Jump to content

John Lynch (Gratianus Lucius)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Lynch
Beathaisnéis
Breithi. 1599
Bási. 1673
73/74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar, file Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart Éireannach agus Ard-Deagánach Thuama ba ea John Lynch (ainm cleite Gratianus Lucius; c. 1599 – c. 1677). Bhí cáil aige mar staraí.

Rugadh é i nGaillimh tuairim is an bhliain 1599, agus Gael-Normanach a mhuintir. De réir an nóis, Alexander Lynch múinteoir ba ea a athair. Múineadh é féin ag na Íosánaigh, agus d'éirigh sé féin ina ghnáth-shagart c. 1622. Bhíodh aifreann á cheiliúradh faoi cheilt aige, agus bhí sé féin ina múinteoir scoile.[1]

Ceapadh é ina ard-deagánach Thuama, agus bhí cónaí air sa seanchaisleán le Ruaidrí Ua Conchobair. Bhí Dubhaltach Mac Firbhisigh ina chara leis. I ndiaidh do Ghaillimh géilleadh don New Model Army sa bhliain 1652, chuaigh sé ar imirce go dtí an Fhrainc. Foilsíodh chuid dá shaothar i Saint Malo. D'éag sé sa Fhrainc tuairim is an bhliain 1677.[1]

Bhí Lynch ina údar ar na saothair a leanas:

  • A translation into Latin of Geoffrey Keating'sHistory of Ireland,‘ lámhscríbhinn.
  • ‘Cambrensis Eversus,‘[n 1] St. Malo(?). Tiomnaithe do Shéarlas II. Aistrithe ón Laidin, le nótaí agus léargas, ag Theophilus O'Flanagan, Baile Átha Cliath, 1795. Sa téacs, cosnaíonn Lynch scor na bianna 1643, síocháin na bliana 1646 agus 1648; cáineann an nuinteas; agus molann polasaí Urumhan.
  • ‘Epistle to M. Boileau‘,[n 2] 1664. Foilsithe in ‘Ogygia vindicated’ le Ruairí Ó Flaithbheartaigh, Baile Átha Cliath, 1775.
  • ‘Alithinologia’[n 3] agus ‘Supplementum Alithinologiæ’[n 4] St. Omer(?), 1667. Cáineann Lynch an Caipisíneach Richard Ferral, a scríobh dréacht mídhílis sa bhliain 1658 chuig an gCongregatio de Propaganda Fide ar rialú eaglaise i nÉirinn, rud a athmhúscail an t-easaontas idir an ‘mere antient Irish’ agus na hAngla-Éireannaigh a tháinig le hAnraí II. Ba é teideal dréacht Ferral ná Ad Sacram Congregationem.[n 5]
  • Dán as Laidin, scríofa c. 1667, ag freagairt na ceiste ‘Cur in patriam non redis?’ Eagraithe le Séamas Ó hArgadáin agus foilsithe in '‘Miscellany of the Irish Archæological Society,’' i. 90–98.
  • ‘Pii Antistitis Icon’,[n 6] St. Malo, 1669. Cuireadh an beathaisnéis seo de Francis Kirwan, uncail le Lynch, ar athchló ag Baile Átha Cliath sa bhliain 1848, le aistriúchán Béarla agus nótaí le Charles Patrick Meehan, a d'fhoilsigh dara heagrán sa bhliain 1884.[1]

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • John Lynch of Galway (c. 1599-1677): his career, exile and writing, le Rene d’Ambrieres & Eamon Ó Ciosáin, in Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Iml. 55, 2003.
  • The Tribes of Galway:1124-1642, Adrian Martyn, Gallaimh, 2016.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • John Lynch ar libraryireland.com
  • "John Lynch of Galway (C.1599-1677): His Career, Exile and Writing" (2003). Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 55: 50–63. JSTOR 25535756. 
  1. Teideal iomlána: Cambrensis Eversus sive potius Historica Fides in Rebus Hibernicis Giraldo Cambrensi abrogata; in quo plerasque justi historici dotes desiderari, plerosque nævos inesse, ostendit Gratianus Lucius, Hibernus, qui etiam aliquot res memorabiles Hibernicas veteris et novæ memoriæ passim e re nata huic operi inseruit. Impress. An. MDCLXII’'
  2. Teideal iomlán: ‘Epistle to M. Boileau, Historian of the University of Paris, on the subject of Scottish Antiquities’
  3. Teideal iomlán: ‘Alithinologia sive veridica Reponsio [sic] ad Invectivam, Mendaciis, falaciis, calumniis, & imposturis fœtam in plurimos Antistites, Proceres, & omnis ordinis Hibernos a R. P. R[ichardo] F[erral] C[appucino] Congregationi de Propaganda Fide, Anno Domini 1659, exhibitam. Eudoxio Alithinologo authore. Impress. An. MDCLXIV’
  4. Teideal iomlán: ‘Supplementum Alithinologiæ, quod partes invectivæ in Hibernos cusæ in Alithinologia non oppugnatas evertit’
  5. Teideal iomlán: '‘Ad Sacram Congregationem de Propagandâ Fide. Hic authores et Modus eversionis Catholicæ Religionis in Hiberniâ recensētur, et aliquot remedia pro conservandis reliquiis Catholicæ Religionis et Gentis proponuntur.’'
  6. Teideal iomlán: ‘Pii Antistitis Icon, sive de Vita et Morte Rmi D. Francisci Kirovani, Alladensis Episcopi,’
  1. 1.0 1.1 1.2 Dictionary of National Biography, Lynch, John (1599?–1673?), Irish historian, le Thompson Cooper. Foilsithe 1893.