Sléacht Jonestown (1978)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Jonestown)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Jonestown
Cineálcult suicide (en) Aistrigh de Peoples Temple (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósJonestown Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Samhain 1978 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhJonestown, An Ghuáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghuáin Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachDon Harris
Leo Ryan Ionadaí na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna918 (18 Samhain 1978) Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireJim Jones (ceannaire cultais) Cuir in eagar ar Wikidata
Armnimh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Fuair 909 duine (agus a gcuid páistí, 304 acu) bás le linn Sléacht Jonestown sa Ghuáin ar an 18 Samhain 1978. Nimhiú ciainíde ba thrúig bháis do 907. "Féinmharú slua"[1] a tugadh air ag an am. Chuir an ceannaire cultais, an t-"oirmhinneach" Jim Jones, dallamullóg ar dhaoine agus ní raibh na heasaontóirí in ann éalú.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh an Martin Luther King, Jr. Humanitarian Award ar Jim Jones, Eanáir 1977
an dul isteach, Jonestown

Bunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh an Oirmh. Jim Jones, ceannaire an Peoples Temple of Christ, cultas reiligiúnach, sa bhliain 1955. Lena dheisbhéalaí, i 1965, mheall Jones a lucht leanúna – na céadta duine idir lánúnacha, daoine aonair agus páistí – bogadh ina chuideachta ó Indianapolis go Ukiah, California, an áit is mó ina mbeadh siad sábháilte dá ndéanfaí ionsaí núicléach ar Mheiriceá, bagairt ar ghlac Meiriceánaigh na 1960idí go han-dáiríre leis (féach ar "Géarchéim na nDiúracán i gCúbå̊̊").

Chuir Jones an muintearas chun cinn. Thóg Jim Jones agus a bhean “teaghlach tuar ceatha” páistí altramais de gach cine agus bhí fáilte roimh gach dath agus gach aicme sa Peoples Temple.[2] Bhí spéis ag an bpobal mór i SAM, nó daoine áirithe ar aon nós, san obair sin. Bronnadh gradam fiú ar Jones in Eanáir 1977, an "Martin Luther King, Jr. Humanitarian Award".

Idé-eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theagasc Jones an “sóisialachas aspalda” (apostolic socialism) ina mbeadh na cearta ceanna ag gach duine. Chuir sé an grá platónach chun cinn i measc a lucht leanúna.

Geall le Dia a bhí in Jones i súile na ndaoine a lean é. Chuir sé dóchas ina gcroithe go raibh saol níos fearr le bheith ag gach duine acu, gur chuma faoin dath a bhí ar do chraiceann, gurbh fhéidir sochaí idéalach a thógáil ach an obair a chur isteach ann le croí mór maith agus grá agat do do chomharsana.

Jonestown

B’éigean an dallamullóg a chur ar dhaoine. Chuir Jones agus a chiorcal órga in iúl go raibh sé in ann daoine a leigheas fríd chumhacht a intinne. Bhuail sé bob ar dhaoine a bhí saonta go leor cheana féin go raibh sé ábalta míorúiltí a chur i gcrích.

Teachtaireacht thar a bheith meallacach a bhí ann. Ach de réir a d’fhás an Peoples Temple, b’amhlaidh ba dhorcha a d’éirigh an scéal.  

Deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir a chéile, bhí Jones ag dul as a mheabhair mar gheall ar líon na ndrugaí a raibh sé á nglacadh. Cuireadh leis an fhoréigean a bhí ag dul ar aghaidh in éadan daoine a bhfacthas dó a bheith ag briseadh na rialacha.

Bhí seirbhís chuimhneacháin ann sa bhliain 2011

Nuair a fuair an preas amach faoi cad é a bhí ag dul ar aghaidh, tháinig fainic ar Jones. D’áitigh sé ar a lucht leanúna go raibh "fórsaí dorcha" ag teacht lena sochaí a scrios. Mar sin d’imigh an uile dhuine acu chun na Guáine ar chósta thuaisceart Mheiriceá Theas i lár na 1970idí.

Éist le Jim Jones, et al. sa Peoples Temple ar an 18 Samhain 1978

Bhí lúcháir ar an lucht leanúna, is cosúil, a bheith aontaithe le chéile arís i dtír nua. Ach níorbh fhada gur thosaigh easpa bia ag cur isteach ar mhuintir Jonestown. Bhí na húdaráis sa Ghuáin ag iarraidh a ladhar a chur isteach agus iad ar na gaobhair agus ba mheasa a d’imigh Father, mar a thug a lucht leanúna air, as a chrann cumhachta.

1978ː an sléacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh drochíde do dhaoine áirithe i Jonestown. Ní raibh cead acu imeacht agus dul ar ais go dtí na Stáit Aontaithe fiú. Chuala Leo Ryan, feisire SAM as San Francisco, faoi na ráflaí seo. Shocraigh sé cuairt oifigiúil a thabhairt agus iniúchadh a dhéanamh ar Jonestown.

Ar 14 Samhain, tháinig Ryan sa Ghuáin in éineacht le daoine eile: Jackie Speier, dlíodóir; Neville Annibourne, as an rialtas áitiúil; Richard Dwyer, as ambasáid SAM sa Ghuáin; Tim Reiterman agus Greg Robinson, iriseoirí leis an San Francisco Examiner; Examiner; Don Harris; Bob Brown; Steve Sung; Bob Flick leis an NBC; Charles Krause leis an Washington Post; Ron Javers leis an San Francisco Chronicle; and go leor gaolta[3].

Cuimhneachán in Oakland, California

Bhí na cuairteoirí in ann dul isteach sa lonnaíocht ar an 17 Samhain. Fuair siad fáilte ach bhí an chuma air nach raibh ann ach cur i gcéill. Chaith siad an oíche ann. An lá dár gcionn, an 18 Samhain, i ndiaidh an áit a fheiceáil agus scéalta daoine a chloisint, chinn siad imeacht.

Bhí dhá eitleán ann ar an aerstráice. Agus na cuairteoirí ar tí imeacht agus ina shuí sna heitleáin le filleadh abhaile, d'ionsaíodh iad. Scaoileadh marbh Leo Ryan agus cúpla eile.

Bhí a fhios ag an nóiméad sin ag gach duine go raibh Jonestown agus an fhís a bhí ag Jim Jones ag titim as a chéile.[4] D’áitigh Jones ar a lucht leanúna bealach éalaithe a ghlacadh - féinmharú. Níos déanaí ar an lá chéanna, mharaigh 909 duine "iad féin" agus a gcuid páistí, 304 acu. Nimhiú ciainíde ba thrúig bháis do 907 díobh..

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go díreach i ndiaidh agus ó shin, bhí daoine ag iarraidh conas ar éirigh le fear amháin lucht dílis leanúna a mhealladh; conas ar éirigh leis daoine a bheadh sásta bás a fháil ar a shon dá mb’éigean é.

Leo Ryan, feisire SAM as San Francisco

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""féinmharú slua"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-11-18.
  2. Robert McMillen (2020-11-04). "An t-uafás amháin a leanann daoine a chreideann i bhfir láidre lochtacha" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2020-11-18.
  3. Tim agus Grace Stoen, Steve agus Anthony Katsaris, Beverly Oliver, Jim Cobb, Sherwin Harris, agus Carolyn Houston Boyd, srl.
  4. youtube.com (1978). "Jonestown revisited: Hear cult leader's final words". Dáta rochtana: 2020.