Jon Burrows
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Beannchar, Contae an Dúin, Northern Ireland |
| Comhalta den Tionól Reachtach | |
| Lúnasa 2025 – ← Colin Crawford Toghcheantar: Aontroim Thuaidh | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir, garda |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Aontachtach Uladh |
| Teangacha | Béarla |
Is ceannaire ar Aontachtóirí Uladh agus iarphóilín de chuid Thuaisceart Éireann é Jon Burrows. Tháinig i gcomharbacht ar Mike Nesbitt mar cheannaire ar Aontachtóirí Uladh. ar an 31 Eanáir 2026.[1][2] Is comhalta den Tionól Reachtach í d'Aontroim Thuaidh, ó 2025.[3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Jon Burrows a ghairm sa Chonstáblacht Ríoga Uladh in 1995. D'oibrigh sé go ceann blianta fada mar oifigeach sinsearach sa SPTÉ i ndiaidh na hathruithe a tháinig i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Le linn a ghairme, d'fhóin Burrows mar Phríomhchigire i bhFoyle In 2015, labhair sé faoin bhFleadh Cheoil mar bhuaicphointe dá chuid ama i nDoire.[4]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Burrows gníomhach sa bpolaitíocht go dtí gur tugadh isteach in Stormont é le linn 2025. Níor sheas sé i dtoghchán áitiúil, toghchán Tionóil ná olltoghchán riamh.
Ní raibh Burrows ina bhall de Chomthionól Stormont agus an UUP ach go díreach ón Samhradh 2025 nuair a comhthoghadh é, mar d'éirigh Colin Crawford as an suíochán d'Aontroim Thuaidh.[5]
Bhí cúig mhí agus ceithre lá caite sa pholaitíocht ag Burrows uair a d’fhógair sé go raibh sé ag seasamh le teacht i gcomharbacht ar Mike Nesbitt do cheannaireacht an UUP. Níor sheas éinne in éadan Burrows (agus Diane Armstrong as Fear Manach/Tír Eoghain Theas, agus iníon le Harry West, ar an ticéad leis don leascheannaireacht).
D'éirigh Burrows ina cheannaire ar Aontachtóirí Uladh. ar an 31 Eanáir 2026, ar an gcúigiú fear sa phost gan toghchán ach an chéad duine nár sheas i dtoghchán riamh go dtí sin.[6] Ní raibh sé léir céard le haghaidh é nó cé dó a sheas sé. D’uireasa toghchán agus feachtasaíocht, ní raibh fios cén fhís a bhí ag an bhfoireann don pháirtí ag an am.
Dúirt Burrows áfach nach amháin gur athrú ceannaireachta é seo ach céim chun an UUP a athrú chun feabhais. ‘An páirtí is daonlathaí i dTuaisceart Éireann’. Sin mar a chuir Jon Burrows síos ar an UUP nuair a d’fhógair sé go raibh sé sa tóir ar an gceannaireacht i gcomharbacht ar Mike Nesbitt. Ag tagairt do cheart vótála a bheith ag gach ball den pháirtí a bhí sé, ach dúirt sé freisin nárbh fhiú tada an lipéad mura dtarlódh vótáil.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2026-01-31). "John Burrows i gceannas ar an UUP" (as ga-IE).
- ↑ "UUP: New leader John Burrows sets of aim of becoming largest unionist party" (en-GB). www.bbc.com (2026-01-31). Dáta rochtana: 2026-02-01.
- ↑ "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2024-08-05.
- ↑ "Irish-speaking police officers drafted in for fleadh in Derry" (en-GB). BBC News (2013-08-07). Dáta rochtana: 2026-02-02.
- ↑ Enda McClafferty (2025-07-29). "Former senior PSNI officer to become UUP MLA" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2025-08-04.
- 1 2 Póilín Ní Chiaráin (18 Eanáir 2026). "Míshuaimhneas faoi cheannaire neamhthofa eile an UUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-01.