Jump to content

Joe Mitchell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Mitchell
Beathaisnéis
BreithCaerfyrddin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TeangachaAn Bhreatnais, Béarla, an Ghaeilge agus an Araibis
Saothar
Saothar suntasach
sean-fhoirgneamh de ghaineamhchloch
Yr Hen Goleg (An Sean-Choláiste), áras de chuid Ollscoil Aberystwyth

Is Breatnach é Joe Mitchell a thiomsaigh an chéad fhoclóir cuimsitheach Breatnais–Gaeilge dar cuireadh i gcló riamh.[1][2][3]

Is i gCaerfyrddin sa Bhreatain Bheag a rugadh Mitchell agus tógadh in Abererch agus i dTuaisceart Chaerdydd é. D'aistrigh sé go dtí Aberystwyth ní ba dhéanaí.[1][2][3]

Bhí Béarla ag Mitchell ón gcliabhán agus d'fhoghlaim sé an Bhreatnais den chéad uair sa naíscoil in Abererch Pwllheli. Chabhraigh a bhean go mór lena chuid Breatnaise a fheabhsú i gcaitheamh na mblianta nó bhíodh a chuid cainte "beagáinín ró liteartha" go dtí sin a deir sé.[2] Tá scil aige san Araibis freisin.[4]

B'as Corcaigh do shin-seanmháthair an Mhistéalaigh. D'imigh sí ar an mbád bán agus í ina leanbhín óg aimsir na Gorta Móire agus deir Mitchell go bhfuil dáimh faoi leith aige leis an nGaeilge dá réir: "Bhraitheas go raibh mé in ann an stair a thuiscint agus an teanga a shealbhú de réir mar a bhí na focail agus na frásaí á bhailliú agam taobh le chéile i gcomhair an fhoclóra."[2]

Thosaigh Mitchell ag foghlaim na Gaeilge an chéad lá sa bhliain 1989 i gCaerdydd agus Barra Tóibín mar mhúinteoir aige. Bhíodh imeachtaí sóisialta ag gabháil leis na ranganna ar bhain na foghlaimeoirí misneach astu agus spreagadh an Tóibíneach chun pinn iad, chun aistrithe, agus chun foilsithe.[1][2] Bhain an Mistéalach céim máistreachta sa Ghaeilge amach in Ollscoil Aberystwyth sa bhliain 2005 faoin Ollamh Sims-Wiliams, Dr Will Mahon, Dr Diarmuid Johnson, agus Dr Ian Hughes.[2][1][5]

Chas bean ó Bow Street le Mitchell agus an bheirt acu ina n-ábhar múinteoirí in Aberystwyth agus tá siad ina lánúin leis na blianta. Luann sé mar a "eagarthóir neamhoifigiúil" í.[2] Tá Gaeilge aici freisin agus go deimhin tá sí ar cheann de na teangacha a labhraíonn an bheirt acu lena gclann ó bhíodar sin ina ngasúir, cé gur teaghlach Breatnaise iad den chuid is mó.[1][4] I ngeall air sin ach go háirithe, agus ar an gcomhluadar eile a bhí ann agus é féin ina chónaí ann freisin, thug Diarmuid Johnson "mionGhaeltacht" ar phobal beag na Gaeilge in Aberystwyth.[3][4]

Tá sealanna caite ag Mitchell i mbun múinteoireachta agus ag obair leis na leabharlanna i gCo. Ceredigion. Is in Aberystwyth a chas sé lena bhean den chéad uair agus iad ina n-ábhar oidí.[3][2]

"Saothar Mór Joe Mitchell" is ea an Foclóir Breatnais-Gaeilge a chuir sé i dtoll a chéile.[3] Is é an chéad leabhar dá leithéid é dar foilsíodh riamh agus chaith sé blianta maithe á thiomsú.[3][1][2][4] Más "rud thar a bheith dána" dó, i bhfocail an Mhistéalaigh féin, foclóir dátheangach a scríobh agus gan ceachtar acu mar chéad teanga aige, is "saothar breá" é dar leis an eagarthóir comhairleach, a bhfuil an dá theanga aige féin ó bhí sé ina ghasúr.[4] Cuireann Mitchell béim ar an gcaoi gur féidir leis an léitheoir dul caol díreach ón mBreatnais go Gaeilge gan dul i muinín an tríú teanga, agus deir sé go bhfuil súil aige go mbainfidh cainteoirí an dá theanga tairbhe as an dua a chaith sé leis.[1][2]

Nuair a thug an Mistéalach faoin nGaeilge den chéad uair, bhí an Bhreatnais ag roinnt mhaith daoine sa rang agus bhaineadar tairbhe as an gcaoi ar tharraing an múinteoir aird na ranga ar ghnéithe coitianta idir an dá theanga.[2] Ainneoin sin, bhí na leabhair féin i mBéarla – ní raibh téacsleabhar ná foclóir ar fáil don chainteoir Breatnaise a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. "Shíl mé gur dheas an rud é go mbeadh ábhar ar fáil agus thosaigh mé leis sin" a deir sé.[1][2] Tháinig feabhas áirithe ar an scéal idir an dá linn le foilsiú Dysgu Gwyddeleg agus Lexicelt.org ach níl sárú fhoclóir an Mhistéalaigh ar fáil ó thaobh fairsinge de.[2]

Aistriúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Mitchell tar éis roinnt gearrscéalta de chuid Mháirtín Uí Chadhain aistrithe go Breatnais chomh maith le léachtaí nó aistí dá chuid.[1][5][2]