John Boyle O'Reilly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Boyle O'Reilly sa bhliain 1866

File, úrscéalaí agus gníomhaí ar son na hÉireann ab ea John Boyle O’Reilly (rugadh 28 Meitheamh 1844 agus d’éag 10 Lúnasa 1890).

Astráil[athraigh | athraigh vicithéacs]

In aimsir na bhFíníní sna 1860idí, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.

De bharr ballraíocht i mBráithreachas na Poblachta, gabhadh O'Reilly agus cuireadh sall go dtí an Astráil mar phríosúnach é.

Cuireadh cuid mhaith acu sin i bPríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile. Ina measc bhí John Boyle O’Reilly

Tar éis eachtraí go leor, d’éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe

John Boyle O'Reilly, "file", greanadóireacht adhmaid: Harper's Weekly, v. 34, 1890, p. 664.

Na Stáit Aontaithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a d’éirigh leis éalú go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. chuir sé faoi i mBostún. Ba é duine de bhuíonn fíorbheag a d’éirigh leofa éalú as an Astráil.

Ag obair mar iriseoir dó leis an nuachtán The Pilot do scaip a cháil agus bhain sé cumhacht mhór amach i measc an phobail Éireannach i gcoitinne. Scríobh sé cuid mhaith leabhair idir filíocht, úrscéalta agus sleachta polaitiúla agus bhí tóir air mar léachtóir freisin.

An Tarrtháil Catalpa[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuir na Fíníní a bhí fós sa bpríosún litir chuig O’Reilly ("glór ón tuama” mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú. Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre. Bailíodh airgead i Meiriceá agus san Astráil chun na seisear a tharrtháil.

=> Príomhalt: An Tarrtháil Catalpa

Escape of Fenian convicts from Fremantle, Western Australia, greanadóireacht, 20.5 x 25.6 cm, Australasian Sketcher, 8 Iúil 1876

Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí a bhás conspóideach go leor ós rud é gur thóg sé piollairí le a chéile le hoíche mhaith chodlata a bheith aige. Ach dúradh go mb’fhéidir gur chuir sé lámh ina bhás féin. Ar ndóigh níorbh fhéidir é seo a chruthú nó a dhiúltú go dearfa.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Life of John Boyle O'Reilly (1891) p10.jpg