John Bellingham
Cuma
![]() | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1769 St Neots, England |
| Bás | 18 Bealtaine 1812 42/43 bliana d'aois Londain, England |
| Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | dúnmharfóir, ceannaí |
| Eile | |
| Ciontaíodh i | dúnmharú (1812) |
| Croineolaíocht | |
| 11 Bealtaine 1812 | feallmharú Spencer Perceval |
Fear gnó Sasanach ab ea John Bellingham (1769 - 18 Bealtaine 1812). Bhí Bellingham míshásta faoi rialtas na Breataine ar bhonn pearsanta. Lámhaigh sé Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Spencer Perceval, ar 11 Bealtaine 1812.
Faoi cheann seachtaine a triaileadh agus crochadh Bellingham.[1] Is cosúil go raibh Bellingham as a mheabhair ach crochadh é ina ainneoin sin.
Ansin dioscadh corp Bellingham ina bpíosaí beaga (mar ba ghnáth ag an am, chun taighde leighis a dhéanamh agus b'fhéidir chun cosc a chur air dul chun na bhFlaitheas). Sa chás seo, choinnigh na máinlianna croí Bellingham beo ar feadh ceithre huaire i ndiaidh a chrochadh, éacht nach beag ag an am.

Tá blaosc Bellingham ar taispeáint inniu in Ollscoil Queen Mary, Londain.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Miles Goslett (2012-05-01). "Blood in the House of Commons! Two hundred years on, the shocking story of Spencer Perceval, the only British PM to have been assassinated". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-05-11.
- ↑ Ollscoil Queen Mary - Pathology Museum. "Bellingham's Skull". www.qmul.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-05-11.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
