John Boyne
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 30 Aibreán 1971 54 bliana d'aois Baile Átha Cliath (Éire) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Ollscoil East Anglia Coláiste Thír An Iúir Duibhe |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Gníomhaíocht liteartha agus iriseoireacht |
| Suíomh oibre | Baile Átha Cliath |
| Gairm | scríbhneoir, gearrscéalaí, iriseoir, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí |
| Tréimhse oibre | 2000 – |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | johnboyne.com |
Is údar Éireannach é John Boyne a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 30 Aibreán 1971. Tá cáil idirnáisiúnta air mar scríbhneoir úrscéalta agus gearrscéalta do dhaoine fásta agus do pháistí araon.[1]



Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é The Boy in the Striped Pyjamas (2006) an leabhar is cáiliúla leis, úrscéal do dhaoine óga. Idir 2006-2022, bhí thart ar 11 mhilliún cóip den leabhar díolta ar fud an domhain. Aistríodh go breis is 50 teanga, an Ghaeilge ina measc. Bhuaigh sé Gradam Leabhair na hÉireann agus Leabhar Bisto na Bliana, chomh maith le duaiseanna idirnáisiúnta eile. Chaith an leabhar os cionn 80 seachtain ar bharr liosta na leabhar sárdhíolta an New York Times. Rinneadh scannán de freisin i 2008.
I measc a shaothar eile tá:
- The Absolutist (2011) - faoi shaighdiúir sa Chéad Chogadh Domhanda
- Stay Where You Are and Then Leave (Márta 2014).
- A History of Loneliness (2014) - faoi shagart Éireannach
- The Heart's Invisible Furies (2017) - úrscéal fada faoi fhear aerach ag fás aníos in Éirinn
- A Ladder to the Sky (2018) - faoi scríbhneoir uaillmhianach
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Boyne staidéar ar Litríocht an Bhéarla i gColaiste na Tríonóide agus Scríbhneoireacht Chruthaíoch ag Ollscoil Oirthear Anglia, áit ar bronnadh Duais Curtis Brown air.
Tá go leor duaiseanna liteartha buaite ag Boyne . Tá sé ina bhall d'Acadamh Litríochta na hÉireann (Aosdána). Cónaíonn sé i mBaile Átha Cliath. Is fear aerach é.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bronnadh an duais liteartha Polari ar Boyne sa bhliain 2025. Is duais í a cheiliúrann litríocht LADTA an duais Polari. Tharraing Polari conspóid don chéad uair riamh nuair a ainmníodh John Boyne dá leabhar Earth agus bhí an duais lcurtha ar ceal.
Spreag Boyne cáineadh géar de bharr a chuid tuairimí faoi dhaoine trasinscneacha. Scríobh Boyne alt san Irish Independent cúpla seachtain ó shin inar thug sé tacaíocht don údar achrannach J.K. Rowling agus a seasamh i gcoinne cearta trasinscneacha. Tharraing go leor údair eile amach as an bhfadliosta mar gheall ar ainmniúchán Boyne, chomh maith le beirt mholtóirí. D’fhógair Polari go ndéanfaidís iarracht níos mó moltóirí trasinscneacha a chur ar an bpainéal. Chuir Boyne ráiteas amach inar sheas sé lena thuairimí agus inar mhaígh sé go bhfuair sé bulaíocht mhillteanach le linn na conspóide.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ John Boyne (2014). "Biography". http://www.johnboyne.com/about/.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (23 Lúnasa 2025). "Nuacht Mhall (An Clár)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-08-23.