Jump to content

John Alderdice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Ró-Onórach Cuir in eagar ar Wikidata
John Alderdice

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Márta 1955
70 bliana d'aois
An Baile Meánach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
12 President of Liberal International (en) Aistrigh
25 Aibreán 2005 – 20 Aibreán 2009
← Annemie Neyts-UyttebroeckHans van Baalen →
Speaker of the Northern Ireland Assembly (en) Aistrigh
1 Iúil 1998 – 29 Feabhra 2004
Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 30 Meitheamh 1998 (election as Speaker of the Northern Ireland Assembly (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Béal Feirste Thoir

Ball de Theach na dTiarnaí
8 Deireadh Fómhair 1996 –
Ceannaire Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
1987 – 1998
← John Cushnahan (en) AistrighSeán Neeson (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Acadamh an Bhaile Mheánaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, síciatraí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Daonlathach Liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJoan Margaret Hill (en) Aistrigh (1977–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteStephen David Alderdice (en) Aistrigh, Peter James Alderdice (en) Aistrigh, Joanna Margaret Anna Alderdice (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDavid Alderdice (en) Aistrigh  agus Annie Margaret Helena Shields (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas

Iarcheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta sa Tuaisceart 1987-1998, is ea John Thomas Alderdice, Baron Alderdice (a rugadh ar an 28 Márta 1955).

2008
2015
2022

Sa bhliain 2016, scrúdaigh Alderdice, in éineacht le Monica McWilliams agus an dlíodóir John McBurney, bealaí chun scor na bparaimíleatach a chinntiú. Chinn siad go raibh formhór na n-eagraíochtaí dílis dá sosanna comhraic ach go raibh roinnt ball /iarbhall gafa le coiriúlacht, imeaglú, foréigean agus coireanna eile.[1]

Seanóir san Eaglais Phreispitéireach ab ea John Alderdice ach d'éirigh sé as in 2018 i bhfianaise na conspóide faoi lánúineacha comhghnéis.[2][3]

Sa bhliain 2022, scríobh Lord John Alderdice tuairisc, ag maígh nach raibh an Eaglais ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí mar charthanas atá cláraithe ar dhá thaobh na teorann in Éirinn. Bhí an tuairisc curtha faoi bhráid na rialálaithe carthanas sa Tuaisceart agus sa Phoblacht araon.

De réir Alderdice, "Léirítear imní mhór faoi chúrsaí smachta agus rialachais san Eaglais Phreispitéireach. Cáintear go láidir sa tuairisc cur chuige na hEaglaise Preispitéirí i dtaca leis na ceisteanna sin agus tuilleadh. Líomhnaítear sa tuairisc go bhfuil oifigigh shinsearacha ag déanamh bulaíocht agus imeaglú ar dhaoine eile san Eaglais agus go bhfuil siad ag baint mí-úsáid as an gcumhacht atá acu."[4]

1998: Racht Feirge Alderdice i leith na Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna laethanta beaga sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí ionadaithe ó na páirtithe éagsúla ag cur páipéir éagsúla i láthair Chathaoirleach na gcainteanna faoi ghnéithe ar leith den idirbheartaíocht, an Ghaeilge ina measc. Rinne Alderdice ionsaí fíochmhar ar an Seanadóir George Mitchell, an Cathaoirleach, i gcur a láthair a rinne sé ar an 7 Aibreán 1998. Dúirt Alderdice go mbeadh foghlaim na Gaeilge éigeantach i scoileanna an Tuaiscirt go luath mar go raibh an Seanadóir Mitchell agus a chuid comhghleacaithe ag géilleadh i bhfad barraíocht don dá rialtas. Ní raibh aon mhuinín ag Alderdice as an Seanadóir Mitchell mar Chathaoirleach neamhspleách a thuilleadh de bharr a sheasaimh i leith na Gaeilge. "Startling" a thug David Donoghue ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an chur i láthair seo (rud a d'fhoghlaim muid ó cháipéisí an Stáit sa bhliain 2022).[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Póilín Ní Chiaráin (24 Iúil 2016). "Easpa gnímh faoi pharaimíleataigh agus dúnmharuithe ‘King Rat’ á mholadh go poiblí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-13.
  2. Belfast Telegraph / belfasttelegraph.co.uk (2025-08-12). "Presbyterian leaders get second mystery email criticising governance of church" (en-GB). Dáta rochtana: 2025-08-12.
  3. archive.ph / .belfasttelegraph.co.uk (2025). "Presbyterian leaders get second mystery email criticising governance of church". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-08-12. Dáta rochtana: 2025.
  4. Nuacht RTÉ (2025-08-12). "Ceannasaíocht na hEaglaise Preispitéirí cáinte i dtuairisc" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2022-12-27). "Cáipéisí Stáit: 6 rud a d'fhoghlaim muid ó cháipéisí an Stáit" (as ga-IE).