnach de chuid na Poblachtánaigh. ciontaíodh é as comhcheilg i gcoinne Phoblacht na Spáinne agus éirí amach míleata. Cuireadh José Antonio Primo de Rivera chun báis trí scuad lámhaigh ar 20 Samhain 1936.

Is cuma cé acu an bhfuil sé fíor in aon chor nó nach bhfuil nár thapaigh An Ginearál Franco an deis le Primo de Rivera a shábháil (mar a bhí a fhios ag madraí an bhaile, níor thaitin Rivera leis ar chor ar bith) is cinnte go bhfuair bású an duine dheireanaigh réidh le pearsa a d'fhéadfadh cur in éadan cheannaireacht Franco ar na fórsaí náisiúnaithe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-11-20). "de Rivera" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-20.