Seosamh Ó Cainín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Joe Canning)
Infotaula de personaSeosamh Ó Cainín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Deireadh Fómhair 1988
35 bliana d'aois
Port Omna, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1.88 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
UrraitheoirRed Bull GmbH Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
2004- CLG Phort Omna
2008- Foireann Sinsir Iomána na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínOilibhéar Ó Cainín
Gradam a fuarthas

Twitter: JoeyCan88 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iománaí é Seosamh Ó Cainín, nó Joe Canning mar a thugtar air i mBéarla. As Port Omna i gContae na Gaillimhe dó agus imríonn sé mar thosaí leis CLG Port Omna agus le foireann CLG Chontae na Gaillimhe. Thosaigh sé ag imirt le sinsir na Gaillimhe sa bhliain 2008 i rith an tsraithchomórtais iománaíochta agus bhí sé ina imreoir tábhachtach dóibh ó shin. Ceaptar go bhfuil sé ar cheann de na hiománaithe ab fhearr riamh agus is máistir i mbun a cheirde é nuair a bhíonn sé faoi lán seoil i bPáirc An Chrócaigh.[1]

Bhuaigh Seosamh boinn Uile Éirinn ag leibhéal mionúir, faoi-21 agus sinsir le Gaillimh agus chomh maith leis sin, tá sé ina bhuaiteoir ar Chraobh Laighean agus An Sraith Iomána Náisiúnta. Ag leibhéal na gclub, bhuaigh sé 5 craobh an chontae agus bhí sé ina bhuaiteoir ar 4 Craobh Shinsear Iomáint Chlub na hÉireann leis an mbua is déanaí i 2014 in aghaidh Raonaithe Stua Laighean.[2]

Chomh maith leis na boinn a bhuaigh sé lena fhoireann, tá roinnt gradam pearsanta faighte ag Ó Cainín as ucht a chuid éachtaí aonair. Ba é “Imreoir Óg na Bliana” ina chéad séasúr ag imirt sa chraobhchomórtas in 2008. Go dtí seo, tá 4 ghradam All Star aige agus bhuaigh sé “Imreoir na Bliana” in 2017. Bhí sé san áireamh ar Fhoireann Chorn Mhic Ghiobúin na hAoise agus ar an bhfoireann is fearr i nGaillimh le caoga bliain anuas.[1]

Scéal a bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seosamh Ó Cainín i bPort Omna i 1988 go tuismitheoirí Seán agus Josephine. Tá traidisiún mór iománaíochta ina theaghlach go háirithe maidir le Port Omna. D’imir a uncail Frank Ó Cainín trí bliana mionúir sna seascaidí agus bhí sé ar fhoireann sinsir iománaíochta na Gaillimhe freisin.[1] Is deartháir le Séamus, Frank, Davy, Ollie, Ivan agus Deirdre é. D'éirigh le gach duine de na siblíní sin dul ar aghaidh chun bonn Uile-Éireann a bhuachan ag leibhéal club nó idirchontae i gcúrsaí iománaíochta nó camógaíochta. D'imir Ollie d'iománaithe sinsearacha na Gaillimhe agus bhí sé ina chaptaen orthu agus bhuaigh sé ceithre ghradam All Star, agus d'imir Deirdre d'fhoireann camógaíochta an chontae freisin. Gan dabht, tháinig grá iománaíochta óna theaghlach. Briseann an dúchas trí shúile an chait, mar a deir an seanchas.[3]

Saol lasmuigh den spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Seosamh ar an scoil áitiúil: Scoil Mhuire Gortanumera.[4] Tar éis a thréimhse ansin, d'imigh sé ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar ghnó agus ar mhargaíocht ag Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh. Oibríonn Seosamh i gcúrsaí caidrimh poiblí agus gnó ag an am seo, ag obair le Camille Thai, agus is ambasadóir branda é do Red Bull. Chomh maith leis sin, i mí Meán Fómhair 2010, ceapadh Seosamh mar Ambasadóir do UNICEF Ireland. Thaistil sé thar lear leis an gcarthanas seo ar thuras go Aleppo sa tSiria.[2]

Saol mar Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn Seosamh le Port Omna agus glactar leo mar cheann de na clubanna iomána is láidre a bhí ann ó thús an C.L.G. Thosaigh Seosamh amach lena chlub go hóg agus d'imir sé leo gach leibhéal faoi aois. D'imir sé leis an bhfoireann sinsir den chéad uair i gCraobh an Chontae in 2004. Bhí sé cúig bliana déag d'aois. D'imir sé mar lántosaí sa chúinne i gcoinne Béal Átha na Rí sa chraobh an bhliain sin. Faraor chaill sé 0-15 i gcoinne 0-13.[1] [5]

In 2005, bhain Port Omna craobh an chontae amach don tríú huair as a chéile. Bhí Seosamh anois ag imirt sa chraobh don dara huair. D'aimsigh Seosamh 1-11 sa chluiche seo, a chabhraigh go mór le Port Omna an bua a fháil, 3-21 in aghaidh 3-12.[6] Ba é seo an dara huair riamh don chlub craobh an chontae a bhuachan agus an chéad uair do Sheosamh bonn órga an chontae a bhaint amach.[1] Roimh dheireadh na bliana, bhí bonn bainte amach aige dó féin chomh maith agus é mar phríomhscórálaí ag Port Omna nuair a bhuadar ar Ceithre Bhóthar 2-22 i gcoinne 0-6 i gCraobh Chonnacht.[7] Bhí ról lárnach ag Seosamh chomh maith nuair a bhuaigh a chlub Craobh na hÉireann i gcoinne Baile Nua an tSeanna Droma ar an 17ú Márta 2006. D'aimsigh Seosamh 1-6, bhuaigh sé an gradam “Laoch an Chluiche” agus an scór deiridh a bhí ann ná 2-8 i gcoinne 1-6.[8]

Ollie Ó Cainín ag glacadh an corn Craobh Sinsear Iomána Gaillimh i 2013

An bhliain dár gcionn, chaill Port Omna i gcoinne Baile Locha Ríach i gcraobh an chontae, in ainneoin iarrachtaí Uí Chainín a d'aimsigh seacht gcinn de phointí.[9]

D'éirigh le Port Omna cúrsaí a chasadh timpeall arís i 2007, nuair a bhuaigh Seosamh craobh an chontae don dara huair, agus leanadar ar aghaidh chun Craobh Chonnacht a bhaint amach freisin. Bhí Ó Cainín ag imirt mar lántosaí ar chlé nuair a d'imir sé ina thríú craobh an chontae as a chéile. D'aimsigh sé 3-4 agus bua mór ag a chlub i gcoinne Chinn Mhara, 6-12 in aghaidh 0-11.[10]

Ar an 18ú Samhna nuair a bhuaigh Port Omna ar Séamus Stíofán Mhaigh Eo, d'aimsigh Seosamh 0-5 mar chuid den bhua a bhí acu 6-23 le 0-07. Ba é seo an chraobh deireanach sa chontae san iomáint ag grád na sinsir.[11]

I gCraobh na hÉireann i bPáirc An Chrócaigh an freasúra a bhí rompu an uair seo ná Biorra, an fhoireann club ba rathúla a bhí ann riamh. Ar Lá 'le Pádraig os comhair an tslua agus an lucht féachana idirnáisiúnta, d'aimsigh Seosamh 0-10, 8 bpointí ó phocanna saora, ceann amháin a bhí píosa maith níos faide amach ná céad méadar, agus pointe amháin ó phoc sleasa.[12] Le séideadh na feadóige deiridh, bhí an dara bonn Uile Éirinn buaite ag Seosamh, agus bhí sé mar phríomhscórálaí an chomórtais an uair seo le 1-24 aimsithe aige.[1]

Ar an dara lá de mhí na Samhna 2008, bhuaigh Seosamh a thríú craobh contae nuair a chaill Gort Inse Guairesa chraobh. 1-18 i gcoinne 2-7.[13] Bhain Port Omna Craobh na hÉireann amach arís, an uair seo bhí De La Salle mar fheasúra acu. Bhí bua gan mórán stró acu 2-24 i gcoinne 1-8 agus bhí an lámh in uachtar ag Seosamh agus Port Omna don tríú huair.[14] Bhí tionchar mór ag Seosamh ar an gcluiche agus d'aimsigh sé 9 bpointí agus é ag imirt mar lántosaí.[1]

Nuair a bhuaigh Port Omna ar Bhaile Locha Ríach i gcraobh an chontae ar 15ú Samhna 2009, d'aimsigh Seosamh 1-10 ó phocanna saora.[15] Lean Port Omna ar aghaidh agus bhaineadar Craobh na hÉireann amach arís. Bhí deis iontach acu iad féin a dhaingniú sna leabhair staire, ní raibh trí chraobh club as a chéile buaite ag aon fhoireann riamh. D'aimsigh Seosamh 10 bpointí ach ní raibh an lá leo an uair seo agus bhí an bua ag Seamróga Bhaile Éill 1-19 i gcoinne 0-17.[16]

Dathanna C.L.G. Port Omna

Ar an 28ú Deireadh Fómhair 2013, bhuaigh Seosamh craobh an chontae don chúigiú huair. Um a dtaca seo bhí sé ag imirt mar leath-thosaí ar chlé. Bhuaigh Port Omna le scór 3-12 i gcoinne 0-14 in aghaidh Baile Locha Ríach. D'aimsigh Seosamh 1-5.[17] Bhaineadar Craobh na hÉireann amach arís agus ar Lá 'le Pádraig 2014 chuir Seosamh bonn uile Éirinn eile ina phóca, an uair seo d'aimsigh sé 10 bpointí. Bhuaigh Port Omna ar Raonaithe Stua Laighean 0-19 i gcoinne 0-11.[18]

Ar an 14ú Nollag, d'aimsigh Seosamh 0-06 nuair a chaill sé féin agus a chlub i gcoinne Gort i gcraobh an chontae na bliana sin.[19]

Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2007 bhí Seosamh mar bhall d'fhoireann na hinstitiúide don chéad uair. Bhuaigh sé Corn Mhic Ghiobúin leo nuair a bhfuaireadar an ceann is fearr ar Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh sa chraobh 2-15 le 0-13.[20]

Bhí sé mar aidhim ag L.I.T an corn a bhuachaint dhá uair as a chéile i 2008 agus thuilleadar áit amach dóibh féin sa chraobh in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Port Láirge. Cé gur éirigh le Ó Cainín éacht a dhéanamh agus 1-16 a aimsiú, níor éírigh leo an bó a chuir thar abhann.[21]

Cé nár bhuaigh Seosamh ach craobh amháin amach agus é ag imirt ag an tríú leibhéal, ainmníodh mar sin féin é ar Fhoireann an Chéid don Chorn Mhic Ghiobúin I 2012. Ainmníodh mar lán tosach é.[22]

Ag Imirt lena Chontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mionúir agus Faoi 21[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suaitheantas na Gaillimhe

D'imir Seosamh le Gaillimh don chéad uair agus é ag imirt leis na mionúir. Ní raibh sé ach cúig bliana déag d'aois nuair a d'imir sé leo i Mí Lúnasa 2004. D'aimsigh sé 1-1 agus bhí an bua aige ar Chorcaigh, sa leathchraobh, 2-15 le 1-13.[23]

Sa chraobh le Cill Chainnigh, níor aimsigh sé ach cúilín amháin agus bhí có-scór ann ag deireadh an lae ar an 12ú Meán Fómhair. D'éirigh le Gaillimh teacht tríd san athimirt tar éis dianchoimhlint le scór 0-16 in aghaidh 1-12 agus dá bharr seo bhí Craobh na hÉireann Faoi 18 buaite ag Seosamh don chéad uair.[24]

Ar an 11ú Meán Fómhair 2005 bhí Seosamh ag imirt mar lan tosaí sa chúinne agus é ar ais i gcraobh na hÉireann arís. Ba é an príomhscórálaí dá chontae é, ag aimsiú 1-3 dó féin mar chuid den scór iomlán 3-12 in aghaidh 0-17 a d'aimsigh Luimneach.[25]

Ceapadh Seosamh ina chaptaen don chraobh 2006, agus bhí Gaillimh ag iarraidh an tríú craobh as a chéile a bhuachaint. Ní raibh Craobh na hÉireann buaite ag éinne trí uaire as a chéile ón uair gur bhain Jimmy Doyle sin amach i 1957.[26] Chríochnaigh Gaillimh sa dara háit ar an lá seo, bhí an bua ag Tiobraid Árann orthu 2-18 in aghaidh 2-07. D'aimsigh Seosamh 0-5. D'fhógair Ó Cainín níos déanaí go raibh sé de cheart agus de chumas ag an bhfoireann taispeántas níos  fearr ná sin a thabhairt sa chluiche sin.[1]

Ar an 19ú lá Lughnasa, agus é fós ina bhall den fhoireann mionúir, tháinig Seosamh chun párce leis an bhfoireann faoi 21 don chéad uair. Tháinig sé chun páirce mar fhear ionaid i gcoinne Chill Chainnigh agus léirigh sé a chuid scileanna ar fad ag aimsiú 2-4. Chaill Gaillimh Leathchraobh na hÉireann an lá sin, 1-24 le 2-12.[27]

Bhí uimhir a 14 ar a dhroim aige nuair a d'imir Seosamh i gCraobh na hÉireann Faoi 21 ar an 8ú lá Meán Fómhair 2008. Bhuaigh Gaillimh ar Bhaile Átha Cliath an lá sin 5-11 le 0-12 agus d'aimsigh Seosamh 0-3. Níor bhuaigh Seosamh Craobh na hÉireann ag an leibhéal faoi 21 ach uair amháin.[28]

Sna bliannta a bhí fágtha aige ag imirt faoi 21 chaill Gaillimh sa leathchraobh faoi dhó. Bhí Seosamh ina chaptaen I 2009 nuair a d'imir sé ina fheachtas deireanach faoi 21.[29]

Sinsear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí clú agus cáil ar Sheosamh tar éis dó a chud cumais ag nochtú don saol iománaíochta agus é ag imirt faoi aois. Bhí súil ag an bpobal go mbeadh e ag imirt le foireann shinsear a chontae go luath. Tugadh cuireadh dó imirt le Sinsear na Gaillimhe i 2006, agus iad i gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh Cill Chainnigh. Bheartaigh sé díriú ar an ról a bhí aige mar chaptaen ar an bhfoireann mionúir. Chaill na sinsear an cluiche seo, agus mar gheall ar seo fuair bainisteoir na foirne, Conor Hayes bata agus bóthar ón bpost sin.[1]

Arís i 2007 beartaigh Seosamh gan dul ag imirt leis an bhfoireann shinsear, ach bhí daoine ag glacadh leis go mbeadh sé mar chuid den fhoireann i 2008, a bhí anois faoi stiúir Ger Loughnane. Thug Ó Cainín tús áite dá chlub go luath i 2008 ach tar éis do Phort Omna an beart a dhéanamh ar Lá 'le Pádraig ghlac sé le háit ar an bpainéal chomh maith le neart imreoirí eile óna chlub féin.[1]

Ar an 13ú Aibreáin 2008 d'imir sé a chéad chluiche ag grád na sinsear le Gaillimh. Chaill Gaillimh i gcoinne Corcaigh an lá áirithe sin 2-22 le 0-24 ach bhí ábhair dóchais ann agus Seosamh ag aimsiú 0-4 le poc sleasa amháin san áireamh.[30] Ar an 20ú lá Aibreáin agus é mar lán tosach ar chlé d'aimsigh Ó Cainín 1-6 i gCraobh na Sraithe. Bhuaigh Tiobraid Árann orthu le scór 3-18 in aghaidh 3-16.[31]

Ar an 28ú lá Meithimh na bliana sin tháinig Seosamh chun páirce sa chraobhchomórtas don chéad uair. D'aimsigh sé 2-6 agus Gaillimh ag tabhairt léasadh do Aontroim, 6-21 le 1-10.[32] Bhuaigh sé All Star agus an gradam “Imreoir Óg na Bliana i 2008.[33]

I gCraobhchomórtas na hÉireann i 2009 ba é Seosamh an príomhscórálaí le 3-46. Bhuaigh sé gradam Allstar eile dó féin, mar lán tosach.[34]

Ar an dara lá Bealtaine, 2010 bhí Seosamh arís mar lán tosach agus chruinnigh sé 1-5 dó féin nuair a chaill Gaillimh i gcoinne Corcaigh sa Chraobh Sraithe 2-22 in aghaidh 1-17.[35]

Ar an 4ú lá Iúil d'imir Ó Cainín i gCraobh Laighean don chéad uair. Bhí an lámh in uachtar ag Cill Chainnigh orthu le scór 1-19 in aghaidh 1-12.[36] Ag deireadh na bliana sin bhí Seosamh mar phríomhscórálaí a chontae arís. Bhí sé san iomaíocht le haghaidh Allstar eile chomh maith.[37]

I 2011 ní raibh feachtas ró-iontach ag Gaillimh sa tsraith nó sa chraobh, ach ag deireadh na dála, ainmníodh Seosamh ar an ngearrliosta le haghaidh na hAllstars arís.[38][39]

Ar an 8ú lá Iúil 2012 d'aimsigh Seosamh 1-10 nuair a bhuaigh Gaillimh ar Chill Chainnigh I gCraobh Laighean le scór 2-21 in aghaidh 2-12. Ní raibh sé seo déanta ag Gaillimh riamh roimhe seo.[40] Bronnadh an gradam “Laoch an Chluiche” air chomh maith. Cill Chainnigh a bhí rompu i gCraobh na hÉireann na bliana sin freisin, agus bhí có-scór ann sa chraobh ar an 7ú lá Meán Fómhair.[41] Chuir Ó Cainín puc saor thar an trasnán go déanach sa chluiche le deis eile a thabhairt don Ghaillimh. San áth-imirt bhí fonn díoltais ar na Cait, in ainneoin iarrachtaí Uí Chainín a d'aimsigh 9 bpointí chaill Gaillimh 3-22 in aghaidh 3-11 rud a chinntigh go raibh greim go fóill ag Cill Chainnigh ar an gcorn.[42] Bhuaigh Seosamh gradam Allstar eile ag deireadh na séasúra.[43]

Ar an 7ú Iúil chaill Gaillimh in aghaidh Baile Átha Cliath 2-25 i gcoinne 2-13 i gCraobh Laighean. D'aimsigh Seosamh 1-7.[44] Caithfear a admháil nach raibh feachtas ró-iontach ag Seosamh le linn 2013, agus theip air fiú áit a bhaint amach ar an ngearrliosta do na hAllstars.[1]

I 2014 bhí Seosamh mar chaptaen ar an bhfoireann agus shroicheadar Craobh Laighean, in aghaidh Cill Chainnigh.[45] Beidh cuimhne go deo ar an gcúl a d'aimsigh sé an lá sin. Le 33 nóiméad imithe ar an gclog agus é casta timpeall an treo mícheart tháinig an sliotar ina threo. Rug sé ar an liathróid le lámh amháin, a chorp chéanna féin ag casadh agus de scaoil sé iarracht chumhachtach thar Eoin Murphy. Chaill Gaillimh 1-23 in aghaidh 2-17.[46] Sa chraobh ar an 6ú lá Meán Fómhair chailleadar arís in aghaidh Chill Chainnigh. 1-22 in aghaidh 1-18 an scór deiridh  a bhí eatarthu.[47] D'aimsigh Seosamh 1-8. Sa chomórtas ar fad d'aimsigh sé 5-55, rud a d'fhág mar phríomhscórálaí arís é.[48]

Seosamh Ó Cainín ar aghaidh Conal Keaney i rith na Sraith Iomána Náisiúnta 2015.

Ar an tríú lá Iúil d'aimsigh Seosamh 0-6 nuair a bhuaigh Cill Chainnigh orthu 1-26 in aghaidh 0-22.[49] I Mí Lúnasa, nuair a bhí rás na Gaillimhe rite sa chomórtas, d'imigh Seosamh faoin scian chun gortú ar mhatán ina chos a shocrú.[50]

D'fhill Seosamh ón ngortú seo ar an 19ú Feabhra 2017. Tháinig sé chun páirce mar fhear ionaid sa dara leath i gcoinne Loch Gormáin. D'aimsigh sé cúl ó phuc éirice ach chaill Gaillimh 3-13 in aghaidh 1-21.[51] Lean Gaillimh ar aghaidh agus bhuadar an sraithchomórtas sin, le bua acu ar Thiobraid Árann sa chraobh 3-21 in aghaidh 0-14.[52] D'aimsigh Seosamh 9 bpointí. Bhain Gaillimh áit amach i gCraobh Laighean agus bhuadar é seo, i gcoinne Loch Gormáin. Le taispeántas eile den scoth d'aimsigh Ó Cainín 10 bpointí agus chríochnaigh cúrsaí 0-26 in aghaidh 2-17.[53] Lean Gaillimh ar aghaidh agus bhaineadar Craobh na hÉireann amach. Bhí uair na cinniúna buailte leo! Port Láirge a bhí mar fhreasúra acu sa chraobh agus an dá chontae ag iarraidh deireadh a chur leis an ngorta a bhí acu le fada an lá anuas. Bhí an lá le Gaillimh, 0-26 in aghaidh 2-17 agus chabhraigh Seosamh go mór lena chontae an chéad chraobh a bhuachaint le 29 bliain.[54] Bhuaigh sé gradam Allstar agus an gradam mór le rá, “Imreoir na Bliana”.[55]

Thug bainisteoir na Gaillimhe Micheál Donoghue le fios i Mí na Samhna 2017 go raibh Ó Cainín ag teacht ar ais chuige féin tar éis dó dul faoin scian arís.[56] D'fhill sé ar an traenáil in Earrach na bliana 2018, ach níor éirigh leis imirt sna cluichí luath sraithe agus bhí tionchur diúltach ag a chuid gortaithe air don tséasúr ar fad.[57] D'éirigh leis 0-6 a aimsiú sa chó-scór a bhí ag an nGaillimh le Cill Chainnigh i gCraobh Laighean.[58] Seachtain tar éis seo d'aimsigh sé 0-10 agus bua ag an nGailleamh 1-28 in aghaidh 3-15.[59] Bhí Seosamh roghnaithe mar leaththosaí sa lár nuair a bhí siad féin agus Luimneamh ag bualadh lena chéile sa leathchraobh.[60] Bhí iarracht ag Ó Cainín in am breise chun an cluiche a chothromú. Theip air, bhí a iarracht róghairid.[61] Bhuaigh Seosamh Allstar eile i 2018. Ainmníodh mar leaththosaí sa lar é.[62]

Ar an 19ú Márta 2019 d'fhulaing Seosamh drochghortú dá bhléin. Bhí gá le hoibréad eile, choimeád sé seo ar an taobhlíne é ar fáidh tréimhse fada. D'fhill sé ar an bpáirc imeartha i Meitheamh na bliana sin. Chaill Gaillimh in aghaidh Baile Átha Cliath sna babhtaí luath de chraobh chomórtas Laighean, rud a chuir deireadh le feachtas na don bhliain sin.[63]

Idircontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann Bliain Sraith Iomána Náisiúnta Laighin Craobh na hÉireann Iomlán
Roinn Taispeantais Scór Taispeantais Scór Taispeantais Scór Taispeantais Scór
Gaillimh 2008 Roinn 1A 2 1-10 0 0-00 3 4-27 5 5-37
2009 Roinn 1 2 0-15 2 3-19 3 0-27 7 3-61
2010 2 1-07 4 3-13 1 1-05 7 5-25
2011 1 1-06 2 1-06 3 2-25 6 4-37
2012 Roinn 1A 2 2-19 2 1-21 3 1-29 7 4-69
2013 6 2-48 2 1-18 1 0-07 9 3-73
2014 1 0-01 3 2-06 1 0-05 5 2-12
2015 4 1-23 4 4-32 3 1-23 11 6-78
2016 6 1-52 3 0-22 2 1-13 11 2-87
2017 Roinn 1B 7 3-47 3 0-26 2 0-20 12 3-93
2018 2 0-11 5 1-48 3 1-30 10 2-89
2019 6 0-57 0 0-00 0 0-00 6 0-57
Iomlán gairme 41 12-296 30 16-211 25 11-211 96 39-718


Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Institiúid Teicneolaíochta Luimneach:
  • Corn Mhic Ghiobúin (1): 2007


Port Omna
  • Craobh Shinsear Iomáint Chlub na hÉireann (4): 2006, 2008, 2009, 2014
  • Craobh Sinsir Iománaíochta Connachta na gClub (2): 2005, 2007
  • Craobh Sinsear Iomána Gaillimh (5): 2005, 2007, 2008, 2009, 2013


Galimh
  • Craobh Shinsear Iomána na hÉireann (1): 2017
  • Craobh Iomána Laighin (3): 2012, 2017, 2018
  • Sraith Iomána Náisiúnta (2): 2010, 2017
  • Craobh Iomána Fé-20 na hÉireann (1): 2007
  • Craobh Iomána Mionúr na hÉireann (2): 2004, 2005


Gradaim pearsannta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Iomanaí na Bliana i nGradam Allstar (1): 2017
  • Iomanaí óg na Bliana i nGradam Allstar (1): 2008
  • Gradam Allstar(5): 2008, 2009, 2012, 2017, 2018
  • Corn Mhic Giobúin- foireann an chéad: 1912–2012
  • Foireann na Gaillimhe is fearr le caoga bliain: 1962–2012

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 PeoplePill. "Joe Canning: Irish hurler - Biography and Life" (en-US). peoplepill.com. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  2. 2.0 2.1 Mikie O'Loughlin (2018-11-02). "Galway's Joe Canning dating famous Irish star after complicated romantic past". rsvp. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  3. "Profile: Joe Canning – Galway's most gifted marksman" (en-GB). Extra.ie (2018-11-30). Dáta rochtana: 2020-03-24.
  4. "School Detail" (en). Department of Education and Skills. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  5. "Athenry's final flash of steel reserves is crucial" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  6. "Canning and Hayes just too hot to handle" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  7. "All one-way traffic as Portumna block off Four Roads" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  8. "Canning duo lift Portumna" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  9. "All-Ireland champs fall foul of Loughrea miracle in fiery final" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  10. "Goals give Portumna closure out of storm" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  11. "Hayes brothers lead the way in facile Portumna success" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  12. "Canning masterclass seals Portumna glory" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  13. "Portumna double hailed by Canning" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  14. "Portumna overcome De La Salle at Croker" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  15. "Goal-hungry Portumna rout Loughrea". Breaking News (2009-11-15). Dáta rochtana: 2020-03-24.
  16. "Shefflin leads Ballyhale to fifth All-Ireland title". Breaking News (2010-03-17). Dáta rochtana: 2020-03-24.
  17. "Canning key as Portumna reign Evergreen Ollie shows he's not 'over the hill' after guiding team home" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  18. "Portumna ends Mount Leinster's dreams to claim All-Ireland glory" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  19. Monday, December 15, 2014 (2014-12-15). "Walsh and Mullins get Gort over line" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  20. "Canning canes NUIG - HoganStand". hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  21. "Reid is the hero for WIT" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  22. "GAA". web.archive.org (2012-04-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-23. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  23. "Wade the destroyer as Galway minors power through to decider" (en). www.irishexaminer.com (2004-08-16). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-24. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  24. "All-Ireland Minor hurling final: Hogan the Cats’ injury-time hero" (en). www.irishexaminer.com (2004-09-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-24. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  25. "Galway glee as goals put paid to gutsy Limerick" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  26. "Kilkenny boss prepares to drop captain and own son" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  27. "Canning scares Cats" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  28. "Galway triumphant in U21 All-Ireland hurling final". Breaking News (2007-09-09). Dáta rochtana: 2020-03-24.
  29. "Hogans put Kilkenny on the brink of clean sweep" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-24.
  30. "Canning's class gives Galway the edge" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  31. "Tipperary give Cody Cats some food for thought" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  32. "Joe Canning stars on debut as Galway thrash Antrim" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  33. "Nine Kilkenny players among All-Stars" (as en) (2008-10-17). 
  34. Thursday, October 15, 2009-04:06 Pm (2009-10-15). "Cats get six All-Stars" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  35. Monday, May 03, 2010 (2010-05-03). "Galway shine brightest" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  36. "Kilkenny prove too strong for Galway" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  37. Thursday, October 04, 2012-11:16 Am (2012-10-04). "Shefflin, Murphy and Canning nominated for top hurling honour" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  38. Shane Stapleton. "Opinion: Facing injury set-back, Joe Canning still to live up to billing" (en). The42. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  39. Thursday, September 29, 2011-01:59 Pm (2011-09-29). "Kilkenny lead list of hurling All-Star nominees" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  40. "Into the West: Galway win Leinster final in stunning display" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  41. Niall Kelly. "Report: Canning holds his nerve to force All-Ireland replay" (en). The42. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  42. "Kilkenny cruise to All-Ireland at second time of asking" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  43. Thursday, October 04, 2012-11:16 Am (2012-10-04). "Shefflin, Murphy and Canning nominated for top hurling honour" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  44. Adrian Russell. "Dublin end famine with famous win over Galway at Croker" (en). The42. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  45. "Canning gets the nod from Cunningham to lead Galway into battle next year" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  46. "10 magic moments from the magical talent that is Joe Canning" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  47. "Kilkenny deliver an 11th All-Ireland for Brian Cody as Galway challenge fades away" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  48. Steve O'Rourke. "Kilkenny and Galway lead the way as 2015 hurling Allstar nominations revealed" (en). The42. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  49. "Galway challenge peters out as Kilkenny claim 71st Leinster crown in familiar style" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  50. "Galway star Joe Canning was 'a centimetre-and-a-half' away from career-ending injury" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  51. "Delight for Davy Fitz as Wexford fight back from seven points down to beat Galway in Salthill" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  52. Fintan O'Toole. "Flynn fires two goals as Galway hand out 16-point beating to Tipperary in league final" (en). The42. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  53. Kevin O'Brien. "Conor Cooney masterclass leads Galway past Wexford to their first Leinster title since 2012" (en). The42. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  54. Monday, September 04, 2017 (2017-09-04). "Emotions run high as Tribe end agonising 29-year wait" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  55. Friday, November 03, 2017-07:45 Pm (2017-11-03). "Andy Moran and Joe Canning are football and hurler of the year" (en). www.irishexaminer.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-18. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  56. Monday, November 20, 2017-10:30 Am (2017-11-20). "Joe Canning recovering from surgery" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  57. "Burke and Canning 'a few weeks off' Galway return" (as en) (2018-01-28). 
  58. "Leinster SHC final: Cats and Tribe must meet again - HoganStand". hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  59. Sunday, July 08, 2018-05:01 Pm (2018-07-08). "Galway hold their nerve against Kilkenny in Leinster final replay" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  60. Eoin Ryan (2018-08-19). "Limerick hang on against Tribe to end 45 years of pain" (as en). 
  61. "'I should have nailed it' - Joe Canning on the last-minute free from that would have forced a replay in the All-Ireland final" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  62. Friday, November 02, 2018-08:10 Pm (2018-11-02). "Here is the full list of All-Star winners" (en). www.irishexaminer.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-25. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  63. "'For a reporter to know something before I actually knew myself was a bit strange' - Joe Canning on 'fake news'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-25.