Johann Gottlieb Fichte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Johann Gottlieb Fichte
Johann Gottlieb Fichte.jpg
Dáta breithe 19 Bealtaine, 1762
  Rammenau, Uachtair Lusatia, An tSacsain
Dáta báis 27 Eanáir 1914
  Berlin, Ríocht na Prúise
Náisiúntacht Gearmánach
Gairm Fealsamh, léachtóir

Fealsamh Gearmánach ba ea Johann Gottlieb Fichte (19 Bealtaine, 1762- 27 Eanáir, 1814) a bhain cáil amach mar an té a bhunaigh an ghluaiseacht fealsúnachta ar a dtugtar Idéalachas Gearmánach, a d'fhorbair as scríbhinní theoiriciúla agus eiticiúla Immanuel Kant. Le déanaí, tuigeann fealsúna agus scoláirí gur fealsamh tábhachtach ina cheart féin é Fichte, mar gheall ar a chuid léargas bunaidh ar nádúr na féinchomhfhiosachta nó na féinfheasachta. Ba thionscnóir Fichte den téis-friththéis-sintéis,[1] an smaoineamh a luaiter leis go minic, go hearráideach i leith Hegel.[2] Cosúil le Descartes agus Kant roimhe, spreag fadhb na suibiachtúlachta agus na comhfhiosachta é. Scríobh Fichte, freisin, faoin fhealsúnacht pholaitiúil; tá clú agus cáil air mar cheann de haithreacha an náisiúnachais Ghearmánaigh.

Beathaisnéis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunúis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Fichte i Rammenau, Uachtair Lusatia. Mac fhíodóra ribín,[3] ab ea é a tháinig ó stoc tuathánach, a bhí ina gcónaí sa réigiún leis na glúnta. Bhí an teaghlach iomráiteach sa chomharsanacht as a chuid ionracais agus cráifeachta. Phós Christian Fichte, athair Johann Gottlieb beagán os cionn a chéimíochta. Tá sé ráite go bhfuair Fichte a chuid mífhoighne féin le hoidhreacht óna mháthair.

Fuair Fichte Óg buntúis a chuid oideachais ó a athair. Go luath, léirigh sé cumas iontach, ach ab é agus mar gheall ar a cháil, i measc mhuintir an bhaile, fuair sé an deis le haghaidh oideachais níos fearr ná a mbeadh duine ag dúil leis. Téann an scéal ar aghaidh gur tháinig an Freiherr von Militz, úinéir talún faoin tuath, ró-dhéanach chun seanmóra an tsagart áitiúil a chloisteáil. Tugadh le fios dó, áfach, go raibh buachaill sa chomharsanacht a bheadh in ann an tseanmóir, beagnach focal ar fhocal, a athrá arís. Mar thoradh air sin, ghlac an barún an buachaill isteach faoi a chúram, rud a chiallaigh gur íoc sé as a chuid teagaisc.[4]

Luath-Scolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh Fichte chuig teaghlach an tsagairt Krebel ag Niederau , in aice le Meissen agus fuair sé bunoiliúint chríochnúil sna Clasaicigh. Ón uair seo ar aghaidh, is annamh a bhfhaca Fichte a thuismitheoirí. I mí Dheireadh Fómhair 1774, bhí mé ag freastal ar an bhonn-scoil cháiliúil ag Pforta, in aice le Naumburg. Tá an scoil seo bainteach le hainmneacha na Novalis, August Wilhelm Schlegel, Friedrich Schlegel agus Nietzsche. Bhí spiorad na hinstitiúide leathmhainistreach agus, cé go raibh an t-oideachas dén scoth, táthar in amhras cibé an raibh saol sóisialta go leor agus teagmháil leis an domhain i gcomhair dalta de mheon agus réamhtheachtaithe Fhichte. B'fhéidir gur neartaigh a chuid oideachais claonadh i dtreo inbhreathnaithe agus neamhspleáchais, gnéithe a bhíonn le feiceáil go láidir ina chuid teagasc agus scríbhinní.

Staidéir diagachta agus teagasc príobháideach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1780, thosaigh mé ag staidéar san chliarscoil diagachta ag Ollscoil Jena. Aistríodh é, bliain ina dhiaidh sin, chun staidéir a dhéanamh in Ollscoil Leipzig. Dealraíonn sé gur thacaigh Fichte leis féin ag an tréimhse seo de bhochtaineacht shearbh agus streachailt chrua. Lean Freiherr von Militz ag tabhaitr tacaíochta dó, ach nuair a fuair sé bás sa bhliain 1784, bhí ar Fichte deireadh ró-luath a chur ar a chuid staidéir, gan a chéim a chríochnú.[5]

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Oibreacha roghnaithe i nGearmáinis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Wissenschaftslehre[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Ueber den Begriff der Wissenschaftslehre oder der sogenannten Philosophie (1794)
  • Grundlage der gesamten Wissenschaftslehre (1794/1795)
  • Wissenschaftslehre nova methodo (1796–1799: "Halle Nachschrift," 1796/1797 and "Krause Nachschrift," 1798/1799)
  • Versuch einer neuen Darstellung der Wissenschaftslehre (1797/1798)
  • Darstellung der Wissenschaftslehre (1801)
  • Die Wissenschaftslehre (1804, 1812, 1813)
  • Die Wissenschaftslehre, in ihrem allgemeinen Umrisse dargestellt (1810)

Oibreacha eile i nGearmáinis[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Versuch einer Critik aller Offenbarung (1792)
  • Beitrag zur Berichtigung der Urteile des Publikums über die französische Revolution (1793)
  • Einige Vorlesungen über die Bestimmung des Gelehrten (1794)
  • Grundlage des Naturrechts (1796)
  • Das System der Sittenlehre nach den Principien der Wissenschaftslehre (1798)
  • "Ueber den Grund unsers Glaubens an eine göttliche Weltregierung" (1798)
  • "Appellation an das Publikum über die durch Churf. Sächs. Confiscationsrescript ihm beigemessenen atheistischen Aeußerungen. Eine Schrift, die man zu lesen bittet, ehe man sie confsicirt" (1799)
  • Der geschlossene Handelsstaat. Ein philosophischer Entwurf als Anhang zur Rechtslehre und Probe einer künftig zu liefernden Politik (1800)
  • Die Bestimmung des Menschen (1800)
  • Friedrich Nicolais Leben und sonderbare Meinungen[6] (1801)
  • Philosophie der Maurerei. Briefe an Konstant (1802/03)
  • Die Grundzüge des gegenwärtigen Zeitalters (1806)
  • Die Anweisung zum seligen Leben oder auch die Religionslehre (1806)
  • Reden an die deutsche Nation (1807/1808)
  • Das System der Rechtslehre (1812)

Nótaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. "Review of Aenesidemus" ("Rezension des Aenesidemus", Teimpléad:Interlanguage link multi, February 11–12, 1794).
  2. Robert C. Solomon, In the Spirit of Hegel, Oxford University Press, p. 23.
  3. Wikisource-logo.svgTeimpléad:Cite NIE
  4. Wikisource-logo.svgTeimpléad:Cite Americana
  5. "Fichte: Early Philosophical Writings" (1993). Cornell University Press. 
  6. English translation: Friedrich Nicolai's Life and Strange Opinions.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Daniel Breazeale. "Fichte's Aenesidemus Review and the Transformation of German Idealism" The Review of Metaphysics, 34 (1980–81): 545–68.
  • Daniel Breazeale agus Tom Rockmore (eds.). Fichte: Historical Contexts/Contemporary Controversies. Atlantic Highlands: Humanities Press, 1994.
  • Daniel Breazeale agus Tom Rockmore (eds.), Fichte, German Idealism, and Early Romanticism, Rodopi, 2010.
  • Daniel Breazeale. Thinking Through the Wissenschaftslehre: Themes from Fichte's Early Philosophy. Oxford: Oxford University Press, 2013.
  • Ezequiel L. Posesorski. Between Reinhold and Fichte: August Ludwig Hülsen's Contribution to the Emergence of German Idealism. Karlsruhe: Karlsruher Institut Für Technologie, 2012.
  • Sally Sedgwick. The Reception of Kant's Critical Philosophy: Fichte, Schelling, and Hegel. Cambridge: Cambridge University Press, 2007.
  • Violetta L. Waibel, Daniel Breazeale, Tom Rockmore (eds.), Fichte and the Phenomenological Tradition, Berlin: Walter de Gruyter, 2010.
  • Günter Zöller. Fichte's Transcendental Philosophy: The Original Duplicity of Intelligence and Will. Cambridge: Cambridge University Press, 1998.