John Hely-Hutchinson
John Hely-Hutchinson | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | 1724 | ||
Bás | 4 Meán Fómhair 1794 | ||
Muintir | |||
Athair | Francis Hely | ||
Máthair | Prudence Earbury | ||
Céile/Céilí | Christiana Hely-Hutchinson, 1st Baroness Donoughmore (en) ![]() | ||
Páistí | |||
Oideachas | |||
Alma mater | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | ||
Gairm | |||
Gairm | polaiteoir | ||
Duaiseanna | |||
Ballraíocht | Cumann Ríoga |
Dlíodóir, státaire agus Propast ar Choláiste na Tríonóide, BÁC, ab ea John Hely-Hutchinson (1724 – 4 Meán Fómhair 1794). Bhí sé gníomhach sna fiche nó tríocha bliain dheireanacha de Pharlaimint na hÉireann.[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ba ea Hely-Hutchinson, a bhain BA amach sa bhliain 1744.
Glaodh chun Bharra na hÉireann air sa bhliain 1748. Go luath ina shaol oibre a rinneadh ard-abhcóide agus ríchomhairleoir de. Bhí sé ina Phríomh-Rúnaí Stáit ó 1777 go 1794.
Státaire[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Hely-Hutchinson ina bhall de Theach na gComóntach d'Éirinn (thar ceann trí thoghcheantar ar leith) ó 1759 go dtí go bhfuair sé bás.
Abhcóide an-rathúil agus parlaiminteoir agus riarthóir de scoth, bhailigh Hely-Hutchinson onóracha agus poist mar gheall ar an bpáirt ríthábhachtach a bhí aige agus é ag bainistiú Theach na gComóntach thar ceann an Rialtais.
D'aontaigh Hely-Hutchinson leis an ngluaiseacht i bhfabhar neamhspleáchas reachtach pharlaimint na hÉireann, cé gur chuir an oifig a bhí aige bac ar an méid a d'fhéadfadh sé a rá faoi.

Profast[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1774 d'éirigh Hely-Hutchinson as mar ard-abhcóide agus thug sé tuarastal gan saothrú suas (a bhí aige ó 1769), ionas go mbeadh sé in ann a bheith ina Phrofast ar Choláiste na Tríonóide, post a bhí aige go dtí a bhás.
Measadh den chuid is mó go raibh sé ina phrófast an-éifeachtach. Mhol sé go láidir go ligfí mic léinn Caitliceacha isteach sa choláiste. Ina theannta sin, thug sé tacaíocht láidir do shaorthrádáil (agus bhí sé ar dhuine de na chéad pholaiteoirí a ghlac le tuairimí Adam Smith maidir leis an ábhar seo agus ábhair ghaolmhara).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-04.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |