John Hunt (ársaitheoir)
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1900 |
| Bás | 19 Eanáir 1976 75/76 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | staraí |
Ba staraí, ársaitheoir agus bailitheoir é John Durell Hunt (28 Bealtaine 1900 – 19 Eanáir 1976).[1] In éineacht lena bhean chéile Gertrude (née Hartmann), bhailigh sé an bailiúcháin atá mar bhunús ag Iarsmalann Hunt, Luimneach, Éire inniu.[2]
Luathshaol agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh John Durell Hunt (‘Jack’) i Watford, Herefordshire, Sasana do John Hunt (c. 1870–1929), ailtire, agus Effie Jane Hunt (née Sherry). An duine ba shine de chúigear leanaí, d’fhreastail John ar King's College School Cambridge agus rinne sé dhá bhliain de sheirbhís mhíleata idir 1918 agus 1920 sular cuireadh oiliúint air le bheith ina dhochtúir in Ospidéal Naomh Bartholomew.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spreag sé an Tiarna Gort chun Caisleán Bhun Raite a athchóiriú. Tá sé á chomóradh ag busta sa chaisleán mar gheall ar seo. Ba é ba chúis leis freisin ná bunú ionaid chuairteoirí Chreagán Eoghain agus Loch Goir mar gheall ar a spéis sa réamhstair.[3] Shocraigh na Hunts ar dtús ag Loch Goir, gar do Luimneach, agus ina dhiaidh sin i mBaile Átha Cliath. Sa dá shuíomh baile seo, chuir siad a mbailiúchán luachmhar ar taispeáint go hoscailte.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós John Gertrude Hunt (née Hartmann) i Londain i 1933. D'uchtaigh siad beirt leanaí, John Hunt, sóisearach agus Trudy Hunt, a bhí ina n-iontaobhaithe ar an Hunt Museums Trust agus ina stiúrthóirí ar Iarsmalann Hunt.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Shannondev.ie - Eisiúintí Nuachta 2007
- https://web.archive.org/web/20080807121211/http://www.huntmuseum.com/framesets_hunts/hunts_frameset.html
- https://web.archive.org/web/20070318131822/http://www.ul.ie/vpacad/HonDocs/Cit-J%20Hunt.htm
- http://www.recirca.com/articles/johnhunt/index.shtml
- https://web.archive.org/web/20080705095051/http://www.shannonheritage.com/Attractions/Craggaunowen/CraggaunowenCastle/
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 O'Connell (23 January 2014). "John Hunt: The Man, The Medievalist, The Connoisseur". The O'Brien Press. ISBN 9781847175748.– tríd Google Books
- ↑ “Our History” (en). The Hunt Museum. Dáta rochtana: 2022-01-20.
- ↑ Harbison (1976). "Obituary of John Hunt (1900-1976)". Studies: An Irish Quarterly Review 65 (260): 322–329. ISSN 0039-3495.
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |