John Abercromby, an 5ú Barún Abercromby

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
John Abercromby
The International folk-lore congress, John Abercromby.png
John Abercromby ag an International Folklore Congress
Dáta breithe 25 Iúil, 1862
  Tulach Bòide, Comhairle Chlach Mhanainn,Albain
Dáta báis 7 Deireadh Fómhair, 1924
  ?Dún Éideann
Náisiúntacht Briotanach
Gairm Saighdiúir agus Seandálaí
Seánra Ceol Sidhe, Ceachta beaga Gaeilge agus Leourín na leanav
Duaiseanna Aiste 'Brí na teanga i gcúis na náisiúntachta' ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1897.
Reilig an Bharúin Abercromby, Reilig Dean

Ba shaighdiúir Albanach agus sheandálaí é John Abercromby, an 5ú Barún Abercromby (15 Eanáir 1841 – 7 Deireadh Fómhair 1924) .

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

George Ralph, an 3ú Barún Abercromby Aboukir, a athair agus Louisa Penuel Hay Forbes a mháthair., agus bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr aige. Bhí sé ina Leifteanant leis an bhriogáid raidhfil (nó an Rifle Brigade). Bhain sé céim amach ó Ollscoil Dhún Éideann le  Dochtúireacht oinigh sa Dlí,(LLD). Ar an 3 Deireadh Fómhair 1917, i ndiaidh báis a dheartháir is sine George, Tháinig sé i gcomharbas ar a athair mar an 5ú Tiarna Abercromby.

Tar éis dó an t-arm a fhágáil sa bhliain 1870, dhírigh sé ar theangacha a fhoghlaim, ar thaisteal, agus ar bhéaloideas. Sa bhliain 1904 chuir sé an an téarma Eascra nó Bíocar (Béarla: Beaker) isteach san fhoclóir seandálaíochta,  chun cur síos a dhéanamh ar na soithí óil ón Tréimhse Neoiliteach déanach, ar thángthas orthu ar fud iarthar na hEorpa ag an am. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chumann Béaloideasa na hAlban, agus thacaigh sé leis an Society of Antiquaries of Scotland, agus bhí sé ina uachtarán air ón bhliain 1913 go dtí 1918.

Dar le hÉnrí Ó Muirgheasa (Duanaire na Midhe) gurb é an fáth a bhfuil lámhscríbhinní Pheadair Uí Ghealacáin in Ollscoil Dhún Éideann, go bhfuair Abercromby ar iasacht iad agus nár thug ar ais iad, agus gur ag an Ollscoil sin a d’fhág sé a lámhscríbhinní le huacht.

D'fhág sé airgead le huacht, i gcomhair 'Ollúnacht Abercromby um Seandálaíocht'  ( Béarla: The Abercromby Chair of Archaeology) in Ollscoil Dhún Éideann, post a bhí tógtha ag Vere Gordon Childe agus Stuart Piggott.

Tá sé curtha in Reilig Dean i nDún Éideann ar an taobh thoir, in aice leis an bpríomhbhealach isteach.

Teaghlaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Abercromby a  chol ceathrar Sualainneach, Adele Wilhelmina Marika von Heidenstern, ar an 26 Lúnasa 1876. Bhí iníon amháin acu, Edla Louisa Montague Abercromby (r. 1877), a phós Georges N. Nasos sa bhliain 1906. Toisc nach raibh aon mhac aige, chuaigh Barúntacht Abercromby in éag nuair a fuair sé bás.

Oibreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A trip through the Eastern Caucasus: with a chapter on the languages of the country (London: Edward Stanford, 1889), online
  • The pre- and proto-historic Finns, both Eastern and Western: with the magic songs of the west Finns, Grimm Library, 9-10, 2 vols (London: Nutt, 1898), vol. 1, vol. 1, vol. 2, vol. 2[1]
  • A study of the Bronze Age pottery of Great Britain and Ireland and its associated grave-goods, 2 vols (Oxford: Clarendon Press, 1912), vol. 1, vol. 2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • thePeerage.com
  • 'ABERCROMBY', A Bhí A, A & C Black, 1920-2007; ar líne edn, Oxford University Press, Nollaig 2007
  1. Much of this material was first published as a series of articles in Folklore: J. Abercromby, 'Magic Songs of the Finns' Folklore, 1 (1890), 17-46, 331-48; 2 (1891), 31-49; 3 (1892), 49-66; 4 (1893), 27-49.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]