Jump to content

John Prendergast

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Prendergast
Beathaisnéis
BreithTrá Lí Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh - an Ghaeilge, dlí
Ollscoil Caerdydd - léann Ceilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtánaiste (2025–), gníomhaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirConradh na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Gradam a fuarthas

Is tánaiste ar Chonradh na Gaeilge é John Prendergast. Cé gur as Trá Lí do Prendergast tá ceangal láidir aige le Corca Dhuibhne, óir is as an gceantar sin a mháthair chríonna.[1]

Bhain Prendergast a chéim amach sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh, agus ghnóthaigh sé Céim an Mháistir sa Léann Ceilteach agus Breatnais in Ollscoil Caerdyyd sa Bhreatain Bheag in 2016.[2]

Bhí tréimhse caite aige in 2016/2017 ina theagascóir Gaeilge in Albain Nua i gCeanada ar an scéim ICUF[3] agus in Ollscoil Notre Dame sna Stáit Aontaithe ar an scéim Fulbright (2018/2019).

Chaith Prendergast 2019-2024 ina oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne leis an eagraíocht Tobar Dhuibhne / Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, an naoú duine ag an am a ceapadh ina oifigeach pleanála faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.[4][5][6] Bhí Prendergast ceapaithe ar Choiste Comhairleach Gaeilge ag an Aire Catherine Martin in 2022.[7]

D'éirigh sé ina Oifigeach Pleanála Teanga i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in 2024. Tá sé ag tabhairt faoi PhD i bhFeidhmiú na Pleanála Teanga in Éirinn in Ollscoil Caerdyyd faoi láthair.

In 2025, bhí Prendergast tofa ina thánaiste ar Chonradh na Gaeilge.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Pádraic Ó Ciardha (7 Feabhra 2019). "‘Obair thábhachtach is ea í agus is pribhléid a bheidh ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha do Chiarraí Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-17.
  2. 2.0 2.1 Maitiú Ó Coimín (17 Aibreán 2025). "Ciarraíoch tofa ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-17.
  3. Siún Ní Dhuinn (2017-06-28). "Global Gael: Travelling the world with Irish" (as ga). 
  4. John Prendergast (26 Samhain 20). "RnaG • An Saol ó Dheas - Oifigeach Pleanála Teanga Chorca Dhuibhne: conas tá ag éirí leo faoi láthair." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-04-17.
  5. John Prendergast (2025-03-20). "RnaG - An Saol ó Dheas, An t-iar Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne ag labhairt faoin bpróiséis do phleananna teanga nua do cheantair Ghaeltachta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-04-17.
  6. RnaG • An Saol ó Dheas (22 Bealtaine 24). "John Prendergast; slán le Corca Dhuibhne inniubh tar éis a bheith mar Oifigeach Pleanála Teanga Thobar Dhuibhne" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-04-17.
  7. RnaG • An Saol ó Dheas (27 Meitheamh 22). "John Prendergast;Ceapaithe air Choiste Comhairleach na Gaeilge." (as ga-IE).