John Ryan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 19 Feabhra 1894 |
| Bás | 17 Nollaig 1973 79 bliana d'aois Sráid Líosain, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | staraí, duine léannta, ollamh |
| Ord crábhaidh | Cumann Íosa |
Ba shagart Íosánach Éireannach, staraí, agus scoláire ar luath-Chríostaíocht na hÉireann é an tUarramach John Ryan nó Eóin Ó Riain (19 Feabhra 1894 – 17 Nollaig 1973) agus ina Ollamh i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Luathshaol agus oideachais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Riain i gCaisleán Uí Chonaill, Contae Luimnigh, ar 19 Feabhra 1894. Ba iad James agus Brigid Ryan a thuismitheoirí. Tar éis meánoideachais i gColáiste an Chorráin, Luimneach, rinne sé staidéar ar an léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus in Ollscoileanna Bonn agus Ollscoil na Lováin. Bhain sé céim dochtúireachta le litríocht amach ó Ollscoil na hÉireann.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Ó Riain isteach i gCumann Íosa sa bhliain 1911 agus oirníodh ina shagart é i 1926. Ó 1930 go 1942 bhí sé ina léachtóir le luathstair na hÉireann i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus ó 1942 go 1964 bhí sé ina ollamh ansin.
Is é Irish Monasticism (1931) a mhórshaothar, agus measann scoláirí gur saothar suntasach é fós sa réimse sin. Faoin ainm Eóin Ó Riain, chuir sé eagar ar Is faoin ainm Eóin Ó Riain a chuir sé eagar ar 'Réim Ríoghraidhe na hÉireann: ó aimsir Néill Noíghiallaigh go dtí Maelsechnaill mhic Dhomhnaill,.i. aois an Tighearna, 379-1022; maille le na rígthibh go bhfreasabhra ó bhás Mhaelshechnaill Mhic Dhomhnaill go gabháltas gall.i. aois an Tighearna, 1022-1169'.[1]. Chuir sé eagar freisin ar St Patrick (1957) agus ar Irish Monks in the Golden Age (1963), sraitheanna léachtaí a tugadh mar Léachtaí Dáibhí.
Chuir Ó Riaín eagar ar 'Féil-sgríbhinn Eóin Mhic Néill : essays and studies presented to Professor Eoin MacNeill, (1940)'. D'fhoilsigh sé ailt léannta in irisí éagsúla, ina measc 'Royal Society of Antiquaries Journal', 'Irish Ecclesiastical Record', 'Studies', 'Irish Historical Studies', 'Capuchin Annual', 'An Iodh Morainn', 'Reportorium Novum', agus 'Journal of the North Munster Antiquarian Society'. Bhí aistí aige freisin i gcnuasaigh mar 'Seven Centuries of Irish Learning, 1000–1700', (1958, Brian Ó Cuív in eagar) agus 'Studies in Early Irish Law' (1936, D. A. Binchy in eagar).
Scríobh sé sraith téacsleabhar staire do dhaltaí meánscoile, agus chuir Micheál Breathnach [2])aistriúcháin Ghaeilge orthu. Ó 1940 go dtí a bhás, bhí Ó Riaín ina bhall de Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éag sé ar 17 Nollaig 1973 ag Naomh Iognáid, Sráid Líosain, Baile Átha Cliath Tionóladh a Aifreann na Marbh ag Sráid Ghairdinéir (séipéal na nÍosánach i mBaile Átha Cliath)
Mar sin féin, ní thugtar aon láthair adhlactha i dtaifead na nÍosánach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Irish Historical Studies
- ↑ https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1515 Micheál Breathnach